Fógraí Béarla do leithéidí Guinness agus KBC Bank á gcraoladh ar chláir Raidió na Gaeltachta ar líne

Níl aon mhíniú tugtha fós ar chraoladh fógraí Béarla ar sheinnteoir ar líne RnaG, stáisiún a bhfuil cosc fadbhunaithe aige ar Bhéarla agus ar fhógraí tráchtála

Fógraí Béarla do leithéidí Guinness agus KBC Bank á gcraoladh ar chláir Raidió na Gaeltachta ar líne

Tá fógraí Béarla do leithéidí Guinness, Electric Ireland, KBC Bank agus Fairy Liquid le cloisteáil roimh chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta ar líne.

De réir rialacha seanbhunaithe an stáisiúin, ní cheadaítear aon Bhéarla ná aon fhógraí tráchtála a chraoladh.

Le tamall anuas, bíonn na fógraí Béarla 20 soicind le cloisteáil roimh na cláir agus na míreanna as na cláir ar sheinnteoir shuíomh idirlín an stáisiúin Ghaeilge, atá ina chuid de shuíomh RTÉ.

I measc na bhfógraí Béarla a bhí le cloisteáil ar líne inné ar chláir ar nós Adhmhaidin agus Cormac ag a Cúig, bhí fógraí do Guinness, Ariel, KBC Bank, Lenor, Fairy Liquid agus Oreos.

Nuair a cliceáladh maidin inné ar suas le 20 clár agus mír ó RnaG ar shuíomh an stáisiúin chun éisteacht siar leo, seinneadh na fógraí Béarla ag tús beagnach gach ceann acu.

Ar an seinnteoir ar líne inné, bhí, mar shampla, fógra do KBC le cloisteáil roimh Cormac ag a Cúig agus bhí fógra do Oreos le cloisteáil roimh Nuacht an Iarthair.

Dealraíonn sé go mbíonn na fógraí seo le cloisteáil ar a seal roimh ábhar ar líne RTÉ, máthairchomhlacht Raidió na Gaeltachta, nach mbíonn aon chosc aige ar fhógraí tráchtála.

Tá sé mar pholasaí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh an stáisiún i 1972 gan aon fhógraí tráchtála a chraoladh. Cé go gceadaítear amhráin le liricí Béarla a chraoladh san oíche ar an stáisiún Gaeltachta, is i nGaeilge amháin a bhíonn an chuid eile den tseirbhís a chuirtear ar fáil ar raidió agus ar líne.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na fógraí Béarla ar líne agus faoi cé acu an athrú polasaí nó cúis eile faoi deara iad.

Níl aon mhíniú tugtha fós ag RnaG ar an scéal.

Fág freagra ar 'Fógraí Béarla do leithéidí Guinness agus KBC Bank á gcraoladh ar chláir Raidió na Gaeltachta ar líne'