CEOL & DAMHSA
Fête de la Musique vs Pop-Up Gaeltacht ar Ghrianstad an tSamhraidh
Beidh comóradh ceoil agus teanga ar siúl i gcroílár Luimnigh ar Shráid Thomáis agus i Mickey Martins ar an Satharn, 21 Meitheamh 2025 ó 19:30 go 21:30. Tá an ócáid curtha ina chéile mar chuid de Fête de la Musique, féile ceol sráide le fréamhacha Francacha, in éineacht leis an Pop-Up Gaeltacht áitiúil. Eagraithe ag Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus an Alliance Française, beidh ceol beo, comhrá Gaeilge agus spraoi don teaghlach le fáil ar an lá is faide sa mbliain. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó cnagluimnigh@gmail.com.
Bál Aiteach 2025
Beidh Bál Aiteach 2025 ar siúl i The Back Page, Baile Phib i mBaile Átha Cliath, ar an Satharn, 21 Meitheamh 2025. Ceiliúradh gléasta, cruthaitheach agus spraíúil don phobal LADT+ Gaelach atá sa Bhál Aiteach. Le himeachtaí ó 18:00 ar aghaidh go dtí 23:00, beidh cluichí ann, raifil, agus an bál mór faoi stiúir Darragh Ó Caoimh. Tá cuireadh tugtha do rannpháirtithe gléasadh suas de réir catagóirí, lena n-áirítear ‘Táin Hoe’ agus ‘Belle Feirste’, agus bronnfar duaiseanna €100 ar na feistis is fearr. Is ócáid thacúil, shiamsúil í a thacaíonn le cruthaitheacht agus le pobal na Gaeilge.
Tá ticéid ar fáil anseo.
ACLAÍOCHT
Park Run Gaeilge in Iorras
Beidh an rith pobail Park Run Gaeilge ar siúl i Lúb na Croise, Béal an Mhuirthead, contae Mhaigh Eo, ar an Satharn, 21 Meitheamh 2025 ó 09:30 go 11:00. Tionscnamh é seo idir parkrun Éireann agus Oireachtas na Gaeilge a chuireann siúlóidí agus rití Gaeilge chun cinn i measc an phobail. Spreagtar rannpháirtíocht shóisialta agus úsáid na Gaeilge i suíomh neamhfhoirmiúil, agus tá fáilte roimh gach aoisghrúpa agus gach leibhéal aclaíochta.
Tá tuilleadh eolais anseo.
Cúrsaí Seoltóireachta Gaeilge do Dhéagóirí ar Chléire
Cuirfear cúrsaí seoltóireachta trí Ghaeilge ar fáil ar Oileán Chléire i gcontae Chorcaí, le linn deireadh seachtaine campála ar an 21-22 Meitheamh, 26-27 Iúil, agus 23-24 Lúnasa 2025. Tá na cúrsaí in oiriúint do dhéagóirí idir 13 agus 18 mbliana d’aois a bhfuil spéis acu sa bhfarraige agus sa nGaeilge. Cuirfear teagasc praiticiúil ar fáil ar an uisce agus ranganna teoirice i nGaeilge. Tá an cúrsa á chur ar fáil i gcomhar le Scoil Seoltóireachta Inis Uí Dhrisceoil [Heir Island Sailing School]. Tuilleadh eolais ar fáil ón Oifigeach Pleanála Teanga áitiúil.
RÁSAÍ BÁD
Féile na mBád Ros Muc
Beidh Féile na mBád ar siúl i Ros Muc ar an 21-22 Meitheamh. Beidh na rásaí báid seoil ar an Satharn ag tosú ag a 12:00 meán lae agus rásaí curachaí ar an Domhnach, ag céibh Ros Cíde. Eagrófar imeachtaí don teaghlach agus gníomhaíochtaí do pháistí ar an gcéibh. Is comóradh é seo ar thraidisiún bádóireachta an cheantair agus tá fáilte roimh chách. Beidh ceol le Brian Terry tráthnóna Dé Domhnaigh Tigh Chlarke.
Tá tuilleadh eolais anseo.
SÓISIALTA
Pop-Up Gréasán d’oibrithe san earnáil phoiblí
Reáchtálfar oíche shóisialta dhátheangach dar teideal Pop-Up Gréasán & Tráth na gCeist Boird i mBéar SULT ar champas Ollscoil na Gaillimhe tráthnóna inniu ag tosú ag 19:00. Is í Bláthnaid Ní Chofaigh a bheidh mar bhean an tí. Is cuid í an ócáid seo de shraith imeachtaí Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, a chuireann béim ar dheiseanna gréasáin agus sóisialta trí Ghaeilge do dhaoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí. Cuirtear fáilte roimh rannpháirtithe ag gach leibhéal Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa. Tá an ócáid saor in aisce, ach ní mór clárú roimh ré.
Fág freagra ar 'Fête de la Musique vs Pop-Up Gaeltacht i Luimneach, Bál Aiteach i mBaile Átha Cliath, Park Run Gaeilge in Iorras agus Rásaí Bád i Ros Muc'