Gaeilge curtha ag na ‘Glasaigh’ ar a bpolasaithe

Polasaithe an Chomhaontais Ghlais á n-aistriú go Gaeilge mar chuid de ghealltanais Chairt Teanga an pháirtí

D’fhógair an Comhaontas Glas inniu go bhfuil tromlach mór na bpolasaithe acu aistrithe go Gaeilge anois agus le feiceáil ar a suíomh gréasáin mar thoradh ar Chairt Teanga an pháirtí, rud a daingníodh anuraidh. Tá polasaithe Gaeltachta, craoltóireachta agus oideachais i measc na bpolasaithe a bhfuil Gaeilge curtha orthu.

Tacaíonn an páirtí leis an moladh go mbeadh dhá shiollabas Gaeilge ann le haghaidh meánscoileanna. ‘Teanga na Gaeilge’ agus ‘Litríocht na Gaeilge’ an dá ábhar a bheadh i gceist. Dhéanfaí tástáil ar chumas labhartha, tuisceana, scríofa agus léitheoireachta an dalta san ábhar ‘Teanga na Gaeilge, de réir Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha. Chuirfí an cúrsa ‘Litríocht na Gaeilge’ ar fáil do dhaltaí a bhfuil cumas maith Gaeilge acu.

Déantar comparáid sa cháipéis beartas idir creimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a bhfuil de bhagairtí ar an timpeallacht, agus deirtear gurb ionann caomhnú na teanga agus ‘ceist ghlas’, rud a fhágann ‘nach féidir cosaint na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh a scarúint ó chosaint na timpeallachta’.

Deir an páirtí go dtacaíonn siad leis na moltaí a rinneadh sa Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh sa bhliain 2007 ach ar cuireadh bac ar a athfhoilsiú roimh Nollaig 2014. Tá an páirtí ag iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm iad, go mór mór an chuid sin díobh a ghabhann le Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh agus Seirbhísí don Óige, toisc a thábhachtaí atá an óige maidir le caomhnú na teanga sa Ghaeltacht.

Tacaíonn an Comhaontas Glas leis an éileamh go mbunófaí Bord Oideachais do scoileanna Gaeltachta a bheadh freagrach as cúrsaí oideachais i naíonraí, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna sa Ghaeltacht.

Iarrann siad go dtabharfaí feidhm do na leasuithe reachtúla a mholtar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch i dtaca le catagóirí Gaeltachta, áit a ndéanfaí iad a shainmhíniú de réir líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair éagsúla, agus tá achainí déanta acu go mbunófaí Lárionad Náisiúnta don Oideachas Gaeltachta i mBaile Bhuirne i Múscraí Uí Fhloinn in iarthar Chorcaí ‘gan a thuilleadh moille – faoi mar atá geallta le fada’.

Deir an páirtí go dtacaíonn siad go láidir leis an tumoideachas Gaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachas in Éirinn, thuaidh agus theas, an luath-thumoideachas san áireamh, agus is mian leo go ndéanfaí breis taighde ar an gceist seo faoi mar atá molta ag Gaelscoileanna, Foras na Gaeilge agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Agus é ag trácht ar an bhforbairt seo inniu, dúirt Seán Ó Buachalla, Cathaoirleach Ghrúpa Polasaí Gaeilge an pháirtí, go bhfuil “cur ar fáil na bpolasaithe seo mar chuid de ghealltanais Chairt Teanga an pháirtí, rud a moladh ag Ardfheis an pháirtí anuraidh agus a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain chéanna.”

“Tá na bearta cinnte atá á ndéanamh ag an bpáirtí chun stádas na Gaeilge agus an dátheangachas go ginearálta a chur chun cinn go hinmheánach le feiceáil sa Chairt Teanga atá daingnithe ag an bpáirtí le haghaidh na tréimhse 2014-2016, agus is féidir le muintir an phobail an Chairt chéanna a scrúdú i rannóg na bpolasaithe ar shuíomh gréasáin an pháirtí ag greenparty.ie agus ar leathanach ‘Gaeilge sa Chomhaontas Glas’ ar Facebook,” ar seisean.

“Tá sé i gceist againn tuilleadh forbairtí mar seo a chur i bhfeidhm go luath, i gcomhréir leis an gCairt Teanga agus tá sé i gceist againn go léireoidh sé seo ár dtiomantas don Ghaeilge, agus muid ag féachaint le béalghrá don teanga a sheachaint agus beart a dhéanamh de réir ár mbriathair,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Gaeilge curtha ag na ‘Glasaigh’ ar a bpolasaithe'