Formhór mór múinteoirí Gaeilge ag iarraidh go dtabharfaí ar ais scrúdú cainte Gaeilge don tsraith shóisearach – taighde

De réir taighde nua, tá formhór mór de mhúinteoirí Gaeilge in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna Béarla den tuairim gur chóir an scrúdú cainte a thabhairt ar ais sa tsraith shóisearach

Formhór mór múinteoirí Gaeilge ag iarraidh go dtabharfaí ar ais scrúdú cainte Gaeilge don tsraith shóisearach – taighde

Tá formhór múinteoirí Gaeilge ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an scrúdú cainte Gaeilge don tsraith shóisearach, de réir tuarascála nua.

Nuair a cuireadh ceist ar mhúinteoirí cén t-athrú ba mhaith leo a dhéanamh ar na cúrsaí, dúirt 67%  in iarbhunscoileanna Béarla agus 58% de mhúinteoirí in iarbhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta gur mhaith leo an scrúdú cainte a thabhairt ar ais.

Cuireadh ceist chomh maith ar mhúinteoirí ar cheart aitheantas a thabhairt do Choimisiúin na Scrúduithe Stáit aitheantas a thabhairt don Ghaeilge labhartha ina gcuid grád. Bhí 82% de mhúinteoirí scoileanna T2 go láidir den tuairim gur cheart an t-aitheantas sin a thabhairt agus 84% a bhí i gceist i scoileanna T1.

D’easaontaigh 86% de mhúinteoirí T1 agus 82% de mhúinteoirí scoileanna T2 go láidir leis an ráiteas nár cheart scrúdú cainte a thabhairt ar ais.

Tá an tuarascáil nach bhfuil foilsithe go fóill ach a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais.

An Institiúid Oideachais Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a d’ullmhaigh an tuarascáil Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach.

Fuarthas réidh leis an scrúdú cainte Gaeilge a bhíodh de rogha ann don Teastas Sóisearach nuair a tháinig na sonraíochtaí nua Gaeilge isteach in 2017, cinneadh a chothaigh conspóid mhór.

Deir níos mó ná leath den 911 múinteoir Gaeilge a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh mar chuid den taighde go raibh “róbhéim” ar chúrsaí litríochta agus gan dóthain béime ar labhairt na Gaeilge sna cúrsaí nua T1 agus T2 a tugadh isteach sa tsraith shóisearach in 2017.

Mheas 57% de mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna T1, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta,  agus 65% de mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna T2, scoileanna Béarla an stáit,  gur chóir an méad litríochta atá ar an chúrsa a “laghdú go mór”.

Deirtear sa tuarascáil gur mheas daltaí go raibh “an iomarca” i gceist leis an méid a bhí le clúdach ar an chúrsa agus go raibh “rudaí ag dul ar aghaidh ró-thapa”.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil deacrachtaí eile ag baint leis na sonraíochtaí nua agus go bhfuil “frustrachas” ar mhúinteoirí mar gheall nach raibh na sonraíochtaí ag freastal ar na daltaí mar ba chóir.

“Bhí teachtaireacht láidir ón líon mór múinteoirí a ghlac páirt sa taighde go gcuireann na sonraíochtaí frustrachas orthu mar nach mbraitheann siad gur féidir leo an Ghaeilge a mhúineadh i mbealach éifeachtach spreagúil a d’fhreastalódh ar chumas a gcuid daltaí,” a deirtear sa tuarascáil.

Dúradh chomh maith gur mheas múinteoirí nár éisteadh lena gcuid tuairimí.

Deirtear go bhfuil múinteoirí scoileanna T2 “míshásta” leis an tsonraíocht nua ach nach raibh an leibhéal míshástachta “chomh láidir céanna” i measc múinteoirí scoileanna T1.

Dúirt 95% de mhúinteoirí i scoileanna T2, i gcomparáid le 91% i scoileanna T1, nár cheap siad gur “céim chun cinn dhearfach” a bhí sna sonraíochtaí nua. Bhí 75% de mhúinteoirí T2, i gcomparáid le 66% de mhúinteoirí i scoileanna T1, den tuairim nár leag an cúrsa “amach go soiléir” cad atá le foghlaim ag daltaí sa Ghaeilge don tsraith shóisearach.

I measc na ngnéithe den siollabas a measadh tairbhe a bheith ag baint leo do na daltaí luadh cur chuige an mheasúnú rang-bhunaithe (MRB) ach dúradh go raibh gá le tuilleadh deiseanna cumarsáide.

Deir An Gréasán, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, go raibh na torthaí foghlama “róleathan, rótheibí agus ró-uaillmhianach”.

“Níl siad téagartha go leor. Tá sé deacair brí a bhaint astu agus tá an iomarca acu ann. Tá an teanga atá in úsáid róshainiúil agus róchasta do dhaltaí, rud a chiallaíonn nach bhfuil úsáid phraiticiúil leo go laethúil sa seomra ranga,” a deirtear san aighneacht a chuir An Gréasán faoi bhráid lucht an taighde.

Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí agus múinteoirí ar chur chuige T1 agus T2 na sraithe sóisearaí.

Fuath seachas grá don Ghaeilge atá á chothú ag scrúdú nua Gaeilge an Teastais Shóisearaigh i measc daltaí scoile, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean anuraidh.

Tá comhairle curtha ag an Choimisiún Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an Aire Oideachais gan dul ar aghaidh leis an phlean an múnla T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist.

Fág freagra ar 'Formhór mór múinteoirí Gaeilge ag iarraidh go dtabharfaí ar ais scrúdú cainte Gaeilge don tsraith shóisearach – taighde'