Foclóir ríme nua forbartha mar thoradh breise ar uirlis aistriúcháin

Deir forbróirí na huirlise go bhféadfaí í a úsáid chun leagan nua d’amhrán traidisiúnta a chumadh i gcanúint eile, mar shampla

Foclóir ríme nua forbartha mar thoradh breise ar uirlis aistriúcháin

Tá “foclóir ríme láidir” don Ghaeilge, a chuireann éagsúlachtaí canúna san áireamh, forbartha ag beirt bhan mar “fothoradh” ar obair a bhí ar bun acu leis an bhfeidhmchlár Míreadóir a chur le chéile.

Deir Ellen Corbett agus Mykalin Jones nach ag iarraidh foclóir ríme Gaeilge a dhéanamh a bhí siad ach gur tuigeadh dóibh go bhféadfaí an úsáid sin a bhaint as an uirlis a d’fhorbair siad agus go mbeadh sé thar a bheith úsáideach do dhaoine a bheadh ag scríobh nó ag aistriú amhráin agus dánta i nGaeilge.

Bhí an bheirt ag streachailt le fadhb aistriúcháin nuair a chonacthas dóibh go bhféadfaí obair an aistritheora a éascú dá bhféadfaí “fotheaghráin” – nó míreanna beaga taobh istigh den fhocal – a chuardach sna foinsí foclóireachta ar líne.

“Thug muid faoi deara go raibh bearna ann le haghaidh uirlis a bheadh ábalta cuardach a dhéanamh ar fhotheaghráin na Gaeilge ar bhealach níos solúbtha, agus gur cheart go mbeadh gnéithe breise ar fáil i bhfeidhmchlár mar seo, gnéithe nach raibh ar fáil i bhfeidhmchláir eile go dtí seo,” a mhínigh an bheirt ina bpáipéar taighde a foilsíodh san irisleabhar acadúil An Reiviú.

Uirlis “níos simplí” ná na cuardaigh chasta ar na bunachair mhóra focal agus téarmaí a theastaigh uathu agus chrom siad ar an obair lena n-uirlis féin a chruthú “a bheadh dírithe ar an aistriúchán” – uirlis a d’éascódh cuardach de réir ríme agus uama.

“Mar sin, lenár dtochas féin a mhaolú, chruthaigh muid Míreadóir, uirlis chuardaigh d’fhotheaghráin na Gaeilge,” a dúirt Corbett agus Jones.

Leis an uirlis a úsáid, cuireann an t-úsáideoir an mhír den fhocal is mian leo a mheaitseáil le focal eile (an deireadh nó an tús mar shampla) isteach sa bhosca cuardaigh. Tá an rogha ann meaits páirteach nó meaits cruinn a roghnú. Cuirtear meaitseanna páirteacha le sínte fada agus gan sínte fada san áireamh.

Nuair a chliceáiltear ar an gcnaipe cuardaigh, faightear liosta torthaí in ord aibítre a thagann as Teanglann.ie agus hipearnasc ann don iontráil ar an suíomh sin.

“Ní go dtí gur roinneadh an aip nua ar ghrúpa tástálaithe a tugadh faoi deara go bhféadfaí úsáid níos leithne a bhaint as ná mar a shamhlaigh muid. Bhí réamhbharúil againn go mbainfí úsáid as Míreadóir mar uirlis chun cuidiú le ceisteanna áirithe aistriúcháin, ach i ndáiríre d’úsáid tástálaithe Míreadóir é ar bhealaí ní ba leithne ná mar a shíl muid féin,” a dúirt siad.

Mhaígh an bheirt gur úsáid foghlaimeoir Gaeilge an aip nua le “staidéar neamhspleách” a dhéanamh ar dhíochlaontaí na Gaeilge agus gur úsáid acadóir í agus é ag tras-scríobh ábhar fuaime.

“Ach is í an ghné is nuaí agus is spreagúla a bhaineann leis an fheidhmchlár ná an úsáid mar fhoclóir ríme. Cé go bhfuil foclóir ríme ar fáil sa Ghaeilge i bhfoirm PDF, ní chuireann sé na trí mhórchanúint san áireamh, agus dírítear go mór ar an Ghaeilge chaighdeánach sa gceann sin.

“Mar shampla, bheadh ar Ultach cuardach a dhéanamh ar fhocail a chríochnaíonn le ‘ú’, ‘adh’, nó ‘odh’ agus iad sa tóir ar fhocal a dhéanann rím le ‘samhradh’, ach i gcás daoine as réigiúin eile, seans maith go mbeadh siad ag lorg focal a chríochnaíonn le ‘adh’ leis an rím chéanna a bhaint amach,” a mhínigh Corbett agus Jones.

Mhaígh siad go raibh féidearthachtaí ann le Míreadóir a úsáid chun aistriúcháin idrchanúnacha a dhéanamh agus thug sampla d’amhránaí a bheadh ag iarraidh leagan dá chuid féin d’amhrán traidisiúnta ó chúige eile a dhéanamh ina chanúint féin agus an rím bhunaidh a choinneáil ann.

Fág freagra ar 'Foclóir ríme nua forbartha mar thoradh breise ar uirlis aistriúcháin'