‘Fear cóirithe na ród’  – Ba é misean an Doibhlinigh misneach a mhúscailt i measc na nGael

Chreid Breandán Ó Doibhlin go láidir i mbrí bhunaidh an fhocail ‘traidisiún’, rud a sheachadadh ar aghaidh

‘Fear cóirithe na ród’  – Ba é misean an Doibhlinigh misneach a mhúscailt i measc na nGael

Cailleadh duine de laochra móra na Gaeilge, an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin Dé Máirt 19 Meán Fómhair, é dhá bhliain déag agus ceithre scór.

Rugadh an Doibhlineach i mí na Bealtaine 1931 i Rúscaigh, i gContae Thír Eoghain. Fuair sé a chuid scolaíochta i gColáiste Cholm Cille i nDoire sular thug sé aghaidh ar an gcliarscoil náisiúnta i Maigh Nuad. Le linn dó a bheith i gColáiste Phádraig, bhí sé ina bhall díograiseach de Chuallacht Cholm Cille, é cheana féin ag gníomhú ar son na teanga a fuair sé óna mháthair. B’Eoghanach go smior é, Breandán, ach bhí sé thar a bheith bródúil as cúlra Maigh Eoch a mháthar agus as an nGaeilge Mhaigh Eoch a thug sí dó.

Le linn do James Devlin, athair Bhreandáin, a bheith ar saoire i mBun Dobhráin ag deireadh na bhfichidí a casadh Sarah (Sally) Doherty as Lios Doireáin, cóngarach do Bhéal Átha na Muice, air, agus pósadh iad in Ard Eoghain, Béal Feirste, i 1930. Bhí ceathrar mac agus iníon amháin acu, Brian (a cailleadh agus é  ina naíonán), Breandán, Colum, Ciarán, agus Carmel. Chuaigh James ar shlí na fírinne agus gan Breandán ach sa chéad bhliain mar ábhar sagairt i Maigh Nuad, agus cailleadh a mháthair i 1973. I gColáiste na nÉireannach sa Róimh, seachas i Maigh Nuad, a chríochnaigh Breandán a chuid staidéir sagartóireachta, agus oirníodh thall é ar an 5 Márta 1955.

D’fhill sé ar Mhaigh Nuad gairid go leor ina dhiaidh sin, sa bhliain 1958, nuair a ceapadh é ina Ollamh le Fraincis ann, ról a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1996. Ní bhfuair sé oiliúint ghairmiúil mar léachtóir Fraincise go dtí 1963, nuair a bhronn Rialtas na Fraince scoláireacht air a lig dó tréimhse a chaitheamh in institiúid ar leith de chuid an Sorbonne. Bhí tábhacht sa bhreis ag baint leis an scoláireacht seo toisc gurbh í a chuir i dtreo Choláiste na nÉireannach i bPáras de chéaduair é agus lóistín á lorg aige. Ba é an diúltú a tugadh dó sa choláiste an lá sin a spreag feachtas fada arbh é an Centre Culturel Irlandais a thoradh.

Is líne an-oiriúnach é líne úd Horace exegi monumentum aere perennius (‘tá leacht tógtha agam atá níos buaine ná cré-umha’) agus muid ag labhairt faoi Bhreandán Ó Doibhlin. Ba scríbhneoir agus scoláire ar leith é agus is éachtach an ní é leithead na n-ábhar a ndeachaigh sé i ngleic leo thar na blianta, agus a raibh sé ag dul i ngleic leo go dtí le fíordhéanaí. Sa bhliain 1951 a cuireadh an chéad phíosa scríbhneoireachta uaidh i gcló, ‘Soir’, in iris mhic léinn sagartóireachta Mhaigh Nuad, The Silhouette, agus cuireadh dhá aistriúchán leis i gcló in Irisleabhar Mhá Nuad 2022, aon bhliain déag agus trí scór níos déanaí. Tá aistriúchán go Béarla a rinne sé ar dhá dhán, ceann le hAodh Buí Mac Cruitín, an ceann eile le Pádraigín Haicéad, le cur i gcló go fóill, iad araon in ómós don Mhaighdean Mhuire, na píosaí deireanacha scríbhneoireachta, is cosúil, a rinne sé.

