Gaillimh nó Luimneach? Toirdhealbhach Ua Conchobhar agus King John

Cuireann suaitheantais foirne Luimnigh agus na Gaillimhe ar sciuird trí na leabhair staire ár gcolúnaí

Gaillimh nó Luimneach? Toirdhealbhach  Ua  Conchobhar agus King John

Beidh go leor ceannairí ag teastáil ón bhfoireann a thabharfaidh an svae leo Dé Domhnaigh. Fad leithead na páirce.

Gaillimh nó Luimneach? Cé a bheidh i gceannas ar Éirinn?

Ceist do na saineolaithe. Ach tagann ceannas de chineál eile isteach i mo cheann, an ceannas a ghabhann leis an dún nó an caisleán cloiche ar an dá gheansaí.

Bhuel, fágadh ar lár dún na Gaillimhe nuair a cuireadh geansaí nua amach le déanaí.

Ach leanaimis orainn…

Mí Lúnasa atá ann fós agus cead againn dul ar aistear fánach.

Cuireann na suaitheantais foirne ar sciuird trí na leabhair staire sinn, siar i bhfad go dtí aimsir roinnt ceannairí ó na meánaoiseanna. Go dtí léargas de shórt eile b’fhéidir, ar chúrsaí ceannais.

Ceannas sa dá chathair, sna réigiúin, agus ar bhonn uile-Éireann.

Cuimhnigh ar Toirdhealbhach Ua Conchobhar, Rí Chonnacht, a bhí ina ard-rí ar Éirinn ar feadh 30 éigin bliain go dtí 1156. In 1124 a thóg sé an dún ag bun abhainn na Gaillimhe (abhainn na Coiribe anois) cóngarach don áit inar tógadh an chathair chloiche ina dhiaidh sin.

Toirdhealbhach a chuir maoiniú ar fáil do go leor foirgneamh eile chomh maith, an chéad ard-eaglais i dTuaim agus mainistir Chonga, mar shampla.

Agus bhí fios a ghnó aige chomh maith sa phríomhchúram a bhí air, sa pholaitíocht. D’fhéach sé chuige, mar shampla, ag Conradh Ghleann Maghair in 1118, go roinnfí Cúige Mumhan ina dhá chuid, Tuamhain agus Deasumhain. Agus go bhfágfaí Mumhain lagaithe dá bharr. Roinn chun forlámhais.

Tháinig deireadh ré ina dhiaidh sin, áfach sa mhéid is gurbh é a mhac Ruairí, a bhí ina ard-rí gaelach deireanach ar an tír.

King John, Angla-Normannach, a chuir tús leis an ré nua sa bhliain 1199. Ar orduithe uaidhsean a tógadh an dara caisleán atá faoi thrácht. Agus cé go raibh áitreabh ag na Lochlannaigh ann roimhe sin, agus ag Dónal Mór Ó Briain, agus araile, chuir King John’s Castle go mór le forbairt na cathrach.

Rí ‘as láthair’ a bhí ann a chaith formhór a chuid ama sa Bhreatain, agus ar thurais chun na Fraince, rud a raibh gá leis chun an ríocht a choimeád le chéile. Thagadh sé chun na hÉireann ó am go chéile. D’fhill sé In 1210, mar shampla, nuair a bhí roinnt tiarnaí Normannacha ag iarraidh scaradh leis. Rótharraingt agus síneadh air a bhí air, deiseal agus treiseal.

Idir an dá linn, ag filleadh dúinn ó thuaidh, sa bhliain 1235 thóg Richard de Burgo, Angla-Normannach, caisleán agus ballaí na Gaillimhe a chuir dlús leis an trádáil le mór-roinn na hEorpa. Agus le bunú 14 treibh na Gaillimhe, arbh Normannaigh 12 acu.

Spléachadh ar roinnt imeachtaí ón dara agus ón tríú haois déag, agus ar an aistriú cumhachta ó na Gaeil go dtí na Gaill, nó na Sean-Ghaill. Le himeacht aimsire, Éireannaigh a bheadh iontu ar fad. Hiberniores ipsis hibernis.

Ach fágaimis na smaointe fánacha meánaoiseacha seo ar leataobh agus fillimis ar chluiche an Domhnaigh. Bíonn éileamh mór ar cheannairí na laethanta seo, sa ghnó, sa phobal, sa chumann, le linn an chluiche féin. Agus lá mór seo na hiomána, go háirithe. An bhfuil aon cheacht le foghlaim as an méid sin thuas? Ciall cheannaithe do na ceannairí a bheidh ar Pháirc an Chrócaigh inniu?

Tapaigh an deis fad is atá am chuige sin an ceacht, mar a rinne Toirdhealbhach lena thionscnaimh thógála. Mar is róluath a thiocfaidh an fheadóg dheireanach.

Nó cad déarfadh King John? Déan dáileadh ar na cúraimí, cinnte, ach nuair atá smacht le cur ar chúrsaí thall ná fág bearna abhus.

Is cinnte gur ar an láthair, seachas as láthair, a theastóidh na ceannairí i gcluiche ceannais na hÉireann amárach.

Nó b’fhéidir gur díth céille an tsamhraidh é seo ar fad, aiteas a bhaineann le cluiche ceannais a bheith ann i mí Lúnasa!

Fág freagra ar 'Gaillimh nó Luimneach? Toirdhealbhach Ua Conchobhar agus King John'