Gaillimh ag súil le feabhas agus Damien Comer ag filleadh

Casfaidh Gaillimh agus Ros Comáin ar a chéile i gcluiche leathcheannais Chonnacht tráthnóna

Gaillimh ag súil le feabhas agus Damien Comer ag filleadh

Damien Comer. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ros Comáin v Gaillimh – Páirc de hÍde, 1.15pm (Beo ar RTÉ)

Níor éirigh rómhaith le Gaillimh ná le Ros Comáin sa tsraith – díbríodh an péire acu ó Roinn 1 – agus beidh siad ag súil go n-éireoidh I bhfad níos fearr leo sa chraobh.

Cinnte, beidh bainisteoir na Gaillimhe Pádraic Joyce ag súil le freagra óna chuid imreoirí tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Mhuineacháin sa chluiche dícháilithe. Bhí cuma na maitheasa ar na Gaillimhigh ar feadh cuid mhaith den chluiche go dtí gur chlis siad ag deireadh na himeartha.

Chaill Gaillimh an t-aon chluiche craoibhe a bhí acu anuraidh, cluiche ceannais Chonnacht in aghaidh Mhaigh Eo, agus beidh lucht tacaíochta na foirne ag súil le níos mó i mbliana.

Cúigear ó chumainn Ghaeltachta atá ainmnithe ag Joyce ar fhoireann na Gaillimhe – Seán Kelly, Paul Kelly, Peter Cooke (Maigh Cuilinn), Seán Ó Maoilchiaráin (Oileáin Árann) agus Finnian Ó Laoi (An Spidéal). Cé go bhfuil Ó Laoi ainmnithe sa líne leatosaithe, seans go mbogfar siar é chun imirt mar chosantóir le cois, mar a tharla i rith na sraithe.

Beidh Damien Comer, atá ainmnithe sa líne leatosaithe freisin, ag bogadh sa treo eile. Dea-scéal é do Ghaillimh go mbeidh Comer ar ais. Chaill sé cúpla cluiche sraithe agus gortú láimhe ag cur as dó ach beidh sé ar ais sa líne lántosaithe inniu, taobh le Robert Finnerty.

Ba é an cluiche i gcoinne Ros Comáin mí Bealtaine an t-aon cheann a bhuaigh na Gaillimhigh i rith na sraithe agus bhí foireann Joyce cuid mhaith níos fearr ná Ros Comáin an lá sin.

Bíonn sé deacair léamh a fháil ar fhoireann seo Ros Comáin agus iad thuas seal, thíos seal, ach ba cheart go mbeadh díocas orthu sa chluiche seo in aghaidh na Gaillimhe.

Trí athrú atá déanta ag Anthony Cunningham ón gcluiche dícháilithe in aghaidh Ard Mhacha agus Eddie Nolan, Niall Daly agus Sean Mullooly tagtha isteach. Ba cheart go dtabharfadh Daly agus Mullooly spreagadh don fhoireann agus iad ag dul chun cinn ón líne leathchúil ach beidh le feiceáil an mbeidh siad sách maith leis na Gaillimhigh a shárú.

Fág freagra ar 'Gaillimh ag súil le feabhas agus Damien Comer ag filleadh'