Is liosta ar leith é liosta foilseachán an Doibhlinigh, agus seo agaibh blaiseadh éigin dá bhfuil air: trí úrscéal; breis agus dhá scór leabhar de chineálacha eile, lena n-áirítear saothair bhunaidh, aistriúcháin agus bailiúcháin (sé Mhanuail de litríocht na Gaeilge ina measc); ceithre alt in Bliainiris, seacht gcinn is fiche in Comhar, sé cinn in Feasta, naoi gcinn is dhá scór sa Furrow, ceithre cinn san Ecclesiastical Record, cúig cinn san Irish Theological Quarterly; naoi gcinn is fiche in Irisleabhar Mhá Nuad, sé cinn i Léachtaí Cholm Cille agus naoi gcinn déag in An Sagart, agus níl Seanchas Ard Mhacha, The Silhouette, The Coelian, The Bell, The Clogher Record, Éire-Ireland, Oghma ná tuilleadh nach iad san áireamh. Ina theannta sin, foilsíodh naoi bpíosa is caoga leis, thar chúig eagrán éagsúla, sa Patrimoine Littéraire Européen, agus Eochaidh Ó hEodhasa, Seathrún Céitinn, Aodh Mac Aingil, Aogán Ó Rahaille, Pádraig Mac Piarais, Peadar Ó Laoghaire agus tuilleadh nach iad á gcur i láthair léitheoirí an Patrimoine aige. Má chuirtear na cineálacha difriúla giotaí i bhfoilseacháin éagsúla le chéile, mar aon leis na leabhair, breis agus 300 scríbhinn ó pheann an Doibhlinigh a cuireadh i gcló i gcaitheamh na mblianta.

Is iontach agus is fánach an rud é go bhféadfadh duine amháin an oiread sin a scríobh, thar thréimhse chomh fada agus ar an iliomad ábhar, agus é chomh fuinniúil, beomhar san aistriúchán a sholáthair sé do Irisleabhar Mhá Nuad in 2022 agus a bhí sé ag tosú dó.

Ní fhéadfadh éinne na saothair seo a léamh gan ceisteanna práinneacha íogaire a bheith á spreagadh ann – ceisteanna bunúsacha féiniúlachta, daonnachta agus dúchais, go háirithe. In alt leis a cuireadh i gcló i 1965, ‘Teagasc Litríocht na Gaeilge’, cuireann sé i gcuimhne dá léitheoirí nárbh fhiú a bheith ag labhairt faoi theanga mura ndíreofaí ar an saibhreas a chaomhnú inti; meabhraíonn sé dúinn in ‘I dtreo na Critice Nua’ (1967) gurb í doimhneacht phobal na Gaeilge is tábhachtaí, seachas a leitheadacht; agus bhí a dhóchas go fóill i gcumhacht thobar na teanga, d’ainneoin athruithe móra sa saol, agus é ag scríobh breis agus tríocha bliain níos déanaí: ‘An chaoi a bhfuil an Phoblacht imithe le frithchreideamh, le caimiléireacht, le rachmasaíocht agus le haithris ar an nuaíocht anall, an bhfuil aon tír dhúchais fágtha againn ach an teanga Ghaeilge agus a bhfuil ar caomhnú inti?’ (‘Donnchadh Ó Floinn – Fáidh nár éisteadh leis’, 2000).

Maidir lena chuid úrscéalta, tá cáil ar leith ar a shaothar ceannródaíoch Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), allagóire bíobalta ar ár n-oidhreacht chreidimh agus chultúir, saothar ar leathnú é, d’fhéadfaí a áitiú, ar an tseanmóir éachtach a thug sé i mí Dheireadh Fómhair 1963, i séipéal Choláiste Phádraig, ag ócáid chomórtha céad bliain breithe Eoghain Uí Ghramhnaigh, fear a d’fhág an-rian air. Thaitin sé riamh leis an Doibhlineach dúshlán a thabhairt dá chuid léitheoirí (agus ní díreach dúshlán ó thaobh na teanga!) agus feicimid sin go soiléir sna trí úrscéal. I ndíonbhrollach Néal Maidine is Tine Oíche, deir sé go neamhbhalbh leis an léitheoir nár cheart dó tabhairt faoin saothar in aon chor más ábhar pléisiúrtha léitheoireachta atá uaidh ó tá talamh nua á bhriseadh ann agus iarracht á déanamh daoine a chur ar bhóthar a leasa. Nuair a bhaineann sé úsáid as an dara pearsa uatha in An Branar gan Cur (1979), seift a oibríonn go fíormhaith, cuireann sé iachall ar an léitheoir páirt lárnach a ghlacadh sa scéal agus machnamh a dhéanamh ar imeallachas an duine agus ar imeallachas pobail, más olc maith leo é. In Sliocht ar Thír na Scáth (2018), ansin, úrscéal a scríobh sé le linn babhta breoiteachta, ní hamháin go gcuireann sé tírdhreach Lár Uladh timpeall na bliana 1600 i láthair an léitheora ach siúlann an léitheoir tríd i mbróga an phríomhcharachtair. Cuireann an t-údar dúshlán roimhe ar an mbealach sin a dhá shúil a oscailt agus aitheantas ceart a thabhairt don réabadh agus don ár a rinneadh, ní hamháin ar na daoine, ach ar theanga agus ar chultúr na nGael leis.

