FÍSEÁN: ‘€15 milliún do Ghaillimh 2020 agus €450,000 do Bhliain na Gaeilge?’

Agus Aire Stáit na Gaeltachta á cheistiú aige, chuir Éamon Ó Cuív an €15 milliún atá á infheistiú i nGaillimh 2020 i gcomórtas leis an €450,000 atá á chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge 2018

FÍSEÁN: ‘€15 milliún do Ghaillimh 2020 agus €450,000 do Bhliain na Gaeilge?’

Maíodh i dTithe an Oireachtais inné nach raibh an méid “beag” airgid atá á chaitheamh ar Bhliain na Gaeilge ag teacht leis an “suim” atá léirithe ag an Taoiseach sa bhliain cheiliúrtha.

Agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh os comhair Choiste Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais inné, rinne an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív comparáid idir an maoiniú atá á chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge agus an maoiniú atá á chur ar fáil do Ghaillimh 2020.

Le linn an chruinnithe, tugadh le fios go mbeadh €15 milliún á infheistiú i nGaillimh 2020 as seo go ceann dhá bhliain. €450,000 atá á infheistiú i mBliain na Gaeilge 2018.

“Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire ansin ar ball beag go raibh €15 milliún le caitheamh ar an gcathair chultúrtha i nGaillimh. €15 milliún as seo go 2020.

“Sin do chathair amháin, do bhliain amháin. An bhféadfá a rá liom cé mhéid atá ar fáil do Bhliain na Gaeilge? Mar creidim go bhfuil an-spéis go pearsanta ag an Taoiseach ann, ach ní léir go bhfuil aon airgead á leanacht,” a dúirt Ó Cuív.

Thug Ó Cuív le fios gur údar alltachta a laghad maoinithe atá ar fáil do Bhliain na Gaeilge.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go raibh go leor grúpaí ag obair ar son Bhliain na Gaeilge, go raibh ag éirí go maith léi agus gur “branda” agus “teachtaireacht” mhaith a bhí inti don teanga.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘€15 milliún do Ghaillimh 2020 agus €450,000 do Bhliain na Gaeilge?’'

  • Carraig

    An Ghaeilge in áit na lethphingne agus an masla á chur i gceann na héagóra. An béal bán ag Varadkar i leith na teanga (agus lena Ghaeilgeoir leannáin?). An Taoiseach é seo atá os cionn a bhuille? É ag lútáil na gcos thall ag an Trumpa ar son na hÉireann agus é ag iarraidh ‘cás na clibirte’ ó thuaidh a tharraingt isteach san agall a rinne sé le Pat Kenny arís is arís eile. Agus an cás céanna sin ‘sub judice’.

  • Carraig

    An suarachas airgid a thugtar do mhná tí na Gaeltachta. Iad ag broic le daltaí teaspúla ó lá go lá. An sean-chonablach báid ‘nua-chóirithe’ a tugadh do mhuintir Thóraí….mair a chapaill bháin is gheobhair farantóireacht. Ach bímis buíoch, táthar chun oidí Gaeilge a oiliúint a mbeidh Gaeilge acu! Nach mór an dul chun cinn é sin anois!

  • Meiriceánach

    Is mór an difríocht idir Gaillimh 2020 agus Bliain na Gaeilge ó thaobh pleanála de. Déarfainn gur i 2017 ar beartaíodh Bliain na Gaeilge 2018 a reachtáil. Nach raibh Bliain na Gaeilge ann i 2013?! Cur i gcéill go hiomlán, cé go bhfuil an-obair ar siúl ar bheagán airgid. Cur i gcéill.