‘Gaeilgeoirí ar son Connolly’ – grúpa nua bunaithe le tacú le hiarrthóir neamhspleách

Tá grúpa nua ag teacht le chéile anocht le plean a cheapadh chun tacú le feachtas Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh

‘Gaeilgeoirí ar son Connolly’ – grúpa nua bunaithe le tacú le hiarrthóir neamhspleách

Tá breis is sé seachtaine fágtha go dtí toghchán na huachtaránachta ach níl lá amhrais ar ghrúpa nua Gaeilgeoirí cén t-iarrthóir a mbeidh siad ag vótáil dó.

‘Gaeilgeoirí ar Son Connolly’ is ainm don ghrúpa nua a bheidh ag teacht le chéile i mBaile Átha Cliath anocht le plean a cheapadh chun tacú le feachtas Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh.

Is í Connolly an t-aon iarrthóir go dtí seo a bhfuil Gaeilge líofa aici. Deir iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin go gcuirfeadh sé feabhas ar a chuid Gaeilge fad is a bheadh sé in Áras an Uachtaráin agus deir iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys, go bhfoghlaimeodh sí an teanga dá dtoghfaí í.

Dúirt urlabhraí ó Gaeilgeoirí Ar Son Connolly, Cúán de Búrca, gur chláraigh “na céadta” daoine ar líne i nGaeilge d’fheachtas Catherine Connolly agus go mbeadh an grúpa nua ag iarraidh leithéidí na ndaoine sin a mhealladh chun tacú lena n-iarracht cabhrú leis an iarrthóir de chuid na heite clé.

Dúirt de Búrca gur tháinig an smaoineamh don ghrúpa seo chun tosaigh i measc daoine ar spéis leo cur chun cinn cearta teanga phobal na Gaeilge “sa 21ú haois”. Catherine Connolly an t-iarrthóir is mó a sheasfadh leis na cearta sin, dar leo.

Tá an grúpa nua bunaithe ar an múnla céanna le dhá ghrúpa eile atá ag tacú le feachtas Connolly – Mic Léinn ar son Connolly agus Ealaíontóirí ar son Connolly, a dúirt Cúán de Búrca.

Beidh a gcéad ócáid phoiblí ag Gaeilgeoirí ar Son Connolly Dé Luain seo chugainn i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath.

Nuair a d’fhógair Catherine Connolly a feachtas don uachtaránacht, dúirt sí le Tuairisc gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus tá geallúint tugtha aici go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” na hoifige dá dtoghfaí í.

Idir an dá linn, deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly go mbeidh sé ag tacú go láidir le Catherine Connolly sa toghchán má roghnaíonn a pháirtí gan a n-iarrthóir féin a chur chun cinn. Sa chás sin beidh sé ag “cnagadh ar dhoirse” i gCorca Dhuibhne ag lorg tacaíochta do Connolly, a dúirt Daly agus é faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Gaeilgeoirí ar son Connolly’ – grúpa nua bunaithe le tacú le hiarrthóir neamhspleách'

  • Paul Laughlin

    Cad é atá le rá ag Jim Gavin i dtaca leis an fheachtas chun stop a chur ar an caidreamh gnó idir an CLG agus Allianz? An dtacaíonn sé leis?

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Cé go bhfuil Gaeilge ag Catherine Connolly, ní déarfainn go bhfuil Gaeilge líofa aici. Is trua liom go n-úsáidtear an lipéad ‘Gaeilge líofa’ chomh scaoilte sin. Is masla é do Ghaeilgeoirí líofa.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Is furasta an rud é Gaeilgeoirí a mhaslú, bíodh siad líofa nó a mhalairt.

  • An tEisreachtach

    Tá an ceart ar fad agat, a Mhíchíl.
    Bíonn lipéad seafóideach eile ag ‘teangeolaí’ mór i gCois Fharraige faoi óige Chois Fharraige: go bhfuil ‘scoth na Gaeilge’ acu. M’anam nach bhfuil!