#Gaelvóta seolta roimh thoghchán Stormont, an DUP agus Alliance gob ar ghob i bpobalbhreith nua

Tá sé pháirtí ag tacú le formhór na n-éileamh atá á ndéanamh mar chuid de #Gaelvóta, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, ach níor chualathas smid ar ais ó na páirtithe aontachtacha

#Gaelvóta seolta roimh thoghchán Stormont, an DUP agus Alliance gob ar ghob i bpobalbhreith nua

Julian de Spáinn, Cuisle Nic Liam, Pádraig Ó Tiarnaigh agus Conchúr Ó Muadaigh i mBéal Feirste inniu agus #Gaelvóta á sheoladh acu

Seoladh feachtas toghchánaíochta inniu chun aird a tharraingt ar chás na Gaeilge roimh thoghchán Stormont Déardaoin.

Tá sé pháirtí agus roinnt iarrthóirí neamhspleácha ag tacú le formhór na n-éileamh atá á ndéanamh mar chuid de #Gaelvóta, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge. Tá Sinn Féin, Alliance, an SDLP, an Comhaontas Glas, Aontú, Páirtí na Comhghuaillíochta, SDLP, Sinn Féin agus Pobal Seachas Brabús ag tacú leis an bhfeachtas.

Ní bhfuarthas aon fhreagra ó aon cheann de na páirtithe aontachtacha, an DUP, an UUP agus TUV, nó ó aon cheann de na hiarrthóirí aontachtacha neamhspleácha.

Fuarthas gealltanais ó na páirtithe eile go dtacóidís leis an éileamh go dtabharfaí reachtaíocht don Ghaeilge isteach, go gcuirfí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm agus go dtabharfaí reachtaíocht isteach ar mhaithe le cosaint agus cur chun cinn an ghaeloideachais.

Dúirt Michaeline Donnelly, Tánaiste, Conradh na Gaeilge go raibh “tacaíocht láidir traspháirtí ann don Ghaeilge”.

“Agus muid ag dul don obair seo do na toghcháin in 2017, bhí cúig pháirtí ar éirigh leo suíocháin a bhaint sa Tionól a bhí ag tacú go poiblí le hAcht Gaeilge.

Mhair an chomhghuaillíocht traspháirtí sin ó shin agus mar a léiríonn na freagraí atá faighte againn tá an tacaíocht sin ann don Straitéis, don Ghaelscolaíocht agus don Ghaeilge sna scoileanna Béarla, mar aon leis an tacaíocht leanúnach d’Acht Gaeilge,” a dúirt sí.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh “dhá scéal éagsúla” ag baint leis an bhfeachtas..

“Ar láimh amháin tá comhghuaillíocht láidir traspháirtí ann atá ag seasamh le chéile ag tacú le cearta teanga agus soláthar méadaithe oideachais don Ghaeilge,” a dúirt sé. “Ar an láimh eile, dhiúltaigh gach páirtí agus iarrthóir aontachtach freagra a thabhairt ar na héilimh. Is údar ollmhór díomá é an diúltú sin.”

Idir an dá linn, de réir pobalbhreithe nua tá an DUP agus Alliance gob ar ghob sa dara háit roimh thoghchán Stormont na seachtaine seo.

18.2% a bhí ag an dá pháirtí sa phobalbhreith a rinne Institiúid an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Liverpool agus an Irish News.

Sinn Féin a bhí sa chéad áit agus 26.2% de na vótaí céadrogha a bheadh acu de réir na pobalbhreithe.

D’fhágfadh sin go mbeadh Sinn Féin ar na bpáirtí is mó sa tuaisceart agus gur toradh stairiúil a bheadh ar na toghchán atá ar siúl Déardaoin.

De réir na pobalbhreithe 12.1% a bheadh ag an UUP, 10.5% a bheadh ag na SDLP agus 5.7% a bheadh ag TUV. 2.9% a bheadh ag na gComhaontas Glas agus 2.1% a bheadh ag Pobal Seachas Brabús.

Fág freagra ar '#Gaelvóta seolta roimh thoghchán Stormont, an DUP agus Alliance gob ar ghob i bpobalbhreith nua'