Foras na Gaeilge ag déanamh ‘beag is fiú’ den chomhpháirtíocht – na ceanneagraíochtaí

Níl Foras na Gaeilge chun tuarascáil athbhreithnithe atá á héileamh ag na ceanneagraíochtaí a chur ar fáil dóibh agus deir an eagraíocht mhaoinithe go bhfuil sé ‘riachtanach’ anois ‘mórthuarascáil iomlán chuimsitheach’ a ullmhú

Foras na Gaeilge ag déanamh ‘beag is fiú’ den chomhpháirtíocht – na ceanneagraíochtaí

Tá Foras na Gaeilge ag déanamh “beag is fiú” den chomhpháirtíocht, dar leis na sé cheanneagraíocht teanga.

I litir atá seolta ag na sé eagraíocht chuig Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, deir siad go bhfuil “alltacht agus díomá” orthu faoi iompar an Fhorais i leith an athbhreithnithe atá á dhéanamh ar an ‘gcur chuige comhpháirtíochta’.

I gcomhráiteas a chuir siad amach Dé Máirt dúirt na ceanneagraíochtaí Gaeilge go raibh fúthu eirí as an bpróiseas athbhreithnithe atá ar siúl maidir leis an gcóras faoina bhfeidhmíonn siad, mura gcuirfeadh Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip de thuarascáil a rinneadh mar chuid den phróiseas sin.

I ráiteas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Tuairisc.ie aréir dúradh nach “cáipéis chríochnúil” a bhí sa tuarascáil a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga agus nach raibh sé i gceist í a chur ar fáil dá réir.

“Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar an bpróiseas measúnaithe agus luachála agus fógrófar babhta nua tairisceana le measúnú a dhéanamh ar an gcur chuige comhpháirtíochta.

“Nuair a bheidh an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus tuarascáil chríochnúil ar fáil, roinnfear agus pléifear sin de réir théarmaí tagartha an athbhreithnithe leis na páirtithe leasmhara,” a dúradh i ráiteas an Fhorais.

Ní fios go fóill an sásóidh an méid sin na ceanneagraíochtaí a dúirt go mbeifí ag tarraingt siar ón bpróiseas mura gcuirfí an tuarascáil a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga ar fáil dóibh.

Sa chás nach gcuirfí an tuarascáil ar fáil dóibh, dúirt na ceanneagraíochtaí go mbeadh siad “sásta plé go dearfach” leis an bhForas faoi phróiseas athbhreithnithe úr nua.

Tá na ceanneagraíochtaí ag iarraidh bualadh leis an bPríomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Bhord an Fhorais chun an scéal a phlé leo ar bhonn práinne agus éilítear sa litir go mbeadh cruinniú “urghnách” den Fhóram Comhpháirtíochta ann an tseachtainn seo chugainn.

Maíonn na ceanneagraíochtaí ina litir go ndearna an Foras beag is fiú den chomhpháirtíocht nuair a rinneadh cinneadh “aontaobhach” maidir leis an tuairisc atbhreithnithe a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh deireadh curtha leis an gconradh a bhí ag Foras na Gaeilge le Seirbhísí Pleanála Teanga chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ‘gcur chuige comhpháirtíochta’, an córas nua a tugadh isteach d’earnáil dheonach na Gaeilge in 2014.

‘Brú ama agus ualach oibre’ ar an gcomhairleoir an t-údar a thug Foras na Gaeilge le deireadh a bheith curtha leis an gconradh le Seirbhísí Pleanála Teanga agus le comhlacht nua a bheith á lorg chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích.

Ach deir na sé cheanneagraíocht gurb é a dtuiscint siúd ar an scéal gur chuir Seirbhísí Pleanála Teanga tuairisc ar fáil don Fhoras “faoi mar a bhí dlite faoi na téarmaí tagartha”.

Sa ráiteas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Tuairisc.ie tráthnóna inné glacadh leis nár baineadh amach an spriocdháta maidir leis an athbhreithniú, ach dúradh go raibh sé “soiléir” de réir “mar a cuireadh an próiseas athbhreithnithe i bhfeidhm” go mbeadh “gá an taighde agus amscála a leathnú le go bhféadfaí mórthuairisc chuimsitheach chríochnúil a chur ar fáil”.

Tá cruinniú beartaithe don 6 Márta ag an bhFóram Compháirtíochta, an grúpa a bunaíodh chun comhordú a dhéanamh ar obair na sé cheanneagraíocht i gcomhar le Foras na Gaeilge, agus ba mhaith leis na ceanneagraíochtaí go nglanfaí clár an chruinnithe sin do chruinniú speisialta.

Táthar ag iarraidh go bpléifí ag an gcruinniú sin ról an Fhóraim féin, an caidreamh idir na ceanneagraíochtaí agus an Foras agus scálaí tuarastail na gceanneagraíochtaí.

Dúirt Foras na Gaeilge go gcuirfeadh an babhta nua tairisceana moill ar “an amscála a bhí aontaithe” i leith an athbhreithnithe ach go raibh a leithéid “riachtanach lenár sprioc maidir le mórthuarascáil iomlán chuimsitheach a bhaint amach”.

Tá an Foras sásta, a dúradh, glacadh le moladh cheannasaithe na gceanneagraíochtaí go mbeadh rátaí agus scálaí pá na n-eagraíochtaí mar chuid den athbhreithniú, eileamh atá ag na ceanneagraíochtaí le tamall. Bheadh Foras na Gaeilge sásta cúrsaí pá a phlé ag an chéad chruinniú eile den Fhóram Comhpháirtíochta, a dúradh.

Maidir le héileamh na gceanneagraíochtaí ar chruinniú urghnách, dúirt Foras na Gaeilge go raibh siad “ar fáil i gcónaí le bualadh leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge ina n-aonair nó mar ghrúpa” agus go ndéanfaí “socruithe ina leith sin sa tréimhse amach romhainn”.

Dúradh gurb é “prionsabal an chur chuige comhpháirtíochta go mbeadh na sé cheanneagraíocht ag obair i ndlúthchomhar le chéile, agus Foras na Gaeilge ag éascú an chur chuige sin”. 

“Tugtar deis do cheannasaithe na gCeanneagraíochtaí teacht i gceann a chéile ar a laghad ceithre huaire sa bhliain san Fhóram Comhpháirtochta, agus teacht i láthair fóram eile atá comhdhéanta d’ionadaithe ó ghrúpaí pobail a mhaoiníonn Foras na Gaeilge – an Fóram Forbartha Teanga.”

Is ionann an cur chuige comhpháirtíochta agus an córas nua a tugadh isteach d’earnáil dheonach na Gaeilge in 2014 nuair a laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn –  Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael.

Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge ag déanamh ‘beag is fiú’ den chomhpháirtíocht – na ceanneagraíochtaí'