TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Gan an fuadar céanna le linn an charnabhail i mbliana

Méara soiscéalach, toircheas ‘míthráthúil’ agus lagtrá leanúnach na heacnamaíochta a chuir isteach ar charnabhal na Brasaíle i mbliana.

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Gan an fuadar céanna le linn an charnabhail i mbliana

Pictiúr: Cristina Indio do Brasil/Agência Brasil

B’fhéidir go bhfuil daba luaithrigh ar d’éadan agus tú á léamh seo – agus b’fhéidir nach bhfuil. Ní Caitliceach cráifeach chuile dhuine in Éirinn. Ar an gcaoi chéanna, ní spéis le chuile dhuine sa Bhrasaíl an fhéile is mó a luaitear leis an tír sin, an carnabhal. Ach fiú agus an méid sin san áireamh, ba lú an fuadar a bhí faoin mBrasaíl le linn an charnabhail i mbliana le hais blianta eile.

Bhí trí chúis leis sin.

In Rio de Janeiro, an chathair is mó a luaitear le carnabhal na Brasaíle go hidirnáisiúnta, bhí blas na hagóidíochta polaitiúla le brath go láidir ar na paráidí sa staid ollmhór a tógadh dóibh d’aon ghnó sna 1980í, an Sambódromo. Tá saol polaitiúil na Brasaíle ina chíor thuathail ag slám ollscannal agus tá toghchán uachtaránachta ar na bacáin, ach níorbh iad na polaiteoirí náisiúnta ba mhó a cáineadh i bparáidí na scoileanna samba éagsúla, ach méara nuathofa Rio de Janeiro, Marcelo Crivella. Polaiteoir soiscéalach é seo a rinne ciorrú ollmhór ar an tacaíocht airgid a chuireann comhairle na cathrach ar fáil don charnabhal. Deir Crivella féin nach bhfuil baint ar bith ag a chreideamh soiscéalach leis an gciorrú, ach bheadh go leor de muintir na cathrach ar mhalairt tuairime. Bhí tóin ollmhór phlaisteach a raibh ainm Crivella breactha uirthi lárnach i bhflóta carnabhail cheann de na scoileanna samba is mó a bhfuil tóir uirthi ag an bpobal, Mangueira.

Ó thuaidh in Salvador, an chathair is mó a mbíonn tóir ag muintir na Brasaíle féin uirthi le linn an charnabhail, tá sé á mhaíomh os íseal ag tionscal na turasóireachta go raibh titim mhór ar líon na gcuairteoirí a mealladh chun na cathrach i mbliana. Cúis neamhghnách atá á lua mar chionsiocair: toircheas ‘míthráthúil’ Ivete Sangalo. Den chéad uair le 24 bliana anuas, níor ghlac mór-réalta ceoil na Brasaíle páirt i gcarnabhal Salvador. Rugadh cúpla di le linn an charnabhail, beirt chailíní. Níorbh ionann carnabhal Salvador gan Ivete Sangalo a mheas go leor den lucht scléipe a thabharfadh aghaidh ar an gcathair go hiondúil, agus d’fhan siad sa bhaile.

Bhí an tríú cúis ann, leis, nach raibh an fuadar céanna faoi charnabhal na bliana seo sa Bhrasaíl agus a bhíonn de ghnáth. In ainneoin a bhfuil á mhaíomh ag an rialtas, níl deireadh fós leis an lagtrá eacnamaíochta. Anuraidh, bhí an ráta dífhostaíochta níos airde ná riamh: bhí nach mór 13 faoin gcéad de lucht oibre na tíre gan phost. Ag díol cannaí beorach ar thaobh na sráide a bhí cuid mhór acu sin le linn an charnabhail, in ionad páirt a ghlacadh sa scléip iad féin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Gan an fuadar céanna le linn an charnabhail i mbliana'