Baineadh siar asam ag deireadh na seachtaine seo caite nuair a léigh mé ar an tseirbhís seo go raibh Príomh-Chóitseálaí Chumann Dornálaíochta Lúthchleasaíochta na hÉireann (IABA) le dul ar a phinsean.
Deich mbliana atá caite i mbun an chúraim sin aige, an t-achar céanna roimhe mar Chóitseálaí sa rannóg ardfheidhmíochta – tá toradh na hoibre a rinne Zaur Antia i bhfad níos follasaí na aon rud a rinne a leathbhádóirí i spórtanna eile na tíre san achar sin.
Ó leag sé cos ar thalamh na hÉireann in 2003 tá deich gcinn de bhoinn Oilimpeacha tagtha go hÉireann, os cionn scór bonn as na Craobhacha Domhanda agus go hard os cionn 100 bonn ó chraobhacha idirnáisiúnta eile.
Is é an carnadh agus an comhaireamh sin ar na boinn is gléine agus is glioscarnaí sin atá Antia a fhágáil ina dhiaidh, ach ina gcuideachta sa stór taisce tá cruthúnais luachmhara eile ar ré órga na dornálaíochta in Éirinn.
Ar cheann acu tá liosta a spáineann gur méadú suntasach atá ag teacht ar an méid dornálaíithe de chuid na tíre seo a bhaineann cead iomaíochta amach ag Cluichí Oilimpeacha agus ag mórchomórtais idirnáisiúnta eile, ainneoin laghdú leanúnach a bheith á dhéanamh ag údaráis dhomhanda an spóirt ar an líon a fhaigheann deis iomaíochta iontu sin na laethanta seo.
Sna 1950idí agus ‘60idí, bhíodh suas le 350 fear ag seasamh an fhóid sa gcró dá dtíortha. Tá laghdú beagnach 50% ar sin i saol an lae inniu – comórtas dá gcuid féin anois a bheith ag na mná cúis amháin leis sin mar aon le laghdú a bheith déanta ar líon na n-iontrálaithe ar a raibh de ranna i gceist.
Dhá chúis atá leis sin. Rannpháirtíocht na mban sa spórt agus méadú ollmhór a bheith tagtha ar a bhfuil de thíortha ar domhan anois. Tá 195 de thíortha sna Náisiúin Aontaithe sa lá atá inniu ann. Ní mórán lena leath a bhí ann trí scór bliain ó shin. 24 tír neamhspleách a bhí san Eoraip ag tús an chéid sa caite, tá 45 díobh ann inniu.
I bhfad níos mó daoine ar thóir slisne den cháca, fad is atá laghdú ag teacht ar an gcíste féin. I roinnt an cháca sin is mó a fheictear cruthúnas ar a ndearna Zaur Antia.
249 dornálaí (125 bean agus 124 fear) as chuile choirnéal den domhan a thuill an onóir sin i bPáras. Bhí deichniúr de chuid na hÉireann ina measc sin. Ní beag le rá nach raibh ach dhá thír eile – an Astráil (dháréag) agus an Chasacstáin (11) a raibh níos mó ionadaíochta acu sa gcró dornálaíochta ná a bhí againne.
Tá cónaí ar 345 milliún duine sna Stáit Aontaithe, a cheithre oiread sa tSín – bhí beirt iomaitheoirí sa mbreis ar cheachtar acu sin ag Éirinn i bpríomhchathair na Fraince in 2024.
Dónal Ó Conaill a mheall Zaur Antia go hÉirinn an chéad lá ariamh – ní raibh aon bhaint ag an Dónal seo le fuascailt na gCaitliceach, fear gnó as Cathair Chorcaí é atá sáite i ndornálaíocht na tíre le fada fíorchaoin an lá. Riarthóir den scoth a bhfuil réiteoireacht déanta aige ar bhabhtaí idirnáisiúnta troda ar fud na cruinne.
Ina bhun sin a bhí sé in 2002 ar bhruach na Mara Duibhe sa tSeoirsia i gcathair a bhfuil Puti uirthi, nuair a thug sé suntas don chaighdeán dornálaíochta a bhain leo siúd a raibh Antia á dteagasc – iad i bhfad chun cinn ar a gcomrádaithe eile. Thug Ó Conaill faoi deara freisin an-fhéinsmacht a bheith acu orthu féin agus iad i mbun troda agus go deimhin sáimhe a dtraenálaí sa gcúinne.
Focal amháin Béarla féin ní raibh aige, ach chuir Ó Conaill ina luí air Zaur a theacht go hÉirinn leis agus cur isteach ar an bpost mar phríomhchóitseálaí sa rannóg nua ardfheidhmíochta a bhí curtha le chéile ag an IABA, faoi cheannas Gary Keegan.
