‘Cá ngabhfá dá mbeadh tú in ann taisteal tríd an am, a Mhamaí?’

Sa samhradh filleann tú ar laethanta na hóige lena roinnt leis na gasúir

‘Cá ngabhfá dá mbeadh tú in ann taisteal tríd an am, a Mhamaí?’

Deirtear nach féidir leat filleadh ar shaol d’óige.  ‘Dá mbeadh tú in ann taisteal tríd an am Mamaí,’ a d’fhiafraigh an Babaí díom, ‘Cá ngabhfá? Tá cead agat dul in áit ar bith in am ar bith.’

Ní raibh orm cuimhneamh ar an gceist ar chor ar bith mar bhí a fhios agam láithreach cá mbeinn ag iarraidh a ghabháil.

‘Ba bhreá liom lá a chaitheamh arís i mo shaol nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois,’ a dúirt mé, ‘le go bhféadfainn chuile shórt a fheiceáil uair amháin eile mar a bhí sé.’

Bhreathnaigh mé ar an mBabaí. Bhí na malaí imithe go barr a bhaithise. ‘Céard?’ a dúirt sé.

‘Ghabhfainn ag an scoil arís ar feadh aon lá amháin go bhfeicfinn na gasúir eile sa rang agus an múinteoir,’ a dúirt mé. ‘Agus sa tráthnóna ansin thiocfainn abhaile go dtí an chistineach sa mbaile ag suí in aice leis an tine.’ Bhí deora i mo shúile ag cuimhneamh air.

‘Ach, Mamaí, ar chuimhnigh tú ar na díneasáir?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘D’fhéadfá taisteal siar agus na T-rexanna a fheiceáil,’   a dúirt sé go bríomhar.

‘Hmmm.’ a dúirt mé. ‘Ní bheadh mórán suime agam iontu sin.’

‘Ní bheadh suim agat T-Rex a fheiceáil?’ a d’fhiafraigh sé agus díomá air.

‘Ní bheadh dháiríre,’ a dúirt mé.

‘Ok,’ a deir sé. ‘Céard faoi imeacht na blianta fada san am atá le teacht?’

‘Bhuel, bheadh suim agam ann, ach b’fhearr liom lá amháin eile a chaitheamh i mo shaol nuair a bhí mé beag,’ a dúirt mé.

‘Ach b’fhéidir go mbeidh róbatanna agus chuile shórt acu,’ a deir sé. ‘Agus beidh an hoverboard déanta agamsa faoin am sin.’

‘Le cúnamh Dé feicfidh mé an hoverboard lá éigin amach anseo ar aon chaoi,’ a dúirt mé.

‘Mamaí, tá tú an-boring!’ a deir an Babaí agus iontas air. ‘Cuimhnigh arís ort féin, b’fhéidir go n-athróidh tú d’intinn is go dtiocfaidh tú aníos le rud éigin níos fearr!’

Sa samhradh filleann tú ar an óige is tú ag iarraidh samhraí d’óige féin a roinnt le do chlann. Tháinig an tonn teasa an tseachtain seo mar a bhí geallta agus thug muid aghaidh ar an mbóthar ó Ros Muc go Carna agus síos go dtí an trá i Roisín na Mainiach ar an mbealach.

Bhí sé ina lag trá agus solas órga na gréine ag lonrú ar na locháin is ar bharr an ghainimh chomh fada le radharc na súl. Chuaigh muid ag tóraíocht sna locháin bheaga is chonaic ribí róibéis, portáin is bundúin leice i bhfolach sa bhfeamainn is chaith muid an tráthnóna ag imeacht ó cheann go ceann.

Is muid ag caint ar chúrsaí an tsaoil d’fhiafraigh an Babaí díom arís, ‘Cá ngabhfá Mamaí dá mbeadh tú in ann dul chuig am ar bith agus áit ar bith?’

Shíl mé go gceapfadh sé go raibh mo fhreagra uafásach leadránach. ‘Is é an freagra céanna atá agam duit anois is a bhí agam ar ball,’ a dúirt mé leis, ‘ach thiocfainn ar ais ag an lá seo freisin dá bhféadfainn é.’

‘Hmm,’ a deir sé. ‘Mise freisin.’

Fág freagra ar '‘Cá ngabhfá dá mbeadh tú in ann taisteal tríd an am, a Mhamaí?’'