Gan aon stad ar cheiliúradh na Gaeltachta ach briseadh croí do Mhicheál Breathnach i nGaillimh

Bhí foirne Gaeltachta san iomaíocht i gcluichí móra an deireadh seachtaine seo. Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid acu

Gan aon stad ar cheiliúradh na Gaeltachta ach briseadh croí do Mhicheál Breathnach i nGaillimh

Craobh eile tugtha leo ag an nGaeltacht

Tá gach craobh inar ghlac siad páirt in 2017 buaite anois ag foireann seo na Gaeltachta i ndiaidh dóibh an beart a dhéanamh arís ag an deireadh seachtaine. Agus Comórtas Peile na Gaeltachta, Craobh Idirmheánach Chiarraí agus Craobh na Mumhan tugtha leo acu cheana féin, bhí imreoirí agus lucht tacaíochta na Gaeltachta ag ceiliúradh arís agus an Daingean cloíte acu chun Craobh Chiarraí Thiar a bhuachan.

Bua aon phointe amháin a bhí acu, 2-4 in aghaidh 0-9, i gcluiche crua, cealgánta fisiciúil ar Pháirc an Ághasaigh inné.

Is iad an fhoireann bhaile is fearr a thosaigh agus bhí siad 0-3 in aghaidh 0-1 chun cinn agus ceathrú uaire imeartha. Tháinig an Ghaeltacht ar ais, áfach, agus fuair Dara Ó Sé dhá phointe dóibh a d’fhág chun tosaigh ag leath ama iad, 0-4 in aghaidh 0-3.

Níor éirigh leis an nGaeltacht ach dhá scór ar fad a aimsiú sa dara leath ach scóranna cinniúnacha a bhí iontu. Bhí an Daingean chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha ach bhí PJ Mac Láimh san áit ceart nuair a sábháladh iarracht Thomáis Uí Shé. Bháigh Mac Láimh san eangach í agus bhí an chéad chúl den chluiche ag an nGaeltacht.

Fuair an Daingean an chéad trí scór eile agus bhí siad chun cinn arís, 0-8 in aghaidh 1-4. agus an t-am beagnach caite. Ach tá teacht aniar i bhfoireann óg seo na Gaeltachta agus ba é an t-ionadaí, Seán Ó Bambaire an slánaitheoir acu an geábh seo. D’fhág cúl déanach an fhir ionaid gur siar thar Dhroichead an Mhuillin a rachadh an corn. Ní haon údar faoisimh don Daingean inniu é agus iad cloíte ag na comharsan i gcath fíochmhar, ach is cinnte go seasfaidh an cluiche crua seo le foireann na Gaeltachta agus aghaidh á tabhairt acu ar an Maigh as Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann san athbhliain.

Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Micheál Breathnach dícháilithe den chéad uair riamh

Den chéad uair ó 2004, ní bheidh peileadóirí Mhicheál Breathnach i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an bhliain seo chugainn tar éis dóibh cluiche ceannais dícháilithe an chomórtais a chailleadh Dé Sathairn. Briseadh croí fhir Chois Fharraige sa tríú nóiméad d’am cúitimh nuair a d’aimsigh David Glynn cúl do Chill Chonla a d’fhág go raibh an bua ag an gcumann as tuaisceart na Gaillimhe. 2-13 in aghaidh 3-8.

Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh teacht aniar gan choinne déanta ag Micheál Breathnach nuair a d’aimsigh siad 1-1 (Dara Mac Gearailt a scóráil an cúl) in am cúitimh chun iad a chur pointe chun tosaigh, ach bhí a ndóthain ama fágtha fós ag Cill Chonla chun cúl eile a fháil.

I ndáiríre, bhí an bua tuillte acu agus ba iad Paul Mannion, Kevin Brady agus Niall Daly Chill Chonla na himreoirí ab fhearr a bhí ar an bpáirc. Bhí an lámh in uachtar acu den chuid is mó den chluiche ach ghéill siad dhá cúl bog nuair a bhain Gearóid Willy Ó Fátharta agus Diarmaid Ó Maoileoin leas as botúin a rinne an cúl báire.

Rinne Ó Maoileoin, Peadar Óg Ó Gríofa agus Peadar Ó Cionnaith a ndícheall Micheál Breathnach a thabhairt ar ais sa gcluiche ach níor éirigh leo an taoide a chasadh, rud a chiallaíonn gur ag imirt sa sa ghrád idirmheánach a bheidh siad in 2018.

INPHO/Lorraine O’Sullivan

An ceann is fearr faighte ag na Corcaígh ar Phiarsaigh na Dromoda i gcluiche ceannais na Mumhan

Bhuaigh Piarsaigh na Dromoda Craobh Shóisir na Mumhan in 2011 ach níor éirigh leo an gaisce céanna a dhéanamh inné nuair a cloíodh iad, ar éigean, i gcluiche ceannais na bliana seo. Bhí am breise ag teastáil chun iad féin agus Cnoc na Graí a scaradh óna chéile agus ba iad fir Chorcaí a bhí chun cinn ar deireadh, 1-17 i gcoinne 2-11.

Is sa chéad leath a d’aimsigh Chris Farley agus Gearóid Jackie na cúil do Phiarsaigh na Dromoda, ach, ina ainneoin sin, ní raibh siad ach dhá phointe chun cinn ag leath ama, 2-3 in aghaidh 0-7.

Bhí na foirne ar comhscór go luath ina dhiaidh sin agus cé go ndeachaigh fir Chiarraí Theas chun cinn arís, rinne Fintan O’Connor cinnte de go mbeadh am breise ag teastáil nuair a d’aimsigh sé pointe an chomhscóir do Chnoc na Graí.

Sa chéad leath d’am breise a tháinig scór cinniúnach an chluiche nuair a d’aimsigh Anthony O’Connor, a fuair 1-7 ar fad, cúl do na Corcaígh. D’fhág sin go raibh siad pointe chun cinn leath bealaigh tríd am breise. D’éirigh leo an farasbarr sin a mhéadú go dtí trí phointe roimh dheireadh na himeartha.

Fág freagra ar 'Gan aon stad ar cheiliúradh na Gaeltachta ach briseadh croí do Mhicheál Breathnach i nGaillimh'

  • Fírící

    Den chéad uair ó 1978, ní bheidh peileadóirí Mhicheál Breathnach i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an bhliain seo chugainn – ní mhór é seo a cheartú, níl siad sna sinsir chomh fada sin ar chor ar bith.

  • Seán

    Is fíor gur bhain Micheál Breathnach stádas sinsireach amach i 1978. Chlis siad i gluiche ceannais sóisireach an chontae in aghaidh Chora Fine an bhliain sin ach os rud é go raibh foireann shinsireach ar aon nós ag Cora Fine an am níor ghlac siadsan leis an deis an dara ceann a chur chun páirce, cé go raibh an rogha sin acu.
    Dá bharr sin, mar tháinistí sóisireacha fuair Micheál Breathnach áit i measc na 24 foireann shinsireach a bhí i nGaillimh .

  • Fírící

    Tá sé sin go breá, ach ní raibh ag imirt sna sinsir ó shin i leith.