Foirgneamh nua do phobal na Gaeilge le forbairt ag OÉ, Gaillimh mar chuid de straitéis nua don teanga

Deirtear i ndréachtchóip de straitéis nua atá feicthe ag Tuairisc.ie go bhfuil an spás atá curtha ar fáil do phobal na Gaeilge in OÉ, Gaillimh faoi láthair róbheag

Foirgneamh nua do phobal na Gaeilge le forbairt ag OÉ, Gaillimh mar chuid de straitéis nua don teanga

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag moladh go dtógfaí foirgneamh nua ar an gcampas do phobal na Gaeilge mar chuid de straitéis nua d’fhorbairt na teanga san ollscoil.

Deirtear i ndréacht den straitéis Ghaeilge atá feicthe ag Tuairisc.ie gur chóir tús a chur leis an réamhphleanáil don togra “láithreach” agus deirtear go bhfuil an spás atá curtha ar fáil do phobal na Gaeilge faoi láthair róbheag.

Tá an foirgneamh nua ar cheann de phríomhchuspóirí na straitéise nua agus é ráite go bhfuil “dúshlán” ag baint le bheith ag brath ar Áras na Gaeilge ar an gcampas. 

Deirtear go mbíonn foireann Ghaeltachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag caitheamh níos mó ama ar an gcampas sa chathair ná mar a bhíodh agus go bhfuil acmhainní agus spás teoranta ann don teagasc agus don taighde.

Tá an moladh ar cheann de na tosaíochtaí i ‘Straitéis na Gaeilge don Ollscoil’, atá le foilsiú an mhí seo chugainn. Moltar freisin Scéim Chónaitheach Ghaeilge a athfhorbairt chun deis a thabhairt do mhic léinn cur le pobal labhartha na Gaeilge “mar phobal beo” san ollscoil.

Tá cuspóirí luaite sa straitéis nua freisin maidir le seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil san ollscoil. Deirtear go mbeidh sé mar aidhm ag an ollscoil go mbeadh 20% den “fhoireann ghairmiúil” in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Luaitear go ndéanfar staidéar ar chumas na n-aonad éagsúla san ollscoil seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go gcinnteofaí go bhfuil daoine a bhfuil Gaeilge acu i ngach aonad agus rannóg riaracháin a bhfuil dualgas orthu freastal ar phobal Gaeilge na hollscoile.

Tá na geallúintí le déanamh tráth ar thug uachtarán na hollscoile le fios gur “ceap magaidh” a bhí i gcuid den tseirbhís Ghaeilge a chuirtí ar fáil san ollscoil go dtí seo do dhaoine a bhíonn ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá conspóid ann faoi láthair maidir le cinneadh Údarás na hOllscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phoist riaracháin san ollscoil.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh, gur iarracht a bhí sa chinneadh sin an Ghaeilge a threisiú san ollscoil, seachas céim siar a thógáil.

Dúirt sé gur fhág an caighdeán teanga a bhí ag teastáil do phostanna áirithe roimhe seo go mbeadh daoine in ann “beannú duit i nGaeilge” ach go mb’fhéidir nach mbeadh siad níos líofa ná sin.

Faoi straitéis nua na hollscoile, a deir Ó hÓgartaigh, bheadh ar a laghad duine amháin i ngach aonad le hardchaighdeán Gaeilge chun seirbhís a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.

Tá sé mar sprioc sa straitéis freisin Oifigeach na Gaeilge a thabhairt isteach a bheadh neamhspleách ar na haonaid eile atá ag plé le cúrsaí teanga san ollscoil. Bheadh baint ag Oifigeach na Gaeilge leis an straitéis teanga “a neadú, a stiúradh agus a thiomáint”.

Neosfaidh an aimsir an réiteach a bheidh sa straitéis nua ar an míshástacht atá léirithe faoi chinneadh OÉ Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phostanna áirithe.

Sí an Teachta Dála Mairéad Farrell an polaiteoir is déanaí atá tagtha amach in aghaidh an chinnidh.

I litir atá scríofa aici chuig Ciarán Ó hÓgartaigh léiríonn sí a míshástacht faoin gcinneadh agus d’iarr sí go gcuirfí moladh faoi bhráid Chomhairle Acadúil na hOllscoile an cinneadh “místuama” a aisghairm agus an riachtanas Gaeilge a chur i bhfeidhm arís.

Deir Farrell sa litir go bhféachfar ar an gcinneadh seo “mar lagú níos tromchúisí” i leith stádas na teanga san ollscoil ná an cinneadh a rinneadh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta san ollscoil.

Deir Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, nach dtagann an cinneadh leis na hiarrachtaí atá déanta an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

“Cinneadh místuama a bhí anseo agus feictear dom go dtagann sé salach, ní hamháin ar stádas chathair na Gaillimhe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta agus ar stádas dátheangach na cathrach, ach ar an Straitéis nua don Ghaeilge atá á forbairt ag an ollscoil.

“Cainteoir láidir Gaeilge de bhunadh na Gaillimhe é Ciarán a bhfuil tuiscint mhaith aige ar thábhacht na teanga don chathair agus don réigiún trí chéile agus bím i dteagmháil leis go rialta. 

“Sa chás seo tá súil agam gur féidir leis an dearmad mór seo a chur ina cheart arís agus a chinntiú chomh maith leis sin nach mbíonn aon lagú eile maidir le stádas na Gaeilge ar an gcampas,” a deir Farrell.

Fág freagra ar 'Foirgneamh nua do phobal na Gaeilge le forbairt ag OÉ, Gaillimh mar chuid de straitéis nua don teanga'

  • Poraic o'hEipicín

    Go bhfóire Dia ar an Gaeilge.