Líon na Suíochán: 5
Fágadh dáilcheantar Dhún na nGall mar a bhí sé, cé go raibh plé ann go gcuirfí an ceantar thart ar Bhun Dobhráin i ndeisceart an chontae atá i Sligeach-Liatroim ar ais leis an gcuid eile de Dhún na nGall agus go mbrisfí an contae ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Níor tharla sin. Cúig shuíochán atá le líonadh agus scór is a haon (21) iarrthóir a bheas ar an bpáipéar ballóide, ina measc ceathrar den chúigear a toghadh in 2020: Pearse Doherty (SF) agus Pádraig Mac Lochlainn (SF) ó Shinn Féin chomh maith leis an Aire Charlie McConalogue (FF) agus an Teachta neamhspleách ar chlé Thomas Pringle (Nspl).
Tá fadhb ag Fine Gael i nDún na nGall. Níl an t-iarAire Gaeltachta Joe McHugh ag seasamh. D’éirigh sé as Fine Gael le linn a thréimhse sa Dáil, de bharr útamáil an rialtais faoi réiteach a fháil ar chruachás na ndaoine i nDún na nGall, a raibh brící lochtacha ina gcuid tithe. Roghnaíodh beirt le seasamh: John McNulty (FG) agus an Seanadóir Nicki Bradley (FG). Níl Bradley sa Seanad ach ó mhí Iúil seo caite. Tá sí ar mhaidí croise ó 2013. Tá aithne uirthi i nDún na nGall mar dhuine a bhíonn i mbun feachtais ar son daoine faoi mhíchumas agus gheobhaidh sí roinnt mhaith vótaí dá bharr sin. De réir phobalbhreith TG4, ní bheadh ach thart ar 6% aici.
De réir na pobalbhreithe sin, ní bheidh ach 6% chomh maith ag a comhghleacaí, John McNulty (FG). As Cill Charthaigh i nGaeltacht Dhún na nGall é McNulty, is fear gnó é agus is bainisteoir é ar fhoireann ban Dhún nan Gall. Sheas sé sna toghcháin áitiúla in 2019 ach níor éirigh leis fáil isteach cé go raibh níos mó vótaí céadrogha aige ná beirt eile a toghadh. Níor sheas sé sna toghcháin áitiúla in 2024. Mura dtagann ardú suntasach ar thacaíocht Fhine Gael i nDún na nGall idir seo agus an toghchán ón 12% idir bheirt iarrthóirí, drochsheans go mbeidh Fine Gael in ann an suíochán a thógáil.
De réir phobalbhreith Nuacht TG4, tá thart ar 25% den vóta céadrogha roinnte réasúnta cothrom idir Pat the Cope Gallagher (FF) in iarthar an chontae agus Charlie McConalogue (FF) in oirthuaisceart an chontae. Tá an tríú hiarrthóir ag Fianna Fáil, Claudia Kennedy (FF) atá ag múineadh scoile i Sraith an Urláir agus ina cónaí i Leitir Ceanainn. Baileoidh sí slám vótaí sa mbaile mór a d’fhéadfadh leas a dhéanamh do Charlie McConalogue. Más fíor don phobalbhreith, tá seans ag Fianna Fáil ar dhá shuíochán.
Seans go bhfuil díomá ar Shinn Féin nár briseadh Dún na nGall idir dhá thoghcheantar trí shuíochán mar dá mbrisfí bheadh seans acu ar thrí shuíochán ar a laghad a bhuachan sa gcontae. Tá dhá shuíochán ag Sinn Féin faoi láthair ach bhí dóthain vótaí ag an bpáirtí – 45% – le triúr a thoghadh in 2020 dá mbeadh an tríú hiarrthóir san iomaíocht acu.
Tá an tríú hiarrthóir san iomaíocht an babhta seo ach an taoille tráite ar an tacaíocht a bhí ag an bpáirtí cúig bliana ó shin. De réir phobalbhreith Nuacht TG4, bheadh 35% den vóta ag iarrthóirí Shinn Féin, breis is dhá chuóta i ndáilcheantar cúig shuíochán.
