Gan ach trí bliana eile le dul ag an Rialtas…

An éireoidh leis an triúracht atá sa rialtas faoi láthair a ngreim agus a gcúrsa a choinneáil?

Gan ach trí bliana eile le dul ag an Rialtas…

An éireoidh leis an rialtas seo a ngreim a choinneáil go ceann trí bliana go leith eile? Tá siad beagnach bliain in oifig agus in amanna an teannas eatarthu – go háirithe idir an Taoiseach agus an Tánaiste – follasach. An mbeidh siad in ann trí bliana go leith eile a bhaint amach?

Sin an dúshlán atá rompu ach más cóir géilleadh do phobalbhreitheanna beidh ar a laghad páirtí amháin nach mbeidh aon doicheall acu roimh na bothanna vótála níos túisce ná mí Feabhra 2025.

De réir rialacha na parlaiminte, sin an uair a dtiocfaidh deireadh le tréimhse na Dála seo. De réir an chláir rialtais atá aontaithe, beidh briseadh nádúrtha i saol an rialtais seo mí na Nollag an bhliain seo chugainn nuair a thiocfaidh Leo Varadkar i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar Thaoiseach.

Ní bréag a rá gur maith a chruthóidh Micheál Martin agus a ghreim a choinneáil ar cheannaireacht Fhianna Fáil go dtí sin, go háirithe nuair a léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad nach bhfuil ag éirí leis an bpáirtí dul i gcion ar an bpobal.

De réir na staitisticí is iad Fine Gael agus Sinn Féin is ansa leis an bpobal faoi láthair. Tá sé spéisiúil agus duine ag faire na gcomhráite polaitiúla le roinnt seachtainí go bhfuil siad ag filleadh ar na ceisteanna a bhí lárnach san olltoghchán in 2020 – tithíocht, an eacnamaíocht, cáin mhaoine, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Má éiríonn leis an gclár vacsaíní an phaindéim a chur faoi smacht agus má sheachnaíonn muid an ceathrú ráig den ghalar, is féidir glacadh leis go gcaithfear cuid mhaith den fhómhar ag caint ar na ceisteanna eacnamaíochta agus na ceisteanna a bhaineann leis an saol ó lá go lá a bhíodh á bplé roimh an Covid.

Más fíor tuairiscí go bhfuil an fothoghchán do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas le reáchtáil mí Iúil ar iarratas ó Fhine Gael, ba chóir go mbeadh leide le fáil sa toradh don staid ina bhfuil na páirtithe. Is le Fine Gael a suíochán a chosaint sa gceantar rachmasach, meánaicmeach seo ach is beag inár measc a chreid go mbeadh suíochán do Shinn Féin sa dáilcheantar sin roimh olltoghchán mhí Feabhra 2020.

Is fada anois Fianna Fáil ag faire Shinn Féin agus an chaoi a bhfuil a gcuid vótóirí traidisiúnta ag dul ina dtreo. An botún a  rinne Sinn Féin mí Feabhra 2020 nach raibh dóthain iarrthóirí acu leis an leas is fearr a bhaint as a gcuid tacaíochta. An botún a dhéanfaidh siad anois ná cead a thabhairt don rialtas seo dul go ceann scríbe in 2025.

Caithfidh siad, ar mhaithe lena chinntiú go mbaineann siad an leas is mó as an tacaíocht atá acu faoi láthair, an oiread mioscaise agus is féidir leo a chothú idir na páirtithe rialtais.

Briseadh nádúrtha i dtréimhse an rialtais an malartú a bheidh á dhéanamh ar oifig an Taoisigh mí na Nollag 2022. An éireoidh le Sinn Féin an oiread de mhíshuaimhneas a chothú idir na páirtithe comhrialtais agus a chinnteoidh go mbeidh olltoghchán againn in earrach 2023?  Nó an éireoidh leis an triúracht atá sa rialtas faoi láthair a ngreim agus a gcúrsa a choinneáil?

Fág freagra ar 'Gan ach trí bliana eile le dul ag an Rialtas…'

  • An Teanga Bheo

    Na trí Phairtí grúpa leathan i gceist agus cupla ceannairí sa gcoimhlint