Finscéalta faoi bhreith an linbh Íosa

Na scéalta faoi bhreith Íosa nach bhfuil taca an Bhíobla féin acu

Pic-Íosa (Flickr:Ushlambad)

Nach iontach go deo an lear scéalta i mbarr bata a tháinig chun cinn faoi bhreith Chríost in imeacht na mblianta?

Go fiú an chuid againn ar aindiachaithe muid, creideann muid gur rugadh seanmóirí eicínt ar tugadh Íosa air, ach níl baol ar bith faoin domhan go slogfadh muid an tuairisc gur breith ó mhaighdean a bhí ann.

Seo cuid de na scéalta eile faoi bhreith Íosa nach bhfuil taca an Bhíobla féin acu, ní áirím tada eile:

 

  1. Gur ar asal a chuaigh Muire go Beithil. D’fhéadfadh sé gurbh ea, ach ní luaitear tada faoi asal sa mBíobla.
  2. Gur ar an oíche roimhe ré a shroich Muire Beithil. Aríst, ní deirtear ar an gcaoi sin sa mBíobla é. Is éard a deir Lúcás, “agus tharla, le linn dóibh a bheith ann, gur tháinig a hionú.” Cá bhfios nach raibh sí féin agus Seosamh ansin níos faide? Ar éigean a fágadh go dtí an neomad deiridh é.
  3. Gur iarr Muire lóistín ar óstóirí. Níl trácht ar bith ar aon óstóir sa mBíobla. Seans maith gur in éineacht le gaolta a d’fhan Muire agus Seosamh.
  4. Gur i stábla a rugadh Íosa; más ea, is aisteach nár dúradh sa mBíobla é. Luann siad mainséar ceart go leor i.e. gur leagadh an naíonán i mainséar mar nach raibh aon spás sa seomra aíochta. Kataluma an focal Gréigise atá ar sheomra aíochta sa scrioptúr agus nuair a thagann an focal isteach in áit eile sa mBíobla, ciallaíonn sé seomra mór thuas staighre i dteach príobháideach. Seans maith gur i dteach gaolta a rugadh Íosa ach gur in áit áithrid sa teach a tharla sé — nó i mbotháinín amuigh sa gclós — agus go raibh ciall eile leis an bhfocal mainséar an uair sin freisin.
  5. Nár chaoin Íosa, mar a deirtear i gceann de na carúil Bhéarla “Away in a manger the baby awakes, but little Lord Jesus, no crying he makes.” Níl caint ar bith air seo sa mBíobla.
  6. Gur chan na haingil taobh amuigh de Bheithil. Níl aon trácht sa mBíobla ar iad a bheith ag canadh. Is éard a deir Lúcás gur tháinig “cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé.”
  7. Go raibh aingil i láthair nuair a rugadh Íosa. Má bhí, níor thug tuairisceoirí an Bhíobla faoi deara iad.
  8. Gur tháinig triúr ríthe ar chamaill go dtí an áit a raibh Íosa. Níl aon tuairisc sa mBíobla gur tháinig. Deirtear cinnte gur tháinig “magi” (eagnaithe nó saoithe) ach ní deirtear go díreach gur triúr acu a bhí ann. Ní dhearna na chéad Chríostaithe amach ar chor ar bith gur ríthe a bhí iontu agus níor luaigh siad cén tír as a dtáinig siad. Is fíor go ndeirtear sa mBíobla gur bronnadh ór, túis agus miorra air ach d’fhéadfadh níos mó ná triúr a bheith i láthair nuair a rinneadh an bronnadh. Ar aon chor, níl sé soiléir beag ná mór gur le linn dó a bheith sa mainséar a tharla sé.
  9. Gur ar an 25ú Nollaig a rugadh Íosa; ar éigean é. Caolsheans go mbeadh na haoirí “amuigh faoin spéir, ag faireachán oíche i mbun a dtréada”, mar a dúirt Lúcás, an tráth sin de bhliain. Ach ar ndóigh, bhí féile phágánach ann roimhe sin ar an dáta céanna agus, mar a rinne an Eaglais leis na toibreacha agus le Cruach Phádraig in Éirinn, bhí sé de chiall acu gan an ceiliúradh a bhíodh ann a choinneáil ó na daoine ach féile Chríostaí a chur in áit na féile págánaí.
  10. Gur rugadh Íosa ó mhaighdean. B’in rud nár chuala na chéad Chríostaithe ach oiread. Fear mór propaganda a bhí i Naomh Pól ach fiú amháin eisean, níor chuir sé an scéal sin amach. Seo mar a dúirt sé: “Rugadh ó bhean é,” i.e go dtáinig sé ar an saol ar an ngnáthbhealach. Bhain an Pápa Proinsias craitheadh as na fíréin le gairid nuair a dúirt sé nach gcreideann sé féin       go raibh asal ná bó san áit ar rugadh Críost. Ach fós is dóigh go gcreideann sé gur ó mhaighdean a rugadh Íosa. Nach bhfuil chuile eolas ag an bPápa, arsa tusa? Finscéal eile.

 

 

Fág freagra ar 'Finscéalta faoi bhreith an linbh Íosa'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    “Bhain an Pápa Proinsias craitheadh as na fíréin le gairid nuair a dúirt sé nach gcreideann sé féin go raibh asal ná bó san áit ar rugadh Críost.”

    I gcead do Sheosamh, is éard a tharla ná go ndúirt Josef Ratzinger (an Pápa Beinidict) ina leabhar faoi Íosa nach bhfuil tagairt do dhamh ná asal sna Soiscéal (i. díreach an rud atá Seosamh ag rá)

    Ach murab ionann is Seosamh thuig sé go maith gurbh as an Traidisiúin a d’fhás an soiscéal agus ní an bhealach eile thart! Mar sin ghéill sé go raibh ciall leis na traidisiún seo don creidmheach.

    Tá na ceisteanna seo cíortha go minic ag creidmhigh, agus cúis leo.

    Maidir leis an dáta tá alt spéisiúil anseo a bhréagnaíonn maíomh Sheosaimh thuas:
    https://www.biblicalarchaeology.org/daily/biblical-topics/new-testament/how-december-25-became-christmas/