D’fhéadfadh go mbeadh Pearse Doherty (SF) ó Ghaoth Dobhair agus Pádraig Mac Lochlainn (SF) ó Bhun Cranncha in Inis Eoghain tofa cheana féin, faoin am a gcuirfí as an áireamh an tríú hiarrthóir ag Sinn Féin, an Comhairleoir Noel Jordan (SF). Ní raibh ach 2% den vóta aige de réir na pobalbhreithe, céatadán a thabharfadh idir 1,500 agus 2,000 vóta dhó. Beidh roinnt a chuid vótaí an-spéisiúil. Toghadh é ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall le 1,580 vóta.
Shamhlóinn go gcabhródh aistriú vótaí Jordan (SF) le Thomas Pringle (Nspl) a ardú agus le Charlie Ward (100% Cúiteamh) a choinneáil sa rás do chomhaireamh nó dhó eile. Is as na Cealla Beaga do Pringle (Nspl), é ar an eite chlé. Fuair sé aistrithe vótaí láidir– 2,798 vóta as farasbarr de 8,135 vóta ó Pearse Doherty (SF) in 2020. An uair seo beidh laghdú ar fharasbarr Pearse Doherty agus seans maith go mbeidh cuid dá fharasbarr ag teastáil ar aon chaoi le Padraig Mac Lochlainn (SF) a thabhairt thar an cuóta.
Cainteoir líofa Gaeilge é Charlie Ward, as Árann Mhór ó dhúchas, atá ag seasamh don pháirtí a bunaíodh ag éirí as bhfeachtas faoi bhrící lochtacha sna céadta tithe i nDún na nGall. Sheas sé sna toghcháin áitiúla i gceantar Leifear/Srath an Urláir. Fuair sé 880 vóta.
Cé gur toghadh ceathrar ó 100% Cúiteamh ar an gComhairle Contae, is cosúil nach raibh aon duine de na comhairleoirí sin sásta a n-ainmneacha a chur chun cinn don olltoghchán. Chomh maith leis sin bhí scoilt sa bhfeachtas faoi na brící lochtacha agus cuid de na cinnirí ba ghlóraí ag ceapadh nár cheart iarrthóir a chur chun cinn ach tacú le hiarrthóirí Sinn Féin.
Mura dtagann ardú ar thacaíocht Fhine Gael idir seo agus an toghchán tá seans maith ag Fianna Fáil dhá shuíochán a fháil, ach an vóta a bheith roinnte réasúnta cothrom idir an bheirt iarrthóir. Is fearr an seans atá ag Pat the Cope. Fuair sé 1,192 d’fharasbarr Pearse Doherty (SF) in 2020, níos mó ná éinne eile seachas Thomas Pringle (Nspl).
Má bhíonn 12% den vóta ag an Aire Charlie McConalogue ar an lá, seans maith go mbeidh sé san iomaíocht, le Thomas Pringle (Nspl) agus le Charlie Ward (100% Cúiteamh) sa gcomhaireamh deireanach. Beidh vótaí le roinnt ag iarrthóirí Fhine Gael agus is mó seans go bhfaighidh McConalogue (FF) slám acu ó Nicki Bradley (FG) agus go bhfaighidh Pringle (Nspl) iad ó McNulty (FG), de bharr cúrsaí tíreolaíochta.
Chomh maith le Thomas Pringle (Nspl), tá cúigear iarrthóirí neamhpháirtí san iomaíocht: Vincent J Bradley (Nspl); Niall McConnell (Nspl); Gerry McKeever (Nspl); Arthur Desmond McGuinness (Nspl); agus Frank O’Donnell (Nspl).
Ag seasamh chomh maith tá Nuala Carr (CG) ón gComhaontas Glas; Mary T. Sweeney (Aon) ó Aontú agus Carol Gallagher (PsB) ó Phobal Seachas Brabús. Bhí 2,382 vóta ag Mary T. Sweeney (Aon) in 2020. Pat the Cope (FF), Thomas Pringle (Nspl) agus Charlie McConalogue is mó a fuair vótaí aistrithe uaithi.
Tá beirt iarrthóirí san iomaíocht do pháirtithe ar an eite dheis: Eamonn McGee (IFP) atá ag seasamh do Irish Freedom Party agus Kim McMenamin (IP) atá ag seasamh don páirtí ar a dtugtar Irish People.
Tuar Tuairisc: FF 2; SF 2; Nspl 1
Fág freagra ar 'Fianna Fáil le leas a bhaint as cliseadh Fhine Gael i nDún na nGall'