Gach scoil le dúnadh ar feadh dhá lá agus ‘Stádas Dearg’ curtha i bhfeidhm do ‘gach contae’

Tháinig an Stádas Dearg' i bhfeidhm ar fud na tíre ag 11pm óiche Dé Céadaoin agus mairfidh sé go dtí 3pm Dé hAoine

Gach scoil le dúnadh ar feadh dhá lá agus ‘Stádas Dearg’ curtha i bhfeidhm do ‘gach contae’

Tá foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’, an foláireamh is tromchúisí, eisithe anois ag Met Éireann do gach contae. Tháinig an Stádas Dearg’ i bhfeidhm ar fud na tíre ag 11pm óiche Dé Céadaoin agus mairfidh sé go dtí 3pm Dé hAoine.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna anocht go mbeadh gach scoil agus institiúid triú leibhéal sa tír dúnta Déardaoin agus Dé hAoine.

Thug Met Éireann le fios go mbeadh sneachta trom arís ann agus go raibh baol ann do “gach ceantar” dá bharr.

Deirtear go mbeidh sneachta ag síobadh tráthnóna Déardaoin de bharr gaoth láidir anoir agus sneachta trom  agus go leanfaidh sé mar sin go dtí maidin Dé hAoine, rud a fhágfaidh go mbeidh ráthanna sneachta in áiteanna go leor. Deir Met Éireann anois go bhféadfadh titim sneachta suas le 40cm a bheith ann i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean faoi mheán lae Déardaoin, rud a bheadh thar a bheith neamhghnách.

Dúnadh go leor scoileanna inniu de bharr na drochaimsire agus cuireadh isteach go mór ar sheirbhísí iompair chomh maith.

Deirtear gur in olcas a rachaidh an drochaimsir de réir mar a dhéanfaidh Stoirm Emma a slí trasna na tíre Déardaoin agus an chuma ar an scéal anois go mbeidh an cur isteach ar chúrsaí iompair níos measa agus go ndúnfar tuilleadh  coláistí, oifigí poiblí agus gnóthaí eile ar fud na tíre amárach agus Dé hAoine.

 

Fág freagra ar 'Gach scoil le dúnadh ar feadh dhá lá agus ‘Stádas Dearg’ curtha i bhfeidhm do ‘gach contae’'

  • R

    Maith sibh as ucht na hoibre.

  • D

    Maith sibh, a Thuairisc.ie, is uaibhse a fuair muid an scéala ar dtús! Faraor nach bhfuil sibh ar fáil ar an raidió!

  • leitheoir

    Tréasluímid bhur saothar libh a lucht Tuairisc.ie. Ní gá dul i muinnín na meán eile chun an scéala is deireannaí a fháil.