Gan ach leathabairt Ghaeilge ar bhileoga Mhichíl D Uí Uigínn a scaipeadh sa Ghaeltacht

Tá conspóid tarraingthe ag a laghad Gaeilge atá ar bhileoga a scaip iarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar phobal na Gaeltachta

Gan ach leathabairt Ghaeilge ar bhileoga Mhichíl D Uí Uigínn a scaipeadh sa Ghaeltacht

Michéal D Ó hUigínn an duine is déanaí atá tarraingthe isteach sa chonspóid faoina laghad Gaeilge atá ar bhileoga a scaip iarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar phobal na Gaeltachta.

Leathabairt Ghaeilge atá sa teachtaireacht ar an bhileog de chuid Uí Úigínn a scaipeadh ar an phobal i gcroílár Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo.

“Dear voter, I pledged to dedicate heart and mind to the Irish people – mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann,” a deirtear i dteachtaireacht Uí Uigínn, a bhfuil an chuid eile di i mBéarla seachas na focail ‘Míle buíochas’ ag a deireadh.

Tá leagan i nGaeilge amháin de bhileoga de chuid Uí hUigínn ar fáil chomh maith, ach ní hiad na bileoga sin a dáileadh sa phost ar phobal Chonamara an tseachtain seo. 

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Mhicheál D Ó hUigínn faoi na bileoga seo a dáileadh ar phobal na Gaeltachta.

Líne amháin i nGaeilge atá le feiceáil ar bhileog an iarrthóra Liadh Ní Riada, an chéad iarrthóir ar an uachtaránacht as an Ghaeltacht, agus líne amháin Ghaeilge freisin atá ar bhileoga an an fhir ghnó Sean Gallagher.

Dúirt urlabhraí thar ceann Gallagher le Tuairisc.ie tráthnóna nár fhoilsigh an fear gnó ach “leagan amháin den Litir Um Thoghchán don toghchán seo” agus gur “thug An Post an beart seo Litir Um Thoghchán do gach teaghlach in Éirinn”.

Ní raibh oiread agus focal Gaeilge ar bhileoga an tSeanadóra Joan Freeman a scaipeadh sa Ghaeltacht agus is í an t-aon iarrthóir go dtí seo a ghabh leithscéal faoi cheist na mbileog.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar aon samplaí de bhileoga a scaipeadh sa Ghaeltacht ó fheachtas Gavin Duffy ná Peter Casey, más ann dá leithéid de bhileoga.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn an tseachtain seo gur chúis díomá gur seoladh ábhar i mBéarla amháin chuig daoine sa Ghaeltacht.

Agus é faoi agallamh ag Nuacht TG4, dúirt Ó Coinn go raibh sé “díomách go mbeadh ábhar ag dul amach chuig pobal na Gaeltachta nach bhfuil i nGaeilge” agus go raibh an Foras ag iarraidh a chur in iúl do na hiarrthóirí uachtaránachta “go raibh pobal sa tír seo go fóill arb í an Ghaeilge a gcéad teanga”. 

Ghabh Joan Freeman a leithscéal as bileoga a scaipeadh i mBéarla amháin ar mhuintir na Gaeltachta. Dúirt sí nach d’aon turas a scaipeadh na bileoga Béarla ar phobal na Gaeltachta agus go raibh “fíorbhrón” uirthi faoin scéal.

“I love the Irish Language and if I have offended anybody in the Gaeltacht area, I’m really, really genuinely and sincerely sorry,” a dúirt sí.

An t-aon abairt i nGaeilge atá le léamh ar bhileog an fhir ghnó Seán Gallagher ná, ‘Ag díriú ar ár láidreachtaí, tá m’fhís d’Éirinn bunaithe ar thrí chroíphrionsabal: meas, freagracht agus pobal’.

‘Tá mé ag iarraidh ort vótáil ar son Liadh Ní Riada mar uachtarán nua d’Éirinn nua’ an t-aon líne i nGaeilge atá le léamh ar bhileog an iarrthóra de chuid Shinn Féin agus an abairt sin luaite le ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald.

Agus í faoi agallamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, ceistíodh Ní Riada faoina laghad Gaeilge atá ar a bileoga toghchánaíochta.

Shéan Ní Riada gur fhág a laghad Gaeilge a bhí aici ar a bileoga go raibh sí “chomh Gaelach agus atá Sean Gallagher”.

Dúirt an Feisire Eorpach as Múscraí go raibh sí “an-láidir ó thaobh na Gaelainne de thall san Eoraip”, go raibh an teanga i lár a feachtais agus nach dóigh léi go gcreidfeadh “aon duine nach bhfuil sí i bhfabhar na Gaelainne”.

Mhaígh sí go raibh sé an-deacair idirdhealú a dhéanamh idir ceantair Ghaeltachta agus ceantair eile agus post á sheachadadh agus nach raibh “smacht” aici ar gach gné dá feachtas. Chinntigh sí go raibh ar laghad “focal Gaeilge amháin agus aitheantas tugtha don Ghaeilge” ar gach bileog agus póstaer a bhain lena feachtas, a dúirt sí.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuil mé ar nós an chuid eile acu nach bhfuil ag úsáid na Gaelainne in aon slí,” a dúirt Ní Riada.

Fág freagra ar 'Gan ach leathabairt Ghaeilge ar bhileoga Mhichíl D Uí Uigínn a scaipeadh sa Ghaeltacht'

  • Sibéal

    An Modh Díreach.

    1.Déan lipéid bheaga le ” Seol ar ais chuig an seoltóir / Return to Sender”

    2. Greamaigh na lipéid ar na cártaí poist seo ó na hiarrthóirí uachtarántachta mura bhfuil 50% den fhoclaíocht i nGaeilge

    3. Cuir na cártaí sa bhosca phoist – ní theastaíonn stampa poist.

    4. Lean leis an straitéis agóidíochta sin as seo,amach má thagann aon rud nach bhfuil 50/50

    Dar ndóigh tá an fógra “Cosc ar Dhramphost le domthoil / No Junk Mail” ar do dhoras cheana féin nach bhfuil?

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Is léir nach tír dhátheanga í Éire, nó sin í tuairim na bpolaiteoirí. Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, ní leis an Ghaeltacht amháin í. Is masla do na Gaeil uilig sa tír a laghad úsáide a bhaintear as a dteanga.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní bheidh mise sásta vótáil do aon iarrthóir don Uachtarántacht nach mbeadh sásta billeog dhá theangach ar a laghad a scaipeadh sa Ghaeltacht.

    Tá sé socraithe agam G a chur in áit uimhreacha in aghaidh gach ainm ar an bpáipéar ballóide, nach bhfuil aitheantas caoi tugtha don Ghaeilge ina billeogaí toghcháin. Mholfainn do gach duine eile ar chúis leo an Ghaeilge is an Ghaeltacht an rud céanna a dhéanamh.

  • Sibéal

    An Modh Díreach arís!
    Smaoineamh íontach G a scríobh trasna ó na hiarrthóiri go léir nár thug aitheantas don teanga náisiúnta. Beidh G á chur agam ar bhosca chuile iarrthóra ar an bpáipéir ballóide!
    Freisin scríobhfaidh mé “Comhionannas do Ghaeilgeoirí”
    Is seirbhís státurraithe na cártaí réamhthoghcháin seo. Ba chóir de réir dlí go mbeadh billeogaí 50/50 (50% i nGaeilge agus 50% i mBéarla) á scaipeadh ag iarrthóirí don Uachtarántacht ar a laghad sa Ghaeltacht. Ní leor abairt chun meas a léiriú ar ár dteanga.
    Tuigimid anois nuair atá rabhaidh sláinte aonteangacha éigeantach ar deochanna alcóil nach bhfuil an stát agus na páirtithe polaitíochta ar son na Gaeilge i ndáiríre.
    Fúinne atá sé an teanga náisiúta a chosaint sa Ghaeltacht agus í a athbheochaint lenár gcairde, ár gcomharsain agus ár ngaolta atá aon intinn faoi tábhacht na Gaeilge mar thobar an dúchais.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Póstaeirí Gaeilg ag Ni Riada sa Ghaeltacht i dTír Chonaill ach iad go hiomlán i mBéarla taobh amuigh den Ghaeltacht??? ‘Bean Gaelach mar Uachtarán’ ar na cláracha móra sa Ghaeltacht. Rud eile ar fad ar na cláracha taobh amuigh den Ghaeltacht.

    Póstaeirí go hiomlám i mBéarla ag Uí Uigínn taobh amuigh den Ghaeltacht??!!

    Aitheantas don Ghaeilg? Mo thóin!!

    Caidé’n mhaith bheith an-láidir don Ghaeilg thall san Eoraip agus tú ag déanamh neamhaird dí i do thír féin!!!

    ‘…an teanga i lár a feachtais agus nach dóigh léi go gcreidfeadh “aon duine nach bhfuil sí i bhfabhar na Gaelainne”.’ Bhoil, níl an Ghaeilg i lár d’fheachtas más póstaeirí agus bileoga eolais BÉARLA atá tú ag seachadadh ar fud na tíre!!

    Más leis an tír iomlán an Ghaeilg cad chuige nach bhfuil páirtithe polaitíochta agus polaiteoirí na tíre ag tabhairt aitheantas agus comhionannas dí ar a gcuid ábhair bolscaireachta, suímh idirlín, páipéarachas agus oifigí dáilcheantair???

    An dátheangachas taobh amuigh den Ghaeltacht agus an Ghaeilg amháin sa Ghaeltacht.

    Agus coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht.