Bhain Éamonn Keaveney cathair na Gaillimhe amach oíche Dé Céadaoin agus é ar a bhealach ó dheas ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is í an sprioc atá aige ná 2,000km de chósta na hÉireann a shiúl, cosnochta, agus é ag bailiú airgid don charthanacht Pieta House, a thugann cúnamh do dhaoine a mbíonn an féinmharú agus an féinghortú ag luí orthu.
Tá Keaveney ag siúl le 13 lá agus tá an chéad sprioc bailiúcháin a leag sé amach dó féin, €5,000, sáraithe aige cheana féin agus gan ach 200km den 2,000km siúlta aige. Tá sprioc nua anois aige, €10,000, agus is féidir airgead a thabhairt dó ar an suíomh tiomsaithe airgid everydayhero.com.
Dúirt Keaveney le Tuairisc.ie go raibh sé fíorbhuíoch de na daoine uilig ar casadh orthu é ar an mbóthar agus a thug idir bhia agus lóistín dó. Lig óstán i mBóthar na Trá, i nGaillimh, do Keaveney fanacht oíche san óstán saor in aisce, sular thug sé aghaidh ar Chontae an Chláir.
“Tá mé ag siúl le 13 lá anois, agus puball ar mo dhroim, ach ní raibh orm an puball a thógáil amach as an mála ach aon uair amháin. Táthar tar éis leaba a thabhairt dom i dtithe teaghlaigh, i dtithe ósta agus i dtithe lóistín ar feadh an bhealaigh. Táthar tar éis teacht amach ar an mbóthar os mo chomhair le brioscaí agus ceapairí agus deochanna a thabhairt dom. Tá mé fíorbhuíoch do chuile dhuine a chabhraigh liom, trí airgead a thabhairt dom nó aire a thabhairt dom,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Fear i mbun curiarrachta domhanda ag siúl an bhealaigh trí Chonamara'