Cé gur chaill Fiadh a háit mar an t-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní, ba é go fóill an t-ainm Gaeilge is coitianta a tugadh ar chailíní a rugadh anuraidh.
Bhí Fiadh agus Rían arís ar bharr an liosta i dtaobh na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta do ghasúir in 2022, de réir an eolais is déanaí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Cé gur tugadh Fiadh ar 424 leanbh a rugadh in Éirinn in 2021, thit sin go dtí 320 anuraidh, rud a d’fhág an t-ainm sa tríú háit ar mhórliosta na n-ainmneacha do chailíní. Ba iad Grace agus Emily, a bhí ar bharr an liosta den chéad uair ó 2019, na hainmneacha a bhí níos coitianta ná Fiadh anuraidh.
Bhí Fíadh, le síneadh fada ar an ‘I’, ar liosta an 100 ainm cailíní ba choitianta in 2022 agus an t-ainm sin san 71ú háit agus tugadh Fiádh, le síneadh fada ar an ‘á’, ar thriúr leanaí anuraidh.
Bhí Rían ar an ainm Gaeilge is coitianta den dara huair agus an t-ainm sin tugtha ar 372 buachaill a rugadh anuraidh. Bhí an t-ainm ar an gceann ba choitianta ar fad do bhuachaillí anuraidh, suas ón gcúigiú háit in 2021. Ba é Jack an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 2022, mar a bhí gach bliain ó 2007, seachas in 2016.
Bhí 15 ainm Gaeilge ar fad i measc an 100 ainm is coitianta in 2022. Bhain Tomás (77ú háit) agus Odhrán (88ú háit) áit amach i measc an chéad 100 ainm is coitianta ach thit Odhran (gan síneadh fada) agus Eoin amach as an gcéad 100 ainm is coitianta do bhuachaillí.
Bhí Oisín (séú áit), Tadhg (seachtú háit), Liam (ochtú háit) agus Cillian (naoú háit) uile i measc na n-ainmneacha ba choitianta do bhuachaillí anuraidh. Rinne Páidí dul chun cinn, ón 78ú háit go dtí 58ú háit, agus rinne Cathal dul chun cinn freisin, ón 89ú háit go dtí an 73ú háit.
Bhí 15 ainm Gaeilge freisin sa chéad 100 ainm ba choitianta do chailíní in 2022, ceann níos lú ná mar a bhí an bhliain roimhe.
Éabha an t-aon ainm Gaeilge eile a bhí i measc na n-ainmneacha is coitianta do chailíní ach bhí Saoirse (an 18ú háit), Caoimhe (an 24ú háit), Aoife (an 30ú háit), Róisín (an 31ú háit), Sadhbh (an 32ú háit), Croía (an 38ú háit), Aoibhín (an 65ú háit) agus Méabh (65ú háit) i measc na n-ainmneacha a d’ardaigh ar an mórliosta in 2022.
Bhain an t-ainm Éala áit amach i measc an 100 ainm is coitianta do chailíní, é imithe ón 177ú háit in 2021 go dtí an 91ú háit anuraidh.
Thit Áine, a bhí sa 101ú háit anuraidh, agus Laoise amach as an 100 ainm is coitianta.
Ainmneacha Buachaillí
2022 | 2021 | ||
---|---|---|---|
1 | Rían | 4 | 5 |
2 | Oisín | 6 | 12 |
3 | Tadhg | 7 | 10 |
4 | Liam | 8 | 6 |
5 | Cillian | 9 | 9 |
6 | Fionn | 11 | 14 |
7 | Seán | 19 | 16 |
8 | Cian | 28 | 23 |
9 | Donnacha | 46 | 53 |
10 | Páidí | 58 | 78 |
11 | Cathal | 73 | 89 |
12 | Tomás | 77 | 120 |
13 | Daithí | 80 | 78 |
14 | Odhrán | 88 | 112 |
15 | Tadgh | 90 | 92 |
Ainmneacha Cailíní
|
|
2022 |
2021 |
---|---|---|---|
1 |
Fiadh |
3 |
1 |
2 |
Éabha |
6 |
5 |
3 |
Saoirse |
18 |
23 |
4 |
Caoimhe |
24 |
25 |
5 |
Aoife |
30 |
32 |
6 |
Róisín |
31 |
34 |
7 |
Sadhbh |
32 |
35 |
8 |
Croía |
38 |
52 |
9 |
Aoibhín |
65 |
71 |
9 |
Méabh |
65 |
57 |
11 |
Fíadh |
71 |
69 |
12 |
Ailbhe |
72 |
60 |
13 |
Ciara |
74 |
65 |
14 |
Niamh |
78 |
72 |
15 |
Éala |
91 |
177 |
Tiarnan de Fréine
Cad mar gheall ar Tiarnán?
Dál an scéil bhí (agus b’fhéidir go bhfuil fós) Liam ar ceann dos’ na hainmneacha
ba choitianta i gCeanada le blianta beaga anuas!
Padraic Harvey
Cén fáth go roghnaítear ‘Tadgh’ in áit ‘Tadhg’? Nach diabhalta an litriú é ‘Tadgh’?