FÍSEÁN: €5,000 do Na Gaeil Óga buaite ag ‘Ciarraíoch’ mallaithe as Baile Átha Cliath

Ghlac Andy Ó Faoláin le dúshlán AIB a thicéad a thabhairt suas agus a chuid tacaíochta a thabhairt d'fhoireann Chiarraí Dé Domhnaigh seo caite

Screen Shot 2015-09-25 at 17.46.29

Bhuaigh peileadóir de chuid Na Gaeil Óga CLG, Andy Ó Faoláin,€5,000 don chumann lánGhaeilge an tseachtain seo caite nuair a thug sé uaidh an ticéad a bhí aige do Chluiche Ceannais na hÉireann chun geansaí an namhaid a chur air féin agus breathnú ar an gcluiche i bpub lán Dubanna.

Féadtar a íobairt a fheiceáil anseo:

Dúirt Andy le Tuairisc.ie go raibh sé fíor-dheacair a thicéad a thabhairt dá dheartháir ach gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus go ndéanfadh sé arís é ‘míle uair’.

“Tháinig AIB i dteagmháil leis an gclub, bhí siad tar éis a bheith ag caint le cúpla club eile sular éirigh leo duine a aimsiú a dhéanfadh é.

“Mhothaigh mé gur chaill mé amach ar an lá, níor mhothaigh sé ar nós lá an chluiche ceannais ach b’fhiú go mór é. Chuir mé glaoch ar chúpla duine le rá leo gur bhuaigh mé an €5,000 ach bhí siad uilig i bPáirc an Chrócaigh. Ba é Richie Peavoy a d’fhreagair ar deireadh, captaen na foirne iomána, agus bhí lúcháir air,” a dúirt sé.

Ní raibh Andy róchinnte cén chaoi a gcaithfí an €5,000 a bhuaigh sé dá chumann, ach dúirt sé go raibh go leor obair forbartha le déanamh agus go mba mhór an cúnamh an t-airgead.

“Déanfaidh sé an-difríocht do chlub chomh beag linn féin, níl ach 200 ball againn, agus tá muid ag iarraidh na foirne faoi aois a fhorbairt,” a mhínigh sé.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: €5,000 do Na Gaeil Óga buaite ag ‘Ciarraíoch’ mallaithe as Baile Átha Cliath'