Tá Micheál D Ó hUigínn go rábach chun cinn i rás an Árais, de réir pobalbhreith nua.
De réir na pobalbhreithe, a rinne an comhlacht Red C do Paddy Power, 70% de dhaoine a thabharfadh vóta don Uachtarán.
De réir na pobalbhreithe, an fear gnó Seán Gallagher atá sa dara háit agus 14% den vóta aige.
Seo an chéad léargas ar mhianta na vótóirí ó cuireadh tús i gceart leis an bhfeachtas agus léiriú is ea é ar an obair mhór atá le déanamh ag na hiarrthóirí eile más leo an ghaoth a bhaint de sheolta Uí Uigínn.
Agus gan ach coicís fágtha go dtí toghchán an 26 Deireadh Fómhair, de réir na pobalbhreithe ní thabharfadh ach 5% de dhaoine vóta d’iarrthóir Shinn Féin, an Feisire Eorpach Gaeltachta, Liadh Ní Riada.
Údar díomá is ea é do Shinn Féin go bhfuil 55% de vótóirí an pháirtí féin ag tacú le Micheál D Ó hUigínn agus go bhfuil 2% níos lú de thacaíocht ag an bpáirtí sa toghchán ná mar a bhí sular fógraíodh go mbeadh bean Mhúscraí ina hiarrthóir. Sa phobalbhreith dheireanach a rinne Red C, thug 7% de dhaoine le fios go dtacóidís le haon ‘iarrthóir’ de chuid an pháirtí.
6% a bheadh ag an Seanadóir Joan Freeman, 4% a bheadh ag an bhfear gnó Gavan Duffy agus 1% de dhaoine a thabharfadh vóta don fhear gnó eile, Peter Casey.
Rinneadh teagmháil ar an bhfón le 1,000 duine do phobalbhreith Red C, idir an 3 agus an 10 Deíreadh Fómhair.
Fág freagra ar 'Micheál D Ó hUigínn go rábach chun cinn i dtoghchán na huachtaránachta agus tacaíocht 70% den phobal aige – pobalbhreith'