Fuair mé amharc ar an todhchaí i nGleann Cholm Cille i 1994…

Casadh ar ár gcolúnaí i nGaeltacht Dhún na nGall i 1994 fear as California. Ráineodh nach ag spalpadh raiméise a bhí sé…

Fuair mé amharc ar an todhchaí i nGleann Cholm Cille i 1994…

Gleann Cholm Cille, samhradh 1994. Tráthnóna grianmhar, tar éis rang Gaeilge ag Oideas Gael, taispeánadh an todhchaí dom féin agus do bheirt eile.

(Ní raibh aon bhaint ag an amharc ar an todhchaí leis an nGaeilge, ach coinnigh ort ag léamh.)

Bhí mé féin agus beirt daltaí eile, fear óg as deisceart Bhaile Átha Cliath agus bean óg as mo thír dhúchais féin, an Ísiltír, inár suí ar ard taobh ó dheas den chuan óna bhfuil radharc álainn ar an Atlantach, ar an trá agus ar cheann tíre Gharbhrois. Ní ar thírdhreach maorga an Ghleanna a bhí ár n-aird, áfach, ach ar an gceathrú duine, fear sna tríochaidí luatha as California. Bhí an triúr againn faoi dhraíocht aige mar a bheadh deisceabail ag fáidh.

Go deimhin, Íosa Críost a mheabhródh fear California do dhuine. Folt fada fionn, féasóigín, aghaidh ghriandhaite a raibh a ghruanna le feiceáil go soiléir faoin gcraiceann inti, mar a bheadh in aghaidh fhealsaimh hipí ar mó a spéis sa raithneach ná sa bhia.

Bhí ar a chumas ár staid mheabhrach reatha a mheas ach a lámha a bhogadh anonn is anall gar dár gceann, a dúirt sé. 

Ní cuimhin liom cén léargas a fuair sé ar staid mheabhrach na beirte eile, ach is cuimhin liom go rímhaith gur baineadh siar go mór as nuair a rinne sé an scanadh spioradálta seo ormsa.

‘Cruthaímid ceangal teileapaiteach le daoine nuair a chasaimid leo, saghas líne theileafóin dhofheicthe,’ a mhínigh sé. 

‘Go hiondúil, crochaimid suas nuair a fhágann muid slán le duine, ach is cosúil nach gcrochann tusa suas ar dhaoine. Mhothaigh mé ar a laghad dhá chéad líne theileapaiteach bheo nuair a rinne mé an lámhscanadh ort – mar a bheadh dhá chéad comhrá gutháin ar siúl i do cheann ag an am céanna. Níl a fhios agam cén chaoi a seasann tú é.’

Ag an am, shíl mé gur ag spalpadh raiméise a bhí fear California, ag iarraidh aird a tharraingt air féin le scéilíní nua-aoiseacha. 

B’fhéidir go raibh.

Fós féin, anois agus ceathrú céid caite, nach mór, rith sé liom gurbh fhéidir go raibh fís den todhchaí ag fear California an tráthnóna sin dáiríre. 

Tá nua-aois linn nach bhféadfaí a shamhlú thiar sa bhliain 1994, nuair nach raibh a leithéid ann agus fón póca agus nuair nach raibh úsáid fhorleathan á baint as an idirlíon, fiú amháin. 

Dhá chéad líne theileapaiteach bheo inár gceann, dhá chéad comhrá ar siúl ag an am céanna, gan stad: idir WhatsApp, Instagram, Facebook agus Twitter, sin é an chaoi a mairimid ar fad inniu.

Fág freagra ar 'Fuair mé amharc ar an todhchaí i nGleann Cholm Cille i 1994…'