Tá cainteoir líofa Gaeilge le teacht in áit Bhríd Smith mar iarrthóir i mBaile Átha Cliath Theas-Lár sa chéad olltoghchán eile.
D’fhógair Bríd Smith, an Teachta Dála de chuid Phobal Seachas Brabús, inné nach mbeadh sí ag seasamh don Dáil arís.
D’fhógair Pobal Seachas Brabús gurb í Hazel de Nortúin, comhairleoir contae as Baile Formaid agus cainteoir Gaeilge, a thiocfaidh i gcomharbacht ar Smith mar iarrthóir olltoghcháin an pháirtí sa dáilcheantar i mBaile Átha Cliath.
Tá Hazel de Nortúin ina bunaitheoir ar an gcaifé Gaelach Glic Café i mBaile Formaid agus bhí baint aici chomh maith le bunú naíonra sa cheantar.
Bhí Brid Smith féin ar dhuine den 35 cainteoir Gaeilgeoir a toghadh chuig an 33ú Dáil in olltoghchán 2020 agus is minic í faoi agallamh ag na meáin Ghaeilge.
Sheas an sóisialach aitheanta faoi dhó don Dáil sular éirigh léi suíochán a bhuachan an tríú huair in 2016. Ceardchumannaí go smior í agus bhí sí lárnach in go leor feachtas de chuid na heite clé agus i bhfeachtais ar son cearta ginmhillte.
Tiarnan de Fréine
Súil agam go n-éiríonn le Hazel suíochán a bhaint amach sa Dáil. Tá géarghá le polaiteoirí dá leithéid mar ionadaí tofa, mná, Gaeilgeoirí ó chathair Bhaile Átha Cliath a bhfuil tuiscint acu ar fadhbanna na cathrach!
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Ní mé an mó é tábhacht Hazel de Nortúin mar TD nó mar bhunathóir ar an gnólacht beag úd a lúann sibh, ‘Gaelach Glic Café’. Ní mórán a bhféadfí a dhéanamh ag TD aonair, go mórmhór nuair nach sa Phairtí an rialtais a mbíonn sí nó sé in ainneoin a d[h]íchill. B’iad áiteanna mar caféanna a chuireann ár dteanga dhúchais i lár an baile. Ní dóigh liomsa go mbeadh mórán dul chun cinn le h-aiséirí na Gaeilge go dti go mbeadh daoine leithéid Hazel sásta í a ‘normálta; go dtí go mbeadh áiteanna beaga mar caféanna le fáil chun deis a thabhairt do daoine bualadh le chéile gan choinne agus í a labhairt go nádúra más mian leo; ‘sé sin chun rud coitianta ar na sráideanna á dhéanamh di.
Renée
Is trua mór é go bhfuil slán le rá le Bhríd tar éis na mblianta atá caite aici ag obair ar son daoine den lucht oibre i mBaile Átha Cliath Theas. Ach tá sé iontach ar fad Gaeilgeoir eile a fheiceáil mar iarrthóir don chéad olltoghcháin eile. Go h-áirithe in áit mar Baile Átha Cliath Theas in a bhfuil go leoir Gaeilgeoirí iad féin. Tá súil agam go dtabharfaidh daoine tacaíocht chuig bean den lucht oibre a bhfuil tar éis go leoir obair a dhéanamh thána féin mar chomhairleoir thar na bliana i mBaile Fhormáide!
Seán Mag Leannáin
Is mór an trua é go bhfuil Bríd ag éirí as. Cé nach n-aontóinn léi ar gach ceist aithním gur duine de na Teachtaí is eirimiúla agus is bríomhaire sa Dáil í. Beidh sé ina dhúshlán mór do Hazel de Nortúin a bróga a líonadh. Ach ní bhíonn néal gan gealán agus is í Hazel, Gaeilgeoir agus bean láidir eile, an gealán sa chás seo.