Agus é seasta ar thalamh na hÉireann den chéad uair agus gan idir é agus an t-agallamh don phost, ní raibh focal den Bhéarla ag Zaur Antia. Níos measa ná sin ní raibh aige ach aon seachtain ghágach amháin le oiread di a fhoghlaim agus a thiocfadh i gcion orthu siúd a bhí lena cheistiú,
Chaith sé cuid mhaith den tseachtain ag éisteacht le tráchtaireachtaí ar dhornálaíocht ar fhístéipeanna agus ar scannáin.
Go fiú go raibh fear teangan leis ag an agallamh féin, ní mba é a fuair sé an post – dáiríre ba bheag seans a bhí aige ar aon nós, mar ba é an t-iarrthóir eile Billy Walsh, buachaill bán na dornálaíochta sa tír seo ag an am agus sin tuillte go maith aigesean.
Ach chuaigh Antia chomh mór sin i gcion ar an mbord agallaimh go ndeachaigh siad ar thóir ar bhreis maoine le post nua a chruthú dó. Faoi earrach na bliana 2003 bhí Zaur Antia ar ais in Éirinn mar chóitseálaí teicniúil.
As féin a thaistil sé. D’fhan a bhean Nona, a iníon Natia (8 mbliana ag an am) agus a mhac David (4) sa mbaile agus iad ar fad den tuairim nach mba fada go mbeadh a n-athair ar ais chucu. (Dhá bhliain dár gcionn bhog siadsan freisin chun na tíre seo, áit ar saolaíodh an té is óige sa gclann, Georghe).
Ag Cluichí Oilimpeacha Bhéising a bhí Zaur nuair a tháinig an scéal go raibh Aerfhórsa Chónaidhm na Rúise tar éis scrios agus ionradh a dhéanamh ar a bhaile dúchais. Is é Poti an calafort is tábhachtaí i ndeisceart na Mara Duibhe. Is tríd sin amháin atá an t-aon bhealach trádála go dtí ceantair na gCugais Theas – Seoirsia féin, an Airméin agus an Asarbaiseáin.
Le linn dósan a bheith sa tSín, bhí a bhean agus a chlann ar saoire ansiúd. Bhí mé i mBéising mé féin ag an am agus is maith is cuimhin liom an imní a bhí i gcampa na hÉireann, ní áirím ar Zaur Antia. Bhí ceithre lá caite go dtáinig an scéala go raibh dídean faighte acu sna sléibhte a bhí in aice láimhe.
Cúigear dornálaithe a bhí faoina chúram i mBéising – thug Kenny Egan, Paddy Barnes agus Darren Sutherland boinn abhaile leo.
Seisear a chuaigh go Londain áit ar bhuaigh Katie Taylor bonn óir agus boinn tughta leo ag Barnes, Micheal Conlon, agus John Joe Nevin iad féin. I dTóiceó agus i bPáras bhuaigh Kellie Harrington an t-ór agus thug Aidan Walsh bonn cré-umha abhaile leis as an tSeapáin.
Seachrán sealadach ab ea Rio de Janeiro in 2016 an chéad bhliain ag Zaur Antia mar Phríomh-Chóitseálaí. Is beag den locht atá le leagan air siúd, áfach.
Ar feadh bliain go leith sular thosaigh na Cluichí, ba ar easaontas idir an IABA agus Billy Walsh ba mhó a caitheadh fuinneamh agus a deineadh caint in 2014-2015. Ba é deireadh an scéil gur éirigh Walsh as agus thug aghaidh ar phost den chineál céanna sna Stáit Aontaithe.
In imeacht dhá bhliain agus bóthar buailte ag beirt Stiúrthóirí Ardfheidhmíochta le linn an achair sin, foilsíodh scéalta faoi chúrsaí mífheidhme ina measc siúd a rialaigh an IABA agus bhí an baol ann go dtiocfadh deireadh leis an tacaíocht airgid a bhí ar fáil acu ón stát.
Bhí Katie Taylor féin croíbhriste. In agallamh amháin dúirt sí, “Obviously the boxers are going to be the ones affected by the situation …… but we just have to stay focused. We’re lucky to have support there and great coaches.”
Go deimhin bhí mar a chruthaigh an Príomh-Chóitseálaí nua Zaur Antia sna blianta a lean.
Ár mbuíochas Zaur, nó mar a déarfaí i do theanga féin დიდი მადლობა.
Simpleoir
Is cinnte go raibh FOCAL amháin Béarla aige, an FOCAL sin atá i ngach teanga ar domhan anois.