FÍSEÁN: Séanta ag Seán Kyne nach mbíonn dóthain airde aige ar cheantair eile Ghaeltachta seachas Gaillimh

Mhaígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir sa Dáil gur Gaeltacht Dhún na nGall agus ceantair eile a bheadh ‘thíos’ le plean Roinn na Gaeltachta Aerfort na Mine i gConamara a cheannach

Shéan Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur beag aird a bhíonn aige ar cheantair Ghaeltachta eile seachas Gaeltacht na Gaillimhe.

Mhaígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir sa Dáil inné gur Gaeltacht Dhún na nGall agus ceantair eile a bheadh “thíos” le plean Roinn na Gaeltachta Aerfort na Mine i gConamara a cheannach don Stát.

Cháin an Teachta Dála an tAire Stáit as gan aon chuairt a thabhairt ar Dhún na nGall ó athcheapadh ina Aire Stáit é seachas an chuairt a thug sé ar Ghleann Cholm Cille don chruinniú Rialtais a bhí ansin le linn an tsamhraidh.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “sásta breathnú ar chasadh le grúpaí ag aon am” ach go mbíonn sé sásta é a fhágáil faoin Aire Oideachais Joe McHugh freastal ar chruinnithe i nDún na nGall.

“Má tharlaíonn go bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht, beidh mé sásta dul ann freisin. An chuid is mó den am, nuair a bhíonn rudaí oifigiúla ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht, tá mé sásta nuair a fhreastalaíonn an tAire, an Teachta McHugh, seachas mé féin, ar na cruinnithe sin. Bíonn muid ag obair le chéile,” a dúirt sé.

Is beag glacadh a bhí ag Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir leis an bhfreagra sin agus dúirt sé nach raibh “aon chiall” leis. 

“An bhfuil sé ag rá sa Dáil inniu nach bhfuil dualgas ar bith air ó thaobh Dhún na nGall de, agus é ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta, ós rud é go bhfuil na dualgais sin go léir ar an Aire Oideachais agus Scileanna? Ní luíonn sé sin le ciall ar chor ar bith,” arsa Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir. 

Dúirt Seán Kyne go mbíonn sé féin agus a Roinn “an-fhéaráilte” maidir le caiteachas ar na hoileáin ach thug sé le fios don Teachta Dála as Dún na nGall nach raibh aon bhaint ag Roinn le bóithre na Gaeltachta.

“Mar atá ráite agam, cheadaigh muid €350,000 d’oileáin Dhún na nGall an bhliain seo caite agus ní raibh ach €40,000 ceadaithe d’oileáin na Gaillimhe. Sílim go raibh €200,000 ceadaithe do na hoileáin i gContae Chorcaí.

“Táimid an-fhéaráilte trasna na tíre ó thaobh oibreacha ar na hoileáin. Tá mé sásta casadh le grúpaí ó Dhún na nGall, ach níl ról lárnach agam i dtaobh na mbóithre. Níl freagracht agam i dtaobh bóithre na Gaeltachta.

“Níl airgead ar fáil i mo Roinn do na bóithre Gaeltachta ón uair a dúnadh an scéim a bhíodh ann go dtí 2009 nó 2010. Chas mé leis na hAirí, na Teachtaí McHugh, Ring agus Donohoe, roimh chruinniú an Rialtais coicís nó trí seachtaine ó shin leis an ábhar seo a phlé.”

D’iarr Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir ar an Aire Stáit cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair i  bhfianaise na dtuilte a bhí ann i dtús na míosa agus ar na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall.

Dúirt Seán Kyne go raibh sé “ag éisteacht le pobail na n-oileán i gcónaí” agus é “gníomhach ar a son”.

“Tá ceithre mhórthogra ag mo Roinn luaite i dTionscadail Éireann 2040 agus tá péire acu bainteach leis na hoileáin i nDún na nGall: forbairt na céibhe ag Machaire Rabhartaigh, atá ag freastal ar Oileán Thoraí; agus bád nua saincheaptha d’Oileán Thoraí,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Séanta ag Seán Kyne nach mbíonn dóthain airde aige ar cheantair eile Ghaeltachta seachas Gaillimh'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tír chomh beag…daonra chomh beag…agus níl an chuma air go dtig an tír iomlán a chuir san áireamh…