Gan cheangal? Le ceangal!

In aghaidh a thola, chaith ár gcolúnaí lá gan ceangal idirlín. Ba chúis iontais agus imní dó an tionchar a bhí ag an dícheangal air

an annoyed user making fists at a computer screen

D’imigh an t-idirlíon maidin inné. Chaith mé an mhaidin ag tréipseáil na cathrach ar thóir ródaire nua agus an tráthnóna agus an oíche ag argóint le dhá líne chabhrach; tháinig an t-idirlíon ar ais, d’imigh arís, agus tháinig ar ais as a stuaim féin, go míorúilteach, maidin inniu.

San iomlán, níor chaith mé ach 24 an chloig gan idirlíon – ach ba mhillteanach an tionchar siceolaíoch agus fisiciúil a bhí ag an eachtra orm.

Fad is a bhí mé gan ceangal idirlíon, bhí mé le ceangal.

Duine deas réchúiseach mé an chuid is mó den am, ach fad is nach raibh an t-idirlíon ag obair, chaill mé mo chiall. Bhí mé mímhúinte le lucht na línte cabhrach agus – níos measa fós – le cara a bhí ag cuidiú liom cúrsaí a chur ina gceart.

Ag buacphointe na géarchéime – bhí an t-idirlíon ag obair arís ar feadh cúpla nóiméad ach d’imigh sé in athuair – rug mé ar an seanródaire ba chionsiocair leis na fadhbanna ar fad agus chaith ar an urlár é le fórsa; oiread fórsa gur scairt comharsa a bhfuil cónaí uirthi san árasán faoi m’árasánsa orm, féachaint an raibh mé ceart go leor.

Is léir nach raibh. Nílim bródúil as an iompar páistiúil a bhí fúm inné agus táim i mbun dianmhachnaimh faoi ó shin, féachaint céard ba chúis leis.

Tháinig mé ar fhreagra.

A luaithe is a d’imigh an t-idirlíon, smaoinigh mé ar na rudaí ar fad nach mbeinn in ann a dhéanamh dá n-uireasa. Ní bheinn in ann taighde a dhéanamh. Ní bheinn in ann úsáid a bhaint as foclóirí ar líne. Ní bheinn in ann ailt a sheachadadh chuig na meáin a mbím ag scríobh dóibh: i bhfocail eile ní bheinn in ann airgead a thuilleamh. Ní bheinn in ann úsáid a bhaint as na haipeanna a mbainim úsáid astu go laethúil sa saol oibre agus sa saol pearsanta.

Ní bheadh mo mháthair in ann glaoch orm trí FaceTime mar a dhéanann sí gach seachtain agus ní bheinn in ann teachtaireacht a chur chuici chun an scéal a mhíniú di. Gan dabht, uair an chloig tar éis dom an choinne sheachtainiúil FaceTime a chailleadh toisc nach raibh an t-idirlíon ag obair, chuir sí glaoch ar mo líne thalún (de bharr na srianta atá le mo phacáiste fóin agus idirlín, ní féidir liomsa glaonna a chur ar dhaoine thar lear.) ‘Shíl mé go raibh do chos briste agat agus nach bhféadfá teacht chuig an ríomhaire!’ a dúirt sí.

Chuimhnigh mé ar an abairt sin inniu, nuair a bhí an eachtra thart agus freagra á chuartú agam a mhíneodh an strus ar fad a bhain leis an lá roimhe, strus a chothaigh géarchéim imní agus tinneas cinn.

Sa lá atá inniu ann, is ionann a bheith gan ceangal idirlín agus gan a bheith in ann úsáid a bhaint as ceann de do chuid géaga.

Ach an oiread le duine ar bith atá ar comhaois liom (39), is cuimhin liom an lá nach raibh an t-idirlíon ann ar chor ar bith. Bhíomar ar fad go breá. Ach in imeacht fiche bliain tá géag bhreise fásta againn, géag fhíorúil, atá chomh tábhachtach céanna lenár n-órdóga is féidir a chur i gcoinne na méar. Ní féidir feidhmiú i gceart dá huireasa.

Sin an saol atá cruthaithe dúinn féin againn. Ach an bhfuilimid in ann don saol sin?

Fág freagra ar 'Gan cheangal? Le ceangal!'

  • PólRéamainn

    Sula phósann tú, ba chóir duit iallach a chuir ar do ghrá geal chun ríomhaire le droch-ceangal idirlín a úsáid, ansin beidh tú ábalta a fheiceáil cén sórt duine a bhfuil siad. Focail ciallmhar ó Will Ferrell

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Sílim Alex gur cheart duit agus gach duine éile lá sa tseachtain a chaitheamh gan aon úsáid a bhaint as an idirlíon.