FILÍOCHT: Athair le Nuala Ní Dhomhnaill

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Athair le Nuala Ní Dhomhnaill

Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:

  • Athair an teideal atá ar an dán seo. Déan iarracht a thuar cad é téama/scéal an dáin.
  • Nodanna – Cailín óg, hata, teach, brionglóid

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht

  • Féach ar an bhfíséan thíos agus éist leis an bhfile ag aithris an dáin.

  • Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh ag obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis/léi ag aithris an dáin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord

  • Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
  • Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
    1. maidin éigin i mí Feabhra nó tráthnóna Fómhair.
    2. pé acu scéal é is cuimhin liom gur fhág m’athair an baile
    3. bhí mé an-óg nuair a tharla sé seo
    4. Níl a fhios agam cén uair den lá ba ea é
    5. bhí scáthanna mór ann agus cuma bhán ar an ngrian
    6. bhí sé seasta in aice an gheata agus hata mór dubh ar a cheann
    7. níl a fhios agam an tús nó deireadh an gheimhridh a bhí ann
    8. níl a fhios agam an raibh mé ag brionglóid fiú
    9. tá a fhios agam go raibh sé an-fhuar, áfach
    10. Bhí sé ag imeacht mar ní fhaca mé é ina dhiaidh sin

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén fáth ar scríobh an file an dáin seo, meas tú?
  2. Cad é an mothúchán is láidre sa dán, meas tú? (Téigh siar agus féach ar an bhfíseán arís más maith leat).
  3. Úsáidtear an focal “mílítheach” le cur síos a dhéanamh ar dhuine le haghaidh bán/duine atá breoite. Cén fáth, dar leat, ar úsáid an file an focal sin don ghrian?
  4. Cén fáth a n-úsáideann an file an focal “fuar” trí huaire i ndiaidh a chéile?
  5. Cad í an íomhá is láidre sa dán meas tú? Déan pictiúr a tharraingt agus cúpla pointe a scríobh faoin. Ansin déan an pictiúr sin a thaispeáint agus a mhíniú do do pháirtí (agus daoine eile ina dhiaidh sin).

Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile

  • cuntas anseo ar shaol Nuala mar aon le agallamh léi. Breathnaigh air agus déan iarracht cúig phointe a scríobh fúithi.
  • Tá cuntas eile ar Nuala le fáil anseo. Déan é a léamh.
  • Seo agallamh le Nuala ar Raidió na Gaeltachta.
  • San alt seo tá Bridget Breathnach ag smaoineamh siar ar a hóige.
    • Déan cuntas gearr a scríobh ar eachtra éigin a bhfuil cuimhneamh agat uirthi ó d’óige féin?
  • Seo nasc chuige píosa físe ina bhfuil an iar-pholaiteoir agus fear gnó ón Spidéal, Seán Ó Neactain ag déanamh cur síos ar a óige.

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Is tú an t-athair sa dán seo. Déan dán nó cuntas dialainne a scríobh faoina chuimhní siúd ar eachtraí an dáin.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Táteacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
  • Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
  • Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Athair le Nuala Ní Dhomhnaill'