FÍSEÁN: Cén chaoi le cros Bhríde Chonamara  a dhéanamh as luachair?

Féile Bhríde againn agus d’iarramar ar Bhríd Ní Fhinneadha a thaispeáint dúinn cén chaoi le cros a dhéanamh ina honóir 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cén chaoi le cros Bhríde Chonamara  a dhéanamh as luachair?'

  • Antóin

    GRMA. Nár laga Dia thú.

    Anois trí phaidir. (FOINSE: Dúchas.ie)

    A Bhríghid Muire na nGaedeal
    A Bhríghid leatnaigh tharm do bhrat
    As congbhaigh faoi do thearmainn mé
    Go bhfáighim báis i gCairdeas Dé. Amen

    Bríghid is a brat, Muire ‘sa Mac
    Micheál is a sgéith, dá láimh Mhac Dé
    Thart orainn ó anocht go dtí bliain ó anocht

    A Muire, a Bhrighid as a Iosep cóir
    Cuidigh liom roimh Dia na Glóir
    Im shuidhe, im luighe san oidhche agus ló
    Go maireadh mé ionnaibh choidhche is go deo

  • Liam

    Go raibh maith agat, bíonn mo chrosóga i gcónaí ag briseadh amach tar éis cúpla seachtain ach feicim anois an chaoi a thosaíonn sí iad