‘Gach focal Gaeilge a labhraíonn tú, is gníomh é ar son teanga aoibhinn’ – Rúiseach na pleanála teanga

Labhair Tuairisc.ie le Victor Bayda as Moscó faoina ról nua mar Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Theas

‘Gach focal Gaeilge a labhraíonn tú, is gníomh é ar son teanga aoibhinn’ – Rúiseach na pleanála teanga

An Dr. Victor Bayda. Pictiúr: Valerie Ní Shúilleabháin

Deir Victor Bayda, an Rúiseach atá ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga in Uíbh Ráthach gur “meas, misneach agus mealladh” an cur síos is fearr aige ar na huirlisí a bheidh aige agus é ag cur na Gaeilge chun cinn i limistéar pleanála teanga Chiarraí Theas.

Tá suim á cur ag go leor daoine sa scéal ó tuairiscíodh aréir go bhfuil Rúiseach fir ceaptha chun plean teanga a chur i bhfeidhm i gceantar Gaeltachta agus tuigeann an léachtóir agus an teangeolaí as Ollscoil Mhoscó dóibh.

“Tá sé sothuigthe go gcuireann sé iontas ar dhaoine in Éirinn go bhfuil Gaeilge ag Rúiseach,” a deir sé.

“Níl mórán feidhme ag baint leis an nGaeilge agus bíonn poiblíocht an-diúltach i leith na Gaeilge sna meáin Bhéarla. Cinnte cuireann sé iontas ar dhaoine go bhfuil suim ag duine ón iasacht i rud go bhfuil an chuma air sa saol timpeall orthu nach nach fiú mórán é, nach bhfuil mórán feidhme ag baint léi mar theanga ná mórán measa uirthi.”

Ní shin an meon a bhí ag Bayda féin riamh i leith na Gaeilge, ná teanga ar bith eile.

“D’fhoghlaim mé Gaeilge i Moscó, rinne mé staidéar ar an Ísiltíris agus ar litríocht na hEorpa agus Mheiriceá ach bhí Gaeilge ar fáil mar ábhar breise agus thug mé fúithi,” a deir sé.

“Bhí suim agam sna teangacha ó bhí mé 13 agus sna teangacha Ceilteacha ach go háirithe. Bhí beagán Breatnaise agus Gaeilge na hAlban foghlamtha agam faoin am a ndeachaigh mé ar an ollscoil agus nuair a fuair mé amach go raibh Gaelige ann chláraigh mé don chúrsa.

“Thug sé deis dom teacht go Coláiste na Tríonóide ar feadh téarma amháin agus is beag Gaeilge a bhí agam ag an am sin agus is ina dhiaidh sin a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i gceart.”

I Moscó is mó mar sin a d’fhoglaim sé an Ghaeilge, ach ní i ranganna ollscoile amháin.

“Déarfainn gur ó Raidió na Gaeltachta agus TG4 a d’fhoghlaim mé go leor. Rinne mé taifead ar na cláracha nuair a bhí mé in Éirinn den chéad uair mar ní raibh aon rud ar an idirlíon ag an am sin. Agus níos deireanaí nuair a bhí siad ar fáil ar líne, ba iontach an áis iad le bheith ag foghlaim.

“Ina dhiaidh sin rinne mé PhD agus bhí leath den tráchtas bunaithe ar an nGaeilge. Ansin thosaigh mé ag múineadh na teanga san ollscoil agus in 2010 bhunaigh muid cúrsa céime sa nGaeilge. Faoi láthair tá tuairim is fiche mac léinn ag déanamh staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Mhoscó. Thar na blianta is minic a tháinig mé go hÉirinn le haghaidh comhdhálacha, le freastal ar chúrsaí nó mar thurasóir.”

Mheall an Ghaeilge ó thús é mar gheall ar an meon eile ar an saol atá ar fáil inti, dar leis.

“Tá mé ceapadh gur mór is fiú Gaeilge a fhoghlaim mar is meon eile smaointeoireachta atá sa teanga agus is iontach an rud é a bheith in ann do chuid smaointe a lúbadh agus a chur in iúl ar chaoi eile seachas mar a dhéantar i mórtheangacha na hEorpa. Is mór is fiú í a shábháil go bhfanfaidh sí ina teanga bheo.”

Is iad na spriocanna atá leagtha síos sa phlean teanga a chuir Comhchoiste Uíbh Ráthaigh le chéile a bheidh le cur i gcrích ag an Rúiseach ach tá súil aige lorg a scileanna agus a smaointe féin a fhágáil ar an obair chomh maith.

“Tá na príomhspriocanna leagtha síos sa phlean teanga agus caithfidh mé a chinntiú go mbainfear amach iad sin,” a deir sé.

“Caithfear díriú ar thrí rud – meas, misneach agus mealltacht. Meas ar an teanga agus ar lucht a labhartha a mhéadú. Tá go leor daoine ann a bhfuil sí fós acu ach caithfidh siad a mhothú gur rud fiúntach í agus go mbíonn meas ag daoine orthu dá bharr.

“Caithfear misneach a thabhairt dóibh siúd a bhfuil leibhéil éagsúla líofachta sa Ghaeilge acu. Caithfear a admháil gur Gaeltacht lag atá sa nGaeltacht seo cé go ndeir tuairim is 60 faoin gcéad den phobal go bhfuil Gaeilge acu agus is cinnte go bhfuil níos mó den fhírinne ansin ná mar a bhíonn nuair a deir líon mór daoine go náisiúnta go bhfuil Gaeilge acu.”

Dar leis go gcaithfear díriú ar an méid Gaeilge atá sa cheantar a mhúscailt agus daoine a chur ar a suaimhneas ag labhairt na teanga ionas nach mbeidh siad “cúthail” faoin méid Gaeilge atá acu.

“Tá claonadh nádúrtha sa duine a mheas go bhfuil níos lú de theanga acu ná mar atá i ndáiríre,” a deir Bayda.

Beidh cúrsaí oideachais go mór i gceist chomh maith.

“Caithfear díriú ar an oideachas. Tá trí bhunscoil Ghaeltachta sa gceantar ach níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht rud nach bhfuil sásúil ar chor ar bith. Caithfidh na daltaí iarbhunscoile freastal ar Aonad Lán-Ghaeilge atá i gCathair Saidhbhín agus cé gur iontach an rud é go bhfuil a leithéid ann, tá sé soiléir, ar go leor fáthanna, nach mar a chéile é agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge.”

Ní cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ach 6.9% de phobal an cheantair agus deir Bayda go gcaithfear meas a léiriú ar chách, an dream nach bhfuil suim acu sa teanga san áireamh.

“Ní chiallaíonn sé sin nach gcuirfidh siad suim inti amach anseo agus caithfear bealaí a aimsiú le hiad a mhealladh.Rud an-tábhachtach ná go mbeadh pleanáil teanga nasctha go dlúth le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta an phobail.

“Tá laghdú tuairim is 40 faoin gcéad ar an bpobal anseo ó lár an chéid seo caite agus le dul i ngleic leis sin bunaíodh tascfhórsa roinnt blianta ó shin agus táthar ag súil le torthaí a hoibre ar ball.”

Tuigeann Bayda an dúshlán mór atá roimhe.

“Tá an Ghaeltacht seo lag ó thaobh na teanga de ach ón méid atá feicthe agam go dtí seo tá an Ghaeltacht seo an-láidir ó thaobh fuinneamh an phobail atá tiomanta an fód a sheasamh agus an ghaoth a chur i seolta an cheantair seo arís.”

Tá ráite ag mórán saineolaithe go leagann an próiseas pleanála teanga dualgas rómhór ar an bpobal seachas ar an Stát agus rinne an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin cáineadh géar ar an bpróiseas an tseachtain seo caite.

Cad é dearcadh an teangeolaí Bayda ar an bpróiseas?

“Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé soiléir nach féidir a bheith sásta leis an méid atá bainte amach go dtí seo ó thaobh chaomhnú na Gaeilge. Níor tharla athGhaelú na tíre ná níor tharla slánú na Gaeltachta. Is minice ná a mhalairt nach féidir le daoine seirbhísí a fháil ón stát sa nGaeilge. Caithfear é sin a admháil leis.

“Is maith liom féin a bheith ag gearán faoin easpa seo agus a bheith ag rá go gcuireann sé iontas orm an chaoi a gcaitear in Éirinn leis an teanga ar de bhunadh an náisiúin seo í. Ach níl mórán buntáistí le fáil as a bheith ag síorghearán, agus tá mé sásta go bhfuil deis agam anois obair phraiticiúil a dhéanamh agus mé lán dóchais gur féidir linn go leor a bhaint amach.”

Deir sé gur deacair a áiteamh gur “drochrud uilig” é plean teanga.

“Is beag an méid airgid a thugtar dó agus ón méid a chloisim is deacair a chur ina luí ar na húdaráis go gcaithfear rudaí áirithe a athrú. Ach mar sin féin, feiceann muid gur i dtreo cineál Laidine a dhéanamh den Ghaeilge a bhí seanpholasaithe an stáit. Ní féidir í a choinneáil beo gan toil an phobail. Agus ní chreidim nach féidir an toil chéanna a mhúscailt.

“Tá go leor di múscailte cheana féin, feicim sin in obair Chomhchoiste Uíbh Ráthaigh agus tá mé thar a bheith sásta a bheith i mo bhall anois den fhoireann iontach gníomhach tiomanta seo agus an deis a bheith agam mo chuid a dhéanamh le cur leis an obair iontach atá á déanamh acu.”

Athrú mór saoil a bheidh ann don oifigeach pleanála teanga nua agus é aistrithe ó chathair Mhoscó go dtí deisceart Chiarraí. Na daoine agus an teanga is mó rud a mheall anseo é, a deir sé.

“Tá mé ag múineadh Gaeilge le 15 bliana agus is mó uair a bhí mé in Éirinn roimhe seo. Tá eolas sách maith agam ar an tír seo agus ar na daoine. Tá cairdeas, féith an ghrinn agus fáilte thar cuimse ag baint leo. Ach is teangeolaí mé ag an am céanna agus is cúrsaí teanga a mheall mé chomh maith.

“Is cuma don Bhéarla má bhíonn tú á fhoghlaim ach gach uile dhuine a fhoghlaimíonn Gaeilge, gach focal a labhraíonn tú i nGaeilge, is gníomh é ar son teanga iontach aoibhinn.

“Má bhíonn tú thar lear ní féidir leat mórán a dhéanamh le cúnamh a thabhairt don teanga ar bhonn níos gníomhaí. Agus tá súil agam go mbeidh mé in ann na scileanna agus na smaointe atá agam mar gheall ar chaomhnú agus láidriú na teanga a chur i bhfeidhm.”

Fág freagra ar '‘Gach focal Gaeilge a labhraíonn tú, is gníomh é ar son teanga aoibhinn’ – Rúiseach na pleanála teanga'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Tá lom lár na firinne ráite ag an Dr. Victor Bayda. Inspioráid don tír ar fad is ea é!

  • Mártan Ó Náraigh

    An focal labhraíonn tú, maireann sé; an focal a scríobhann tú, maireann se i bhfad. Ach ní féidir teanga a coinneal beo gan í a labhairt agus ní labhartar an Ghaeilge. Agus ní beag an méid airgid a caitear agus a chaith uirthí agus gan tairbhe ar bith don teanga ná don Stát.

  • Eoghan Ó Néill

    Guím gach rath at Victor, chuala é ar an radio ar maidin.
    .

  • Conchúr

    Tá an Ghaoluinn marbh in Íbh Ráthach le fada an lá… ní dh’athróidh fostú an Rúisigh seo puinn. Fiú mara mbeadh an scéal amhlaidh, ní fiú faic a bheth ad iarraidh teanga a «phleanáil». Namhaid na teangan ab ea an Stát riamh.