‘Fianaise ar bith’ go raibh baint ag buíon as Éirinn le gáinneáil ar na daoine a fuarthas i leoraí in Essex

Tá dhá theach ó thuaidh cuardaithe ag póilíní mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe faoin leoraí ina bhfuarthas 39 duine marbh i Sasana inné

‘Fianaise ar bith’ go raibh baint ag buíon as Éirinn le gáinneáil ar na daoine a fuarthas i leoraí in Essex

Tá ráite ag na Gardaí nach bhfuil aon fhianaise aimsithe acu a thabharfadh le fios go raibh aon bhaint ag buíon coirpeach as Éirinn le gáinneáil ar an 39 duine a fuarthas marbh i leoraí in Essex Shasana inné. 

Tá dhá theach ó thuaidh cuardaithe ag póilíní mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe faoin leoraí ina bhfuarthas 39 duine marbh i Sasana. 

Tuairiscíodh go raibh fiosrú ar bun faoi aon bhaint a d’fhéadfadh a bheith ag aon bhuíon gáinneála as Éirinn leis an eachtra, ach de réir tuairisce ag RTÉ deir na Gardaí nach bhfuil aon fhianaise gurb amhlaidh an cás.

Thug an Áisíneacht Náisiúnta Coiriúlachta na Ríochta Aontaithe le fios go rabhthas ag fiosrú buíonta eagraithe coirpeach féachaint an raibh baint acu leis an eachtra. 

Idir an dá linn, tá tiománaí an leoraí, fear 25 bliain d’aois as Port an Dúnáin i gcontae Ard Mhacha, á cheistiú go fóill ag na póilíní i Sasana. 

Gabhadh Mo Robinson inné mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe ar cuireadh tús leis nuair a tháinig na seirbhísí otharchairr ar na coirp sa leoraí i bpáirc tionsclaíochta in Essex ag leathuair tar éis a haon maidin inné.

Mo Robinson, tiománaí an leoraí, atá á cheistiú go fóill ag na póilíní i Sasana.

Ní léir go fóill an raibh nó nach raibh aon eolas ag an tiománaí faoi dhaoine a bheith á smuigleáil sa leoraí.

Tháinig tréiléar an leoraí i dtír ar abhainn an Thames in Purfleet agus anall as Zeebrugge na Beilge a tháinig sé. Deirtear gur as Éirinn a tháinig an leoraí féin trí chalafort Caergybi [Holyhead] ag an deireadh seachtaine agus gurbh amhlaidh a bailíodh an tréiléar in Purfleet. D’fhág an leoraí agus an tréiléar cuisnithe ina raibh na daoine Purfleet ag cúig tar éis a haon maidin inné, 25 nóiméad nó mar sin sular thángthas ar na coirp.

Bhí an leoraí cláraithe sa Bhulgáir agus tugadh le fios gur le bean as Éirinn é. Bhí greamán mór ar fhuinneog thosaigh an leoraí, ar de dhéanamh Scania é, a deir ‘Ireland, the ultimate dream’.

38 duine fásta agus déagóir amháin a bhí sa leoraí agus ní fios go fóill cárbh as dóibh.

Cé go bhfuiltear sásta nár tugadh na daoine a fuair bás trí Éirinn, tá ráite ag an nGarda Síochána go dtabharfaidh siad gach cúnamh is féidir do na póilíní atá ag fiosrú na heachtra.

Is í seo an eachtra is measa dá leithéid a tharla i Sasana ó thángthas ar 58 duine as an tSín marbh in aonad leoraí in Dover in Kent sa bhliain 2000. 

Fág freagra ar '‘Fianaise ar bith’ go raibh baint ag buíon as Éirinn le gáinneáil ar na daoine a fuarthas i leoraí in Essex'

  • An Teanga Bheo

    Tragóid cheart ag an bpobal Síneach seo agus an fhulaingt atá sa saol seo. Beannacht leo

  • Gurdy o’ sulamháin

    Is é rud Ana Donna é seo