‘Só, an mbeidh tú in ann an bhraillín a fhuáil dom amárach, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus í ag dul a chodladh an oíche cheana. Tá obair ar na cultacha Samhna faoi lán seoil anseo le sé seachtaine (léigh tú é sin i gceart) agus is gearr anois go mbeidh an lá mór linn.
Bhí triail againn d’Oíche Shamhna ar an Aoine seo caite nuair a bhí dioscó ag an gclub peile do na cailíní faoi 10 le clabhsúr a chur leis an séasúr. Ceathrú uaire sular thosaigh an dioscó bhí mé ag iarraidh snáth a chur i snáthaid le culaith an taibhse a fhuáil ina chéile sa gcaoi is nach bplúchfaí an Cailín Mór Beag nó nach leagfaí í ar an urlár damhsa.
‘Mamaí an bhfuil tú cinnte go bhfuil a fhios agat le haghaidh fuáil?’ a d’fhiafraigh sí díom go hamhrasach. ‘Níl,’ a dúirt mé is mo mhéar prioctha arís agam. Más tada é, tá mé cinnte nach bhfuil mé in ann fuáil. Murach nár oibrigh mo phlean leis an stáplóir, bhí an t-éadach róthiubh is ní ghabhfadh na stáplaí tríd, ní bheinn ag fuáil ar chor ar bith.
Tá sí imithe ar an tseanstíl i mbliana agus braillín bhán an chulaith agus dhá pholl gearrtha amach aisti do na súile. Shílfeá go mbeadh sé éasca dhá chiorcal a ghearradh amach as braillín bhán, ach tá sé faighte amach agam nach amhlaidh atá. Ar dtús thriail mé gob an tsiosúir a shá isteach tríthi agus ciorcal a ghearradh amach uaidh sin.
‘Seasaigí siar! Seasaigí siar!’ a d’ordaigh mé is éadach an bhraillín teanntaithe isteach i mo dhoirn agam is mé ag iarraidh gearradh tríd. Ní raibh aon toradh ar an obair.
‘Beidh mé deireanach le haghaidh an dioscó!’ a mheabhraigh an Cailín Mór Beag dom. ‘Scian!’, a chuimhnigh mé. Fuair mé an scian scafa amach as an tarraiceán is thosaigh á shá arís in aghaidh an éadaigh. Sa deireadh thosaigh poll beag ag oscailt san éadach, is d’éirigh liom mo mhéar a shá isteach ann is é a stróiceadh tuilleadh.
‘An mbeidh tú in ann feiceáil tríd sin?’ a d’fhiafraigh mé di.
Chaith sí an bhraillín anuas uirthi féin ina púca beag. Nuair a bhí sí uirthi thug mé faoi deara is mo chroí ag titim go raibh poll faire amháin thuas ag a baithis is an ceann eile istigh faoina srón.
‘Beidh mé ok ceapaim,’ a deir sí le teann díocais le dul ag an dioscó. Ní raibh sé d’am againn aon rud eile a dhéanamh, amach linn sa mbáisteach ag rith chomh fada leis an gcarr is an púca beag ag cuardach an bhealaigh.
‘An bhfuil tú ag iarraidh í a bhaint díot sa gcarr?’ a d’fhiafraigh mé di le faitíos go bplúchfaí í.
‘Níl’ a deir si is tharraing an crios sábhála trasna uirthi féin taobh amuigh den bhraillín. Bhí an oíche dorcha agus fuar agus fliuch agus na sráideanna uaigneach.
D’airigh sé beagáinín diamhair ag tiomáint ar na sráideanna ciúine agus púca beag suite go socair le mo thaobh. Chas an púca air SpinFM gan tada a rá agus shuigh sí siar arís sa suíochán.
Tháinig muid chomh fada leis an halla agus léim an púca amach agus rith sí isteach, an bhraillín ag sraoilleadh ina diaidh.
Fág freagra ar 'Fuair mé an scian as an tarraiceán is thosaigh á sá i mbraillín an phúca…'