Ba scríbhneoir cumasach é, Breandán, mar sin, ach ba léitheoir cíocrach é, chomh maith, agus bhainfeadh sé taitneamh i gcónaí as seal cainte a dhéanamh, agus an chuideachta a bheith aige, ar leabhair idir shean agus nua. Tobar ab ea a intinn as a dtáladh sé mioneolas ar réimse agus ar thréimhse ar bith de léann na Gaeilge nó léann na Fraincise, gan trácht ar litríocht teangacha eile. Agus é ag druidim le deireadh a shaoil, bhí sé go fóill ag labhairt faoi scríbhneoirí na Gaeilge, mionsonraí na saothar ar bharr a theanga aige, agus giotaí iomlána filíochta á n-aithris aige.

Mar athair nua-chritic na Gaeilge is mó a chuimhneoidh pobal na Gaeilge air agus scoil chritice curtha ar bun aige i Maigh Nuad sna seascaidí. Cuireadh beocht nua in Irisleabhar Mhá Nuad faoina stiúir agus rinneadh í a ateilgean ina hiris chruthanta léannta, agus cur chuige úrnua Eorpach i bhfeidhm, inar cuireadh ar fáil do phobal na Gaeilge aistí anailíseacha teoiriciúla ar ghnéithe de litríocht na Gaeilge. Fuair scata de mhórscoláirí agus criticeoirí na Gaeilge ó shin a bprintíseacht sa scoil chéanna agus tá síol sin na seascaidí ag bláthú leis i gcónaí.

Bronnadh neart duaiseanna agus gradam ar Bhreandán in imeacht na mblianta, ina measc, gradam an Phiarsaigh, Chevalier de l’Ordre National du Mérite, Duais Amharclann na Mainistreach (Iníon Mhaor an Uachta) agus Officer de la Légion d’Honneur, agus ba é an Reachtaire deireanach ar Choláiste na nÉireannach i bPáras é. Bhí sé ina aoi speisialta in Ambasáid na Fraince i mí an Mhárta 2016 agus, i mí Iúil na bliana céanna, d’eagraigh IMRAM oíche ómóis dó. I mí na Bealtaine na bliana seo, rinneadh a chuid gaiscí ar son na hEaglaise, ar son na Gaeilge agus ar son an chultúir Ghaelaigh, in éineacht, a cheiliúradh ag ócáid de chuid Chumann na Sagart.

Bhí an ócáid sin ar aon dul leis féin – léann agus lúcháir, greann agus gean ann – agus é thar a bheith sásta a bheith i measc a chuid gaolta agus cairde.

Ní fhéadfaimis labhairt faoin Doibhlineach, áfach, gan tagairt a dhéanamh don ról lárnach a bhí aige in athghabháil Choláiste na nÉireannach i bPáras. Faoi mar a dúradh, nuair a chuaigh sé chun na Fraince i 1963, diúltaíodh leaba ann dó agus baineadh geit as nuair a fuair sé amach go raibh sé in úsáid mar chliarscoil ag na Polannaigh.

Níor fhill sé ar an gcoláiste go dtí 1975, é ar saoire shabóideach ó Mhaigh Nuad, ach bhí a chuid réamhoibre déanta an uair seo aige. D’éirigh leis leaba a fháil ann an uair seo agus chaith sé féin agus Liam Swords tamall ann agus revanche (mar a dúirt an Doibhlineach féin) á phleanáil acu!

D’éirigh leo, ar deireadh, teacht ar an gcáipéisíocht chuí inar leagadh amach stair theideal an Choláiste agus cé go raibh bóthar fada rompu go fóill agus go leor cainte le déanamh, d’éirigh le Breandán a fhís a réadú – d’éirigh leis, i gcomhar le cairde dílse, ionad cultúrtha a chur ar bun do na hÉireannaigh, tearmann i bPáras dóibh siúd a bhí imithe ón mbaile ach ar theastaigh uathu ceangal a choinneáil leis.

B’fhaillíoch an mhaise dúinn gan gairm spioradálta an Doibhlinigh a lua. Sagart díograiseach ab ea é, moinsíneoir a raibh creideamh láidir aige, creideamh a bhí fréamhaithe sa spioradáltacht Ghaelach.

Chreid sé nárbh fhéidir agus nár cheart an creideamh agus an teanga a scarúint óna chéile toisc go raibh dlúthcheangal eatarthu, agus scríobh sé cuid mhór ar an ábhar. Chuir sé dua air féin, leis, leaganacha Gaeilge de théacsanna creidimh a chur ar fáil, Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí agus Leabhar Íseáia fáidh ina measc.

Bhí tuiscint ar leith ag an Doibhlineach ar an bhfocal ‘oideachas’, educare na Laidine, ‘tabhair as nó tabhair chun solais’ agus spreag sé a chuid mac léinn chun crógachta, go mbainfidís a mbrí féin as an oidhreacht agus go múnlóidís í, seachas í a chaomhnú mar a bheadh mír iarsmalainne.

Ba é teachtaireacht agus misean an Doibhlinigh gaudium et spes a chur chun cinn agus misneach a mhúscailt i measc na nGael faoi mar a rinne réamhthéachtaithe dá chuid, agus ba thábhachtach dó na focail atá greanta ar thuama Eoghain Uí Ghramhnaigh i reilig an Choláiste: ‘Órait d’Eoghan Ó Gramhnaigh do mhúsgail meisneach na nGaedheal: Órait d’Eoghan Ó Gramhnaigh do mhúsgail meisneach na nGaedheal’

Níl aon amhras faoi ach go mairfidh scríbhinní Bhreandáin Uí Dhoibhlin go ceann i bhfad. Is fianaise iad ar an ghort machnaimh agus marana a shaothraigh Breandán go teann dílis agus tá torthaí an tsaothair sin le fáil go fada leitheadach. Agus an tseanmóir thuasluaite á tabhairt aige in ómós d’Eoghan Ó Gramhnaigh, luaigh sé an sliocht seo a leanas as Íseáia Fáidh:

Fothracha an tseansaoil, tá siad tógtha arís i do thír dhúchais, agus tá bunsraith na nglún suite go daingean as an nua. Is ar do chrannsa a tháinig na ballaí briste do dheisiú, agus bhéarfar mar ainm ort fear cóirithe na ród.

Tá na focail seo chomh hoiriúnach céanna agus muid ag labhairt faoin Doibhlineach is a bhí agus eisean ag labhairt faoin nGramhnach. B’fhear cóirithe na ród é féin leis. Ghlac sé go fonnmhar leis an oidhreacht chultúrtha a bhronn Ó Gramhnaigh, Ó Floinn et al. air, chuir sé léi agus tá sí bronnta anois aige orainne, atá tagtha ina dhiaidh. Chreid sé go láidir i mbrí bhunaidh an fhocail ‘traidisiún’, tradere sa Laidin – rud a sheachadadh ar aghaidh, agus sin í an fhreagracht atá faighte le hoidhreacht againn uaidh.

Ba dhuine, ba scoláire, b’fhear, ba shagart, ba Ghael ar leith é Breandán Ó Doibhlin a bhfuil lucht léinn na Gaeilge faoi chomaoin mhór aige. Ar ócáid a lá breithe agus é deich mbliana is ceithre scór, scríobh Tadhg Ó Dúshláine dán in ómós dó agus is oiriúnach na focail iad agus an Doibhlineach anois imithe uainn ar shlí na fírinne.

Is tú fós againn lóchrann na critice

Damhna na lúcháire is ár n-ábhar dóchais.

Is tusa fós an Comhairleoir a sholáthraíonn dúinn

Sólás is misneach as saothar do phinn;

An Fuascailteoir a ghnóthaíonn dúinn

Ár n-áit i measc na náisiún

Is tógáil ár gcinn.

Fág freagra ar '‘Fear cóirithe na ród’  – Ba é misean an Doibhlinigh misneach a mhúscailt i measc na nGael'

  • Seán Mag Leannáin

    Sár-alt le Tracey ar an Moinsíneoir Ó Doibhlin. Is dochreidte an méid a rinne an sagart seo i léann na Gaeilge. Is deacair a shamhlú go mbeidh a mhacasamhail riamh arís ann.

  • Oilibhéar Ó Croiligh

    B’aoibhinn liom an t-alt álainn ionraic cuimsitheach seo a léamh. Tógáil croí dom fís Bhreandáin a fheiceâil beo i dtuiscint agus in ómós scoláire de chuid Mhá Nuad na linne seo. Míle buíochas!

  • Micheal Mac Aonghusa

    Cur síos iontach ar fhathach cultúir nach bhfuair aitheantas ceart riamh.

  • Donal Leader

    Bhí sé de phribhléíd agam freastal ar a chuid léachtanna i Má Nuad sna seachtóidí. Sár scoláire acadúil a bhí ann a spreag an lucht léinn le hiniúchadh doimhin a dhéanamh ar a gcuid claontachtaí intleachtúla. Chreid sé go mór go bhfuil cultúr na hÉireann rannpháírteach i gcultúr na hEