‘Galar Gardaí’ agus bagairtí eile….

Tá aighnis faoi phá ag teannadh leis an rialtas a léireoidh a láidre nó a laige is atá an chomhréiteach a rinneadh le Fianna Fáil

24/04/2016. 1916 Easter Rising Centenary Commemoration Ceremony. Pictured are Fine Gael party leader and acting Taoiseach Enda Kenny with Fianna Fail leader Micheal Martin(right) and Minister for Justice Frances Fitzgerald at the 1916 Easter Rising Centenary Commemoration Ceremony attended by members of the public, Politicians and State official and the President which took place today at the Church of the Most Sacred Heart Arbour Hill, Dublin. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Níl seans ar bith ann ar ndóigh go mbeidh an rialtas nua ábalta na geallúintí agus leath-gheallúintí ar fad a tugadh sa Chlár Rialtais a chomhlíonadh, ach cén dochar. Tá a fhios againn go léir, glacaim leis, nach mbíonn ar mhórán leathanach ach briathra. Cur leis? Sin scéal eile.

Is tábhachtaí ar go leor bealaí an margadh idir Fine Gael agus Fianna Fáil ná an Clár Rialtais féin. Ní bheidh an rialtas mionlaigh ábalta polasaí ar bith a chur i bhfeidhm, a athrú, nó a chur ar ceal d’uireasa chead Fhianna Fáil.

B’fhollasach an fhírinne i rith na seachtaine nuair a ghéill Fine Gael do bhille a mhol Fianna Fáil chun srian a chur le rátaí úis, ainneoin é a bheith ráite ag Michael Noonan gur sháraigh an bille an Bunreacht. Beidh an fhírinne faoi gcomhréiteach soiléir arís ar dhóigh eile an tseachtain seo chugainn nuair a dhiúltóidh Fine Gael agus Fianna Fáil in éineacht do rún ina molfar Uisce Éireann a scor ar an toirt.

Ní cóir an iomarca tábhachta a chur le ceachtar scéal. Beidh mórphlé agus mionchíoradh le déanamh ar bhille na rátaí úis sara sroichfear an vóta deireanach air sa Dáil. Agus ní athróidh an vóta faoi chúrsaí uisce bundhearcadh na Dála maidir le ceist na dtáillí.

Beidh tábhacht an t-socruithe idir na príomhpháirtithe soiléir dáiríre roimh theacht an fhómhair, nó níos luaithe b’fhéidir. Agus ní buaileam sciath ach roghanna crua a bheas á meá.

Chuir máirseáil na nGardaí go Teach Laighean Dé Máirt an stoirm atá ag bagairt i gcuimhne do chách laistigh. Beidh comhdháil speisialta ag cumann na sáirsintí agus na gcigirí an mhí seo chugainn agus gan ach ábhar amháin ar an gclár: gníomhaíocht thionsclaíoch (Blue Flu eile b’fhéidir, nó Galar Gardaí?) a dhéanamh sa chás nach ngeallfadh an Rialtas go gcuirfear ar ceal an laghdaithe ar phá.

Tá ardaithe ar phá sa tseirbhís phoiblí geallta i gcomhaontú Bhóthar Lansdowne ach is léir cheana féin nach mbeidh go leor ceardchumann sásta leo, gan trácht ar leithéid an ASTI nár ghlac páirt sna cainteanna ar an gcomhaontú sin in aon chor.

Dúirt an t-Aire Caiteachais phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe Déardaoin gur socraíodh sa chomhaontú go gcaithfí €844 milliún idir seo agus 2018 ar ardaithe pá sa tseirbhís phoiblí. Dúirt sé freisin nach mbeadh airgead breise ná ‘solúbthacht’ ar fáil agus nach bhféadfaí na rátaí pá d’fhostaithe nua a ardú roimh 2018.

Ní dóigh liomsa, ná leatsa sílim, a léitheoir dhil, go gcloífidh an rialtas go h-iomlán leis an gcur chuige crua seo a d’fhógair an t-Aire. Ach ní h-ionann sin agus a rá go gcuirfidh Fianna Fáil iachall ar an rialtas géilleadh go h-iomlán.

Níor socraíodh mórán taobh amuigh de chúrsaí uisce sa chomhréiteach idir Fine Gael agus Fianna Fáil, ach d’fhógair an dá pháirtí sa chomhréiteach

  1. Go gcomhlíonfaí comhaontú Bhóthar Lansdowne go h-iomlán, agus go gcaithfí cúrsaí earcaíochta a bhreithniú dá réir.

2. Go mbunófaí coimisiún a bhreithneodh rátaí pá (agus rátaí tosaitheoirí san áireamh) sa tseirbhís phoiblí.

3. Go gcuirfí as feidhm ‘de réir a chéile’ na beartais phráinne faoinar laghdaíodh pá ó 2009 ar aghaidh

4. Gur sa Choimisiún Caidrimh Ionad Oibre agus sa Chúirt Oibreachais a rachaidh an rialtas i mbun idirghabhála i gcás aighnis.

Cuirfear téagar na socruithe seo sa mheá go luath.