Foclóir Gaeilge-Fraincise ar intinn ag foclóirithe

Deir Foras na Gaeilge gur mhaith leo foclóir Gaeilge-Fraincise a chur le chéile nuair a bheadh na saothair fhoclóireachta atá ar bun faoi láthair críochnaithe acu

Foclóir Gaeilge-Fraincise ar intinn ag foclóirithe

Ba mhaith le Foras na Gaeilge foireann an Tionscadail Foclóireachta a chur ag obair ar Fhoclóir Gaeilge-Fraincise nuair a bheidh a gcuid oibre ar an bhfoclóir Gaeilge-Béarla agus an foclóir aonteangach Gaeilge curtha i gcrích acu.

Luaitear i bPlean Straitéiseach Fhoras na Gaeilge 2025-2030 gur gá tuilleadh acmhainní foclóireachta a fhorbairt “ar nós foclóir Gaeilge-Fraincise” le freastal ar an “líon mór scoláirí” atá i mbun staidéir ar an dá theanga sa chóras oideachais.

Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse reatha foclóireachta i bhfómhar na bliana 2027, ach maítear sa Phlean Straitéiseach nach é sin “deireadh na hoibre foclóireachta” ach “cloch míle eile ar aistear níos faide a mbeidh tuilleadh infheistíochta de dhíth lena cheann scríbe a bhaint amach”.

Dúirt Cormac Breathnach, bainisteoir an Tionscadail Foclóireachta, le Tuairisc nach bhfuil san fhoclóir Gaeilge-Fraincise a luaitear i gcáipéis an Fhorais ach “féidearthacht” amháin a d’fhéadfaí a bhaint amach tar éis d’fhoireann an fhoclóra an obair reatha a chur díobh.

“An príomhrud faoi láthair dúinne ná an dá fhoclóir atá idir lámha againn a chríochnú. Beidh sé déanta faoi dheireadh ráithe a trí in 2027 [Meán Fómhair], agus ag an bpointe sin beidh orainn breathnú chun cinn.

“Ba bhreá linn foclóir Gaeilge-Fraincise a chur le chéile, agus tá sé i measc fiche rud eile ba cheart a bheith ann. Tá sé sin ag brath ar aon aonad ceart buan foclóireachta agus foireann bhuan a bheith ann chomh maith le soláthar dóthaineach don mhéid atá ann faoi láthair,” a dúirt sé.

Thug sé le fios go raibh súil ag an bhfoireann go mbeifí in ann “an chéad sciar” d’iontrálacha na bhfoclóirí nua a sheoladh ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste i mbliana ach nach mbeadh an foclóir iomlán ar fáil go ceann dhá bhliain ina dhiaidh sin.

“Beidh orainn cinntí a dhéanamh cad é an chéad chéim eile ansin. Luadh an foclóir Gaeilge-Fraincise [sa Phlean Straitéiseach] mar shampla de rud a d’fhéadfaimis a dhéanamh, agus bhí sé mar thosaíocht againn go mbeimis in ann obair ar theangacha eile ach níl aon chinneadh coincréiteach déanta againn,” a dúirt Breathnach.

Dúirt sé gurbh é an mhórsprioc a bhí ag foireann na bhfoclóirí ná go mbeadh an dá fhoclóir nua ar cóimhéid leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge a foilsíodh ar líne tamall de bhlianta ó shin.

“Ba mhaith linn go mbeadh na trí fhoclóir ar aon mhéid lena chéile. Tá 140,000 aonad céille sa New English Irish Dictionary agus rud amháin ba mhaith linn a bhaint amach ná go mbeadh an líon céanna iontrálacha ar an dá fhoclóir eile.

“Tá an t-uafás rudaí ann a d’fhéadfaí a dhéanamh ach an fhoireann agus an maoiniú a bheith ann chuige – foclóirí scoile, foclóirí póca agus cluichí teanga ar líne, mar shampla. Má fhéachann tú ar fhoclóirí Oxford agus Cambridge ar líne is gné an-mhór iad na cluichí litrithe agus foghraíochta. D’fhéadfaimis sluafhoinsiú a dhéanamh ar ábhar freisin. Ainmnigh thusa é agus ba mhaith linne é a dhéanamh,” a dúirt sé.

Thagair sé freisin do na hacmhainní gramadaí atá ar an suíomh cheana féin agus dúirt gur mhaith leis “iad sin a leathnú go mór”.

“Cuirim i gcás an focal ‘gasúr’. Ba bhreá linn nóta a chur leis sin faoin úsáid a bhaintear as thiar agus ó thuaidh, nótaí úsáide do lucht léite an fhoclóra. Tá go leor meitea-eolais á chur leis an suíomh againn faoi láthair agus d’fhéadfaí é sin a úsáid mar bhunchloch do nótaí úsáide agus eile,” a dúirt sé.

Tá súil ag Breathnach go seolfar cuid den fhoclóir nua Gaeilge-Béarla faoi dheireadh na bliana. Dúirt sé gur “buntáiste” é go bhfuil an foclóir ar líne agus gur féidir na hiontrálacha a bheidh críochnaithe faoin am sin a fhoilsiú sula mbeidh an foclóir ar fad réitithe – buntáiste nach mbeadh i gceist dá mba foclóir clóite amháin a bhí ann.

“An buntáiste a bhaineann leis an leagan ar líne ná gur féidir sciaranna de a fhoilsiú de réir a chéile. Beidh bearnaí móra sa chéad sciar sin a chuirfear amach, ach tharla sé sin in 2013 nuair a foilsíodh an chéad sciar iontrálacha ón NEID. Foilsíodh 60% den ábhar agus bhí daoine ag rá linn go raibh ‘dog’ againn agus ‘cat’ againn ach nach raibh ‘rabbit’ againn. Ach beidh gach rud ann sa deireadh.

“Ba bhreá linn a bheith in ann an rud a sheoladh ag an Oireachtas. Tá imeachtaí á reáchtáil againn ann le breis agus deich mbliana anois agus tá daoine dílse ann a thagann bliain i ndiaidh bliana, ach beidh sé sin ag brath ar chúrsaí maoinithe agus daoine,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Foclóir Gaeilge-Fraincise ar intinn ag foclóirithe'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    C’est une excellente idée, vraiment formidable.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Táim cinnte go ndíolfar na mílte cóipeanna. Mé, bhuí!

  • Úsáideoir

    Molaim údar an ailt as ucht a chuid dúthrachta tíocht ar scéaltaí go tráthrialta agus na scéaltaí sin a chur i riocht dea-scríofa go mbí lón léitheoireachta againne, lucht na Gaeilge, agus ní eisceacht é an soláthar seo is déanaí leis, bail ó Dhia air.

    Má mholaim fhéin, click-bait cruthanta atá i dteideal an ailt seo. Is follasach go bhfuil an Breatnach, bainsiteoir an tionscadail, ar a seacht ndícheall le cur abhaile ar údar an ailt, agus cibé cén té a thiúrfas cluais éisteachta dhó geall leis, gurb ionann Foclóir Fraincise dhá leithéid agus an chloch is lú ar phaidrín an Fhorais agus fhoireann an fhoclóra araon. Buanú an tionscadail, idir thíocht ar mhaoiniú agus an fhoireann reatha a choinneáil fostaithe dá réir, geall leis, an chloch is mó. Níl acht ná aimhreas orm go scaipfear teideal an ailt seo ar na meáin agus daoine den bharúil nach bhfuil tús áite dhá thiúirt d’fhoclóir Gaeilge, bíodh foclóir Gaeilge nó Gaeilge-Béarla.

  • Breathnóir

    Smaoineamh maith ach shílfeá gur foclóir Gaeilge-Spáinnise an chéad rogha, i bhfianaise líon cainteoirí agus úsáideachta.

  • Nioclás Pól Caileán de Ghloucester

    “Smaoineamh maith ach shílfeá gur foclóir Gaeilge-Spáinnise an chéad rogha, i bhfianaise líon cainteoirí agus úsáideachta.” arsa Breathnóir ach bíonn foclóirí faoin Spáinnis ar fáil! Cf. David Barnwell, Carmen Rodríguez Alonso, Diccionario Irlandés-Español / Foclóir Gaeilge-Spáinnise, Evertype. Cf. J. M. Sáez, Diccionario Irlandés Mini. Cf. Richard Carlson, Español-Gaélico irlandés Profesiones/Poist Diccionario bilingüe de imágenes para niños. Srl. Gwyneth Kitzler, IRLANDÉS español pequeño diccionario para niños, Mis primeras palabras con imágenes grandes: Libro para bebés para aprender irlandés, Vocabulario bilingüe de primaria para principiantes. Cf. Juan Sáenz, Diccionario Pocket Irlandés, Fluo!. Cf. Christine Wagner, Mi Primer Diccionario Irlandés: Las primeras 150 palabras en español-irlandés con imágenes para pequeños genios (Aprende con Dina).