Tá 5% de dhaltaí na tíre ar fad, idir dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile, ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge, titim ó 5.4% cúig bliana ó shin.
De réir figiúirí a chuir an dá roinn oideachais, ó thuaidh agus ó dheas, ar fáil do Tuairisc.ie, is 62,573 dalta atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile ar an oileán ar fad.
Fágann sin go bhfuil 95% de dhaltaí na tíre ag fáil a gcuid oideachais trí Bhéarla.
In 2016 bhí 60,381 daltaí bunscoile agus iarbhunscoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus 2,192 dalta sa bhreis ag déanamh amhlaidh in 2020.
Daltaí bunscoile agus iarbhunscoile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas
2016 | 2020 | |
---|---|---|
Líon daltaí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge | 60,381 | 62,573 |
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile agus iarbhunscoile | 1,114,706 | 1,25,4551 |
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge | 5.4% | 5% |
Tá 14,890 ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sa tír. Is ionann sin agus 2.8% de na daltaí iarbhunscoile ar fad sa tír.Bhí 48,483 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre anuraidh. Is ionann sin agus 6.7% de dhaltaí bunscoile uile sa tír. 7.6% de na daltaí a bhí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre in 2016.
Maidir leis na haonaid Ghaeilge, tá 14,089 dalta cláraithe le haonaid Ghaeilge, a dhéanann gach ábhar nó ar a laghad dhá ábhar i nGaeilge, ar fud na tíre.
Le cúig bliana anuas, is mó an t-ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí iarbhunscoile atá ag freastal ar aonaid a fheidhmíonn i scoileanna Béarla ná mar atá tagtha ar líon na ndaltaí atá in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.
In 2016, bhí 12,012 dalta ag freastal ar aonaid in iarbhunscoileanna Béarla agus 13,153 dalta a bhí ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge an bhliain chéanna.
Bunscoileanna na tíre ar fad, thuaidh agus theas
2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | |
---|---|---|---|---|---|
Líon daltaí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge | 47,228 | 47,947 | 48,751 | 48,995 | 48,483 |
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile | 622,036 | 729,190 | 734,239 | 733,405 | 726,449 |
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i mbunscoil lán-Ghaeilge | 7.6% | 6.5% | 6.6% | 6.7% | 6.7% |
Iarbhunscoileanna na tíre ar fad, ó thuaidh agus ó dheas
2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | |
---|---|---|---|---|---|
Líon daltaí ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge | 13,153 | 13,515 | 14,750 | 14,404 | 14,890 |
*Líon iomlán na ndaltaí ar aonad | 12,012 | 12,324 | 13,297 | 13,542 | 14,089 |
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge | 2.7% | 2.7% | 2.9% | 2.8% | 2.8% |
Líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile | 492,670 | 497,953 | 505,138 | 516,535 | 528,102 |
Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais Bláthnaid Ní Ghreacháin go léiríonn an easpa fáis ag an bhunleibhéal “na dúshláin” a bhaineann le scoileanna nua Gaeilge a bhunú.
“Tá Gaeloideachas ag plé le pobail i sé cheantar faoi láthair ina bhfuil féidearthacht go mbunófaí bunscoileanna nua lán-Ghaeilge, ach an toil a bheith ann ón Stát le tacú leo,” a deir sí.
Mhaígh Ní Ghreacháin go mbeadh féidearthachtaí go leor eile ann “dá dtabharfaí rogha cheart do thuismitheoirí maidir le hoideachas a bpáistí agus dá mbeadh cur chuige straitéiseach ag an Stát lena chinntiú go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha go háitiúil do gach páiste”.
Ag trácht di ar an fhás atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar aonad Gaeilge i scoileanna Béarla, dúirt Ní Ghreacháin, nach “soláthar sásúil” atá sna haonaid don Ghaeloideachais.
“Is é an réiteach is túisce a mholann an Roinn Oideachais i gcónaí d’iarbhunscoil nua ná múnla an aonaid (sruth Gaeilge mar chuid de scoil Bhéarla), agus is léir dúinn ónár dtaithí a bheith ag plé leis na haonaid agus le tuismitheoirí nach soláthar sásúil é seo má táimid dáiríre faoin tumoideachas, sa bhunchiall, a bheith ar fáil do dhaltaí iarbhunscoil,” arsa Blathnáid Ní Ghreacháin.
Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh, Ciarán Mac Giolla Bhéin, fáilte roimh an “fás leanúnach” atá tagtha ar earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go léiríonn na figiúirí go bhfuil “suim mhór” á cur sa ghaeloideachas ó thuaidh.
“Léiríonn sé go bhfuil tuismitheoirí ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis an luath-thumoideachais agus faoin ardchaighdeán oideachais atá ar fáil sna scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur “fearr i bhfad” don Chomhairle go mbunófaí scoileanna lán-Ghaeilge ach go raibh “bearna” á líonadh ag na haonaid Ghaeilge in áiteanna nach raibh aon rogha oideachais lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí.
Caitríona
An seanphort céanna agus gan aon chluas á thabhairt do na hEagrais sin ag an Roinn Oid. mar nach bhfuil aon údarás acu i leith na teanga.