Deireadh ré don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí i nDáil Éireann inné nuair a rinne an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a phíosa deireanach cainte roimh éirí as dó.
I mí Iúil d’fhógair an t-iar-aire Gaeltachta, duine de na polaiteoirí is mó a bhí luaite le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhunú an Stáit, nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.
Cúrsaí Gaeltachta a bhí fós ag déanamh tinnis dó ina phíosa deireanach cainte sa Dáil inné nuair a cheistigh sé an Tánaiste Micheál Martin faoina bhfuil i ndán don bhille a thabharfadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais.
Cé go raibh sé geallta le fada ag an Rialtas go n-achtófaí an bille roimh scor na Dála theip orthu sin a dhéanamh.
Agus ceist Uí Chuív á freagairt inné aige gheall Micheál Martin go mbeadh sé in aon chlár rialtais go mbeadh baint ag Fianna Fáil leis go leanfaí leis an mBille a chur trí Thithe an Oireachtais.
Ghabh ceannaire Fhianna Fáil buíochas chomh maith le hÉamon Ó Cuív as a chuid seirbhíse. “Teachta Dála den scoth agus Aire den scoth” ab ea é, a dúirt sé. Dúirt Martin go ndearna Ó Cuív ‘ealaín’ as maoiniú a fháil do thograí agus do mhuintir a dháilcheantair agus go raibh meas mór ag daoine air ar fud na tuaithe, sa Ghaeltacht go háirithe.
Níos túisce ar a lá deireanach sa Dáil, cheistigh Éamon Ó Cuív an tAire Stáit Thomas Byrne faoin ngá le carrchlós le freastal ar an trácht a thugann daoine go dtí Dún Aonghasa.
Dúirt Ó Cuív go gcaithfí deireadh a chur “leis an scannal agus an chontúirt” ag an láthair ársa.
Ag freagairt na ceiste, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne, go mbeadh sé “ar ais arís”.
“Ní bheidh mise ar ais arís,” arsa Éamon Ó Cuív.
Tá Ó Cuív ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 1992. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002-2010 agus bhí sé ina Aire Stáit don Ghaeltacht roimhe sin. Bhí sé ina Aire Coimirce Sóisialaí idir 2010-2011.
Bhí sé ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 2011-2012.
Mar Aire na Gaeltachta bhí sé freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.
Bhí sé ina Aire Gaeltachta tráth go raibh an tír go maith as agus chinntigh sé go ndearnadh cuid mhaith infheistíochta in infreastruchtúr na Gaeltachta.
Lillis Ó Laoire
Cronófar go mór é.