FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Frank Reidy – Ó Chósta go Cósta

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é ‘Ó Chósta go Cósta’ le Frank Reidy atá againn

Frank Reidy

Réamhrá: 1994 Bhí William Wallace i ngleic leis na Sasanaigh ar Churrach Chill Dara samhradh na bliana sin 1994. Ba é an Fórsa Cosanta Áitiúil a bhí ag saighdiúireacht mar aisteoirí breise don scannán Braveheart le Mel Gibson, agus bhí muid uilig ag baint pingine agus pléisiúir as.

I bhfad i gcéin, i dtír i ngar do lár na hAfraice, bhí cogadh dáiríre agus cogadh fuilteach á throid. Bhí Ruanda chomh beag sin go raibh litreacha a ainm níos mó ná méid na tíre ar an léarscáil. Bhí na Hutu in éadan na Tutsi, gangaid a bhí ag dul i bhfad siar. Ní raibh fórsaí na Náisiún Aontaithe in ann an t-ár a stopadh. Ní raibh ann ach na Hutu agus na Tutsi, agus nárbh fhearr iad a fhágáil ag troid? Bhí an cine geal slán sábháilte agus ní raibh na meáin ann le pictiúir a chur ar fáil. Maraíodh suas le milliún duine i gcinedhíothú Ruanda in imeacht céad lá.

D’athraigh an scéal nuair a theith na céadta mílte ó Ruanda agus chuireadar fúthu i gcampaí ar theorainneacha na dtíortha máguaird: an tSáír (Poblacht Dhaonlathach an Chongó anois) agus an Tansáin. Bhí na teifigh i ndroch-chaoi, ceal fíoruisce agus greim le n-ithe, agus bhíodar ag cur fúthu i gcábáin phlaisteacha i gcomharsanacht bolcáin a bhí idir beo agus marbh. Bhuail calar na daoine agus fágadh na coirp gan chur. Ba ghearr go raibh na meáin idirnáisiúnta ann, Charlie Bird ó RTÉ ina measc. Chuir na pictiúir déistin ar dhaoine agus chuir John O’Shea ó GOAL brú láidir ar rialtas na tíre seo na fórsaí cosanta a chur anonn. Rinne an rialtas cinneadh agus ba ghearr gur thosaigh an phleanáil.

Bhí tamall ann ó bhí mise thar lear, mar chuid de mo sheirbhís mhíleata, agus chuir mé síos m’ainm. Piocadh mé, i measc scór eile. Ní ghnáthmhisean a bheadh anseo ar a lán bealaí: den chéad uair bheadh muid ag obair faoi scáth agus in éineacht le heagraíochtaí neamhrialtais ar nós GOAL, Concern, Trócaire agus Cumann na Croise Deirge. Is ag cur seirbhís lóistíochta ar fáil do na heagraíochtaí sin a bheadh muid. Níl aon mhistéir ag baint le lóistíocht ach, mar a thuigfeá, is scil í a leagtar béim uirthi san earnáil mhíleata. Is éard atá ann ná an t-ábhar ceart sa méid ceart a chur go dtí an áit cheart in am cuí. Ar pháipéar tá sé an-éasca ach i gcomhthéacs cogaidh agus bhonneagar na hAfraice, níl ann ach frustrachas agus teasaíocht cuid mhaith den am. Ach tá sásamh ann freisin le corrbhua agus seift, ag cuimhneamh i gcónaí orthu siúd ar a bhfuil tú ag freastal.

Nó b’in cuid den chomhairle a cuireadh orm féin agus Bobby Cullagh, ceannfort eile ón gCurrach, in oifig GOAL sular fhág muid Éire. Ó thuairiscí Charlie Bird ar RTÉ, bhí muid cinnte nach mbeadh tada éasca ann agus muid ar ár mbealach go Nairobi, príomhchathair na Céinia. Bhí imní orainn freisin faoi na mílte dollar a bhí á n-iompar againn gar dár gcolainn, gan compord gunna mar ba ghnách. Níor chodail ceachtar againn néal.

Bhí Mick Walsh, leathbhádóir linn, ann romhainn agus d’ith muid béile breá i dteach GOAL in iarthar chathair Nairobi. Le breacadh an lae bhí muid ar ár mbealach go hAerpháirc Wilson ar bhruach na cathrach le dul go cathair Goma sa tSáír. Gan mhoill thosaigh inneall an eitleáin bhig dhá lián.

“Coinnigh súil ar an mapa,” a dúirt an píolóta liom. “Ar ball beag feicfidh tú Loch Kivu ar thaobh na láimhe clé, ó dheas uait.” Bhí Bobby ag srannadh sa suíochán cúil. Sínte thíos fúinn bhí eachréidh na hAfraice, dath donn uirthi le corrchoill ghlas agus abhainn. Ba é an radharc ar na bolcáin a thug leide dúinn go raibh muid i ngar do Goma agus Loch Kivu lena thaobh. Dhúisigh mé Bobby go bhfeicfeadh sé an radharc. Bhí cuma mhaith go leor ar an aerfort, le rúidbhealaí tarra. Rith na céadta gasúr le taobh an eitleáin agus muid ag tuirlingt. Bhí sé cúig huaire fichead ó d’fhág muid Currach Chill Dara.

Bhí an Captaen Declan O’Brien an-sásta muid a fheiceáil agus a raibh de litreacha, slisíní bagúin, ispíní agus tae Barry’s againn, a thug muid linn ón mbaile. D’ól muid tae agus roinn muid scéalta ó bhaile leis i dteach GOAL “uimhir a haon” i mbaile Goma. Tar éis dúinn néal a chodladh agus cith a thógáil chasfadh muid lenár gcomrádaithe eile a bhí ag obair sna campaí.

Chuala muid uainn torann na ndrumaí ag bualadh agus muid ag teannadh le campa Mugunga. Ar chaon taobh an bhóthair bhí fir óga ag ól beorach as buidéil, cuid acu in éide airm – an t-arm céanna (lena gcuid mílístí) a bhí freagrach as an gcinedhíothú. Chuir Declan fainic orainn gan fiú breathnú orthu. Níor stop muid gur sheas muid ar bharr cnocáin. Sínte thíos fúinn bhí na céadta mílte puball plaisteach faoi scáth an bholcáin. Is dóigh go raibh ceathrú milliúin ann idir fhir, mhná agus ghasúir, ach ní raibh a fhios ag duine ar bith go baileach cé mhéad. Ní raibh orlach créafóige ann, ná uisce reatha, agus ná labhair ar an mboladh.

I measc an anró, an áir, an bháis agus na gcoirpeach bhí nead beag amháin grá agus cúraim, an Centre for Unaccompanied Children (CUC), faoi cheannas beirt altraí de chuid GOAL, agus istigh i seanscoil bhí an bheirt ag spraoi leis na gasúir. Le linn thranglam an chinedhíothaithe agus an chogaidh scaradh na mílte acu óna muintir. Cá bhfios nach raibh cuid mhaith dá muintir marbh agus gan a fhios ag duine ar bith céard a tharla dóibh. Rith cuid acu chugainn ag breith orainn agus ag croitheadh láimhe linn. Bhrisfeadh sé do chroí.

Bhí an chéad campa eile, Kibumba, ocht gciliméadar fhichead ó thuaidh de Goma, níos gaire don teorainn le Ruanda. Is ann a bhí formhór oibrithe GOAL. Bhí an áit seo níos mó ná Mugunga, ach ní raibh sé faoi smacht na mílístí. Idir na campaí uilig bhí thart ar mhilliún teifeach, agus bhí míle páiste i CUC Kibumba. Bhí eagraíochtaí cabhrach ó chuile cheard den domhan ag freastal ar an tromshlua seo, an rud go léir faoi stiúir na Náisiún Aontaithe. Bhí ospidéil mháithreachais, clinicí, ionaid bheathaithe theiripigh (do dhaoine fásta agus do ghasúir a bhí an-lag ar fad leis an ocras) agus scoileanna ann.

Shiúil muid tríd an gcampa agus mhínigh Declan dúinn na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí os ár gcomhair amach. Bhí air féin agus a chuid comhghleacaithe na mílte tonna stuif a sholáthar agus a iompar chuile lá, agus bhí mé féin agus Bobby mífhoighneach agus an oiread sin le déanamh. Thuig muid ónár dtaithí an géarghá a bhí le pleanáil. Chonaic muid anseo is ansiúd ar thaobh na mbóithre na mairbh clúdaithe le seanmhataí urláir luachra. Ní raibh aon áit sa gcomharsanacht len iad a chur. Ó am go ham thagadh leoraí thart len iad a bhailiú. Bhí ardmheas agam ar mo chomrádaithe a bhailigh na coirp agus a d’adhlaic iad le dínit.

Níor chodail ceachtar againn mórán an oíche sin ag cuimhneamh ar gach a raibh feicthe againn agus gach a raibh romhainn. Bhí a fhios againn go gcaithfeadh muid Goma a fhágáil ar feadh scaithimh ach fós féin bhí cumha orainn ag fágáil slán ag ár gcomrádaithe. Bhí sé socraithe go mbeinnse i mo cheann lóistíochta in Kampala, príomhchathair Uganda, agus go mbeadh an ról céanna ag Bobby i Nairobi.

Chomh luath agus a shroich mé Kampala rinne mé teagmháil le haerfhórsa Stáit Aontaithe Mheiricéa, a bhí lonnaithe ag aerfort Entebbe. Ar ordú an Uachtaráin Clinton bhí an t-aerfhórsa ann le cúnamh lóistíochta a thabhairt i ngéarchéim Ruanda. Le neart plámáis agus mo chéim airm gheall siad cúnamh dom, gan an iomarca maorlathais ná páipéarachas. Chuir mé aithne ar sháirsint ag an aerfort. Ba mháistir lódála é do na heitleáin C-130 Hercules agus bheadh sé in ann stuif a thabhairt chomh fada le Goma dom. Ní dheachaigh bronntanas buidéal Jameson ar strae! Níor lig sé síos mé agus d’éirigh liom go leor braillíní plaisteacha (a cheannaigh muid i Londain) a sheoladh ó dheas. Bhí an plaisteach riachtanach le haghaidh foscaidh sna campaí.

Faraor, níor bhlais mé mórán de shaol sóisialta ná de chultúr na cathrach. Dhéanainn teagmháil chuile lá le Goma ar an bhfón satailíte chun a fháil amach céard a bhí uathu agus ag inseacht dóibh na horduithe a sheol muid ó dheas sna leoraithe nó sna Hercules. Chaithinn an lá ag ceannacht le mo leathbhádóir, Mohammed. Bhí muid ag ceannacht an t-uafás UNIMIX, brachán do ghasúir agus do mháithreacha a bhíonn ag cothú ón gcíoch. Is meascán é de ghrán buí, ola, púdar bainne, pónairí agus siúcra. Bíonn sé réamh-mheasctha sa monarcha de réir céatadáin áirithe. Thóg sé tamall orm sula bhfuair mé amach go raibh sé de nós ag na díoltóirí gearradh siar ar an siúcra, an comhábhar is daoire. Nach bocht an rud é go bhfuil daoine ann a bhainfeadh leas as cruatan daoine eile ar mhaithe le brabach. Choinnigh muid súil ghéar orthu.

Bhí ríméad orm nuair a fuair mé an scéal go raibh mé le n-aistriú go Goma mar is ann a bhí an t-aicsean agus ní raibh an oiread gá le duine in Kampala agus na Meiriceánaigh tarraingthe amach as. Shocraigh mé síos i dteach a haon i nGoma agus mé os cionn cúrsaí airgeadais agus fhoireann na hoifige. Bhí cúrsaí ag dul i bhfeabhas sna campaí agus ní raibh an oiread céanna daoine ag fáil bháis le calar ó chuir arm Mheiriceá uisce glan ar fáil as Loch Kivu. B’iontach an éacht a rinne siad agus uisce glan á phumpáil na tríocha ciliméadar in aghaidh an chnoic ó Loch Kivu go dtí na campaí.

Chuile mhaidin d’fhágadh na haltraí agus na hoibrithe eile, dhá scór duine san iomlán, na trí theach a bhí ag GOAL le dul go Kibumba. Thagaidís chugamsa le hairgead a fháil le hearraí a cheannacht nach raibh le fáil ó chóras na Náisiún Aontaithe, go mórmhór airgead le glasraí agus torthaí a cheannacht do na gasúir sa CUC. Shílfeá go raibh tú i do mhilliúnaí ag comhaireamh airgead na Sáíre; bhí an boilsciú  chomh hard sin go dtógfadh sé carnán uafásach aisteach an rud is lú agus is suaraí a cheannacht.

Thugainn corrscuaird chuig an gcampa nuair a bhíodh mo chuid oibre san oifig críochnaithe. Bhí sé tábhachtach go dtuigfinn na deacrachtaí a bhí ag lucht na gcampaí le go bhféadfainn seirbhís mhaith a chur ar fáil dóibh. Thagadh muid le chéile i bpuball a raibh an leasainm “Bewley’s” air. Bhíodh an chraic go maith, ag caint, ag gáire agus iad ag tógáil sosa óna gcuid cúraimí. Bhí na haltraí, ó chuile cheard den tír, ag obair go deonach ó mhaidin go hoíche. Ní fhéadfainn tada a d’iarr siad a eiteach. Bhí meas faoi leith agam ar na mná rialta a bhí linn. Bhídís ina suí roimh chuile dhuine eile ag guí agus bhíodh duine nó beirt a d’fhanadh ina suí go deireanach ag ól braoin agus ag roinnt scéalta an lae leis an gcuid eile.

Ó am go chéile bhíodh cúrsaí slándála go dona. Ní raibh aon smacht ar arm na Sáíre agus iad ag stopadh ár n-oibrithe ar a mbealach chuig na campaí. Ghoididís gan trócaire ag ionaid seiceála ar na bóithre ach ba mhó an chontúirt iad san oíche agus iad óltach i mbaile Goma. B’in í an imní ba mhó a bhí orm: go dtarlódh tada do na mná iontacha a bhí linn.

Thug mo chuid comhghleacaithe faoi deara go raibh mé ag cuartaíocht i CUC1 an-mhinic. Bhíodar ag rá nach bhféadfainn tada a dhiúltú don altra a bhí i gceannas ann. Ba thearmann é cinnte i bhfásach an éadóchais agus na gasúir ag spraoi faoi chúram grámhar. Seachas bheith ag “ceann tí an mhargaidh” bhí mé ag ceann CUC1!

Ní raibh aon chosúlacht ar an scéal go raibh na teifigh le filleadh abhaile. Níor thug na seanóirí cead dá muintir filleadh mar bhí cuid mhaith acu freagrach as an gcinedhíothú. Ní raibh a fhios acu siúd a bhí ciontach nó neamhchiontach céard a tharlódh dóibh dá bhfillfidís abhaile. An mbainfí díoltas amach? Bhí daoine cáinteach orainne mar gheall go raibh muid ag cothú coirpeach. Shamhlaigh mé go minic go raibh cuid de na hocht gcéad teifeach a bhí fostaithe againne sna campaí ciontach. Mar sin féin chaithfeadh muid leanacht orainn go dtí go dtiocfadh réiteach ar an scéal, is é sin go bhfillfeadh na daoine ar Ruanda dá ndeoin féin.

Chruinnigh muid uilig le chéile Oíche Nollag i dteach a haon agus léigh an tAthair John Skinnader aifreann. Bhí cumha orainn uilig ach bhí muid gar dá chéile le cairdeas a mhairfeadh ar feadh i bhfad. Lá Nollag thug muid cuairt ar na gasúir agus roinn muid milseáin orthu. Ní raibh aon chaint ar Dhaidí na Nollag mar nach bhfuil aon chleachtadh acu air. Ba mhór an mhaith. Bhí dóthain deor silte.

Ní raibh aon scil ag an gcócaire i réiteach bhéile na Nollag. Bhí cuid na Nollag faighte againn ón mbaile agus ó Bhobby i Nairobi: turcaí, liamhás agus maróg. Don chúrsa tosaigh bhí péirse mór Níleach rósta ar an mbairbiciú. Mháirseáil an cócaire isteach sa mbialann agus an t-iasc aige ar phláta mór. Bhain sé an scragall den iasc agus thosaigh muid ag tarraingt. Baineadh geit asainn nuair a chonaic muid an péirse plúchta le stuif dubh ar nós putóg dhubh. An mharóg! Mar sin féin ní raibh cailleadh ar bith air. Níor thuig an fear bocht cén fáth a raibh muid lagtha ag gáire.

Tar éis an fhéasta bhí siamsa againn: ceol agus amhráin, agus chonaic muid físeán Riverdance den cheád uair. Chuir sé sin craiceáilte muid uilig agus bhí céilí againn go maidin. Ar a lán bealaí, ba í an Nollaig ba dheise a chaith mé riamh í.

Ar theacht mhí Eanáir chuaigh go leor den fhoireann abhaile – bhí sé mhí caite acu i nGoma. D’aistrigh mise go Kigali i Ruanda le hoifig a bhunú ann do GOAL. Bhí aerfort na cathrach oscailte agus rialtas Paul Kagame i gcumhacht. Bhí an tír scriosta bánaithe agus na mairbh fós gan chur. Bhí cúrsaí slándála go han-dona agus daoine le gunnaí chuile áit, agus bhí faitíos ar chuile dhuine go ndéanfadh teifigh Goma ionsaí orthu le cabhair ó Uachtarán Mobutu na Sáíre. Níor leag muid cos taobh amuigh de Kigali.

Bhí a fhios agam go raibh mé traochta, agus bhí cumha orm. D’aithin na daoine nua an strus orm agus bhí sé ag teannadh go deireadh mo thréimhse. D’fhill mé abhaile i mí Feabhra, go Currach fuar feannta Chill Dara. Gheall mé go dtiocfainn ar ais leis an áit a fheiceáil faoi shuaimhneas agus gan brú oibre, rud a rinne mé go minic ag obair agus ag taisteal.

Fuair mé amach nach féidir oirthear na hAfraice a fheiceáil ó eitleán faoi dheifir ná ní féidir aithne cheart a chur ar na daoine ná a gcultúr gan casadh leo agus rithim na háite a bhlaiseadh. Tá Afraic eile ann seachas Afraic na maruithe, an tsléachta agus an ghorta. Ní fheictear mórán den ghean, den spraoi ná de roinnt an bheagáin i meáin an iarthair. Mo thuras-sa: blaiseadh eile den Afraic – mo ghrá.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Frank Reidy – Ó Chósta go Cósta'

  • Sinead

    Bhaineas an-sult go deo as an bpíosa seo. An é seo an chéad phíosa den tsraith ‘Focal is Fuaim’?