Fear gafa ag na Gardaí i ndiaidh eachtra sa Ghaeltacht inar maraíodh bean nuair a bhuail carr í

Maraíodh bean agus gortaíodh go dona beirt bhan eile nuair a bhuail carr faoi dhaoine a bhí ag siúl i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí go moch ar maidin

Fear gafa ag na Gardaí i ndiaidh eachtra sa Ghaeltacht inar maraíodh bean nuair a bhuail carr í

Tá fear gafa ag na Gardaí i ndiaidh eachtra inar maraíodh bean nuair a bhuail carr roinnt daoine i mbaile Gaeltachta i gCorcaigh.

Maraíodh bean agus gortaíodh go dona beirt bhan eile nuair a bhuail carr faoi dhaoine a bhí ag siúl i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí.

Tharla an eachtra ag 1.10am maidin Dé Máirt.

Bean sna caogaidí a maraíodh. Tugadh a corp go dtí Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.

Tugadh beirt eile, mná sna daichidí, go dtí an t-ospidéal chomh maith. Gortaíodh an bheirt go dona san eachtra, a dúirt na Gardaí.

Fear san daichidí a bhí ag tiomáint an chairr. Níor gortaíodh é féin ná na paisinéirí a bhí ina theannta.

Tá príomhshráid an bhaile Ghaeltachta dúnta agus scrúdú teicniúil le déanamh ar an láthair ag imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí an Gharda Síochána.

Tá iarrtha ag na Gardaí ar aon duine a chonaic an eachtra dul i dteagmháil leo.

Is féidir le duine ar bith a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i Maigh Chromtha ag (026) 20590, nó le stáisiún ar bith eile, nó glaoch ar líne rúnda na nGardaí, 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Fear gafa ag na Gardaí i ndiaidh eachtra sa Ghaeltacht inar maraíodh bean nuair a bhuail carr í'