Deir Seán Gallagher nach raibh ‘dóthain ama’ aige Gaeilge a fhoghlaim le seacht mbliana anuas

Deir an fear gnó Seán Gallagher nár éirigh leis líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge ó sheas sé go deireanach don uachtaránacht toisc go raibh sé ‘time poor’

Deir Seán Gallagher nach raibh ‘dóthain ama’ aige Gaeilge a fhoghlaim le seacht mbliana anuas

Tá ráite ag Seán Gallagher nár bhain sé líofacht amach sa Ghaeilge le seacht mbliana anuas toisc gur “bhocht” an méid ama a bhí aige.

Le linn fheachtas thoghchán na huachtaránachta in 2011, thug Gallagher le fios go raibh ranganna Gaeilge príobháideacha á ndéanamh cheana féin aige. Ba é an t-aon iarrthóir a dúirt amhlaidh i dtoghchán na bliana sin. Dúirt an seisear iarrthóirí eile i dtoghchán 2011 a bhí ar bheagán Gaeilge go ndéanfaidís ranganna Gaeilge sa chás go dtoghfaí iad.

Ag labhairt dó leis an Irish Independent, dúirt Gallagher nár éirigh leis líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge ó shin i leith mar go raibh sé “time poor”.

Déanfaidh sé ranganna Gaeilge má éiríonn leis i dtoghchán na míosa seo, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé an-ghnóthach le seacht mbliana anuas le cúrsaí gnó agus le tógáil clainne.

“Baineann brú leis sin ar fad – ach oiread le gach duine eile,” a dúirt sé.

Ní sé i gceist ag Gallagher páirt a ghlacadh i gcéad díospóireacht teilifíse an fheachtais uachtaránachta, a bheidh ar siúl ar an gclár Claire Byrne Live ar RTÉ 1 anocht, toisc nach mbeidh an tUachtarán féin, Micheál D Ó hUigínn, ag glacadh páirte inti.

Léirigh an chéad phobalbhreith ó cuireadh tús i gceart leis an bhfeachtas go bhfuil Ó hUigínn go rábach chun cinn i rás an Árais.

De réir na pobalbhreithe, a rinne an comhlacht Red C do Paddy Power, 70% de dhaoine a thabharfadh vóta don Uachtarán.

Seán Gallagher a bhí sa dara háit agus 14% den vóta aige.

Tá ráite cheana ag Gallagher go gcuirfeadh sé tús le clár náisiúnta Gaeilge ‘Foghlaim leis an Uachtarán’ dá n-éireodh leis i dtoghchán na huachtaránachta. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Gallagher chomh maith go gcuirfidh sé lena thuiscint ar an Ghaeilge má thoghtar é mar uachtarán. 

Dúirt an fear gnó a tháinig sa dara háit i dtoghchán 2011, go gcreideann sé gur “chóir” go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán agus go bhfuil sé “tiomanta” cur lena chumas sa Ghaeilge má éiríonn leis i rás an Árais.

Fág freagra ar 'Deir Seán Gallagher nach raibh ‘dóthain ama’ aige Gaeilge a fhoghlaim le seacht mbliana anuas'

  • geiltín

    Tugtar 7 mbliana eile dó lena foghlaim!