Gan aon socrú cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge i 92.5% de scéimeanna teanga

Tá an córas earcaíochta don Ghaeilge sa státseirbhís ‘neamheagraithe agus míshásúil’ de réir tuarascála nua ón gCoimisinéir Teanga

Gan aon socrú cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge i 92.5% de scéimeanna teanga

Cé go bhfuil comhlachtaí poiblí in ainm is líon na bpost acu a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo a shainaithint ina scéimeanna teanga, níor tharla a leithéid i gcás 82.5% de na scéimeanna a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.

Tá ceist na Gaeilge agus na hearcaíochta sa tseirbhís phoiblí go mór sa treis sa tuarascáil taighde speisialta a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, inniu.

De réir na tuarascála ní raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga sin.

Aontaíodh i gcás nach mór trian de na scéimeanna sin, go sonrófaí poist na ‘Gaeilge’, dá mbeadh aon phost le sonrú, uair éigin le linn thréimhse feidhme na scéime nó faoi dheireadh na tréimhse sin. Cur chuige lochtach ab ea é sin, dar leis an gCoimisinéir.

“Creidimse gur drochfhasach é seo mar gurbh ionann é agus glacadh roimh ré le cibé cinneadh a dhéanfaidh an comhlacht; go bhfuiltear ag tarmligean chuig an gcomhlacht poiblí féin na freagrachta reachtúla maidir leis na socruithe atá á ndaingniú,” a deir sé.

Níor thagair trian eile de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016 ar chor ar bith do shonrú post ‘Gaeilge’.

Deir an Coimisinéir go bhfuil an ganntanas foirne le hinniúlacht sa dá theanga oifigiúla “ina phríomhchonstaic roimh chur i bhfeidhm éifeachtach Acht na dTeangacha Oifigiúla”.

“Ní féidir soláthar seirbhísí Gaeilge a dheimhniú, ná cur le méid na seirbhísí atá á gcur ar fáil ar bhonn córasach, gan foireann leis na scileanna cuí teanga,” a deir an Coimisinéir Teanga.

Deir an Coimisinéir chomh maith gur gá “struchtúr éifeachtach” a aithníonn líon nó céatadán na foirne le Gaeilge a bheadh ag teastáil “chun seirbhísí sonraithe a chur ar fáil go dátheangach,” a deir sé.

Ní féidir, a deir Ó Domhnaill “a bheith ag brath go heisiach ar chomhoibriú deonach ball foirne áirithe chun soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge a dheimhniú amach anseo”.

Léiríonn an taighde nua gur aontaigh Roinn na Gaeltachta scéimeanna teanga le dhá chomhlacht phoiblí a mhaígh nár “ghá aon phost a shonrú” mar phost a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Is gá, dar leis an gCoimisinéir “gníomhú ar bhonn práinne” chun cur le líon na ndaoine sa tseirbhís phoiblí atá inniúil sa Ghaeilge.

“Tá sé ríshoiléir, áfach, gan aon taighde breise a dhéanamh, nach bhfuil na beartais earcaíochta atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair sna hearnálacha éagsúla den státchóras ag cur le hacmhainn inniúlachta,” a deir sé.

Tá sraith moltaí déanta ag an gCoimisinéir ina thuarascáil chun dul i ngleic le cruachás na teanga sa chóras earcaíochta don státseirbhís.

Ba chóir, a deir sé, córas a thabhairt isteach, “a luaithe agus is féidir” a chinntíonn “go mbíonn íoschéatadán foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sna ranna stáit ar fad agus sna heagraíochtaí stáit is mó a mbíonn plé acu leis an bpobal”. Ba cheart an measúnú a dhéantar ar inniúlacht sa Ghaeilge a bheith bunaithe ar leithéid Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, dar leis.

Molann sé freisin go dtabharfaí córas monatóireachta neamhspleách isteach chun a chinntiú go mbeadh an córas nua ag obair agus go gcuirfí tuairisc maidir le feidhmiú an chórais faoi bhráid Thithe an Oireachtais uair sa bhliain.

“D’fhéadfaí córas den chineál seo a thabhairt isteach le cinneadh Rialtais, agus tosú á chur i bhfeidhm láithreach,” a deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Deirtear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 gur sna scéimeanna teanga ba cheart poist sa tseirbhís phoiblí a mbaineann riachtanas Gaeilge leo a shainaithint, ach níl an méid sin ag tarlú “ar aon bhealach críochnúil”, dar leis an gCoimisinéir.

“Ba é an cur chuige ba choitianta a glacadh ná go bhfágfaí faoin gcomhlacht poiblí na poist sin a shainaithint (más ann dóibh) faoi dháta éigin le linn thréimhse feidhme na scéime nó faoi dheireadh na tréimhse sin.

“Shamhlófá gur obair í seo gur chirte a bheith curtha i gcrích mar chuid d’aontú na scéime seachas faomhadh a bheith tugtha roimh ré do pé toradh a bheadh ar anailís an chomhlachta phoiblí.”

Deir an Coimisinéir nach bhfuil córas na scéimeanna teanga “ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí earcaíochta ach an oiread”.

I bhformhór na scéimeanna, is ráitis éideimhne ar dheacair iad a thomhas nó a mheá, a bhí luaite le cúrsaí earcaíochta.

Deir sé nach bhfuil an polasaí earcaíochta a tugadh isteach sa bhliain 2013 i gcás na státseirbhíse “ag feidhmiú go sásúil” agus go gcaithfear “gníomhú láithreach chun an polasaí sin a athrú”.

Deir an Coimisinéir gur “léir” dó nach bhfuil aon “plean soiléir” ná spriocanna soiléire ann maidir le ceist na Gaeilge sa chóras earcaíochta don tseirbhís phoiblí.

“Dá thoradh sin, tá córas againn atá neamheagraithe agus míshásúil. Molaim plean a ullmhú ag an leibhéal náisiúnta do sholáthar seirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge.

“In aon phlean a d’ullmhófaí, luíonn sé le réasún gur ghá an córas earcaíochta agus an soláthar foirne a scrúdú. Ní haon chúis é sin, áfach, gan céimeanna a thógáil anois chun athchothromú a dhéanamh ar líon na foirne le hinniúlacht Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí.”

Luaitear i dtuarascáil an Choimisinéara an gealltanas soiléir sa reachtaíocht teanga go gcuirfí seirbhís ar fáil sa dá theanga oifigiúla agus go gcinnteofaí, “go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla”.

Dar leis, níl an dualgas reachtúil sin á chomhlíonadh beag ná mór.     

“Ina áit sin…táthar ag brath ar acmhainn Ghaeilge na foirne a tharlaíonn a bheith ar fáil de thuras na huaire (in ionad foráil mar is ceart a dhéanamh a chinnteodh acmhainn leordhóthanach foirne le Gaeilge) agus ag tairiscint seirbhíse atá coinníollach ar chúinsí foirne,” a deir sé.

Fág freagra ar 'Gan aon socrú cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge i 92.5% de scéimeanna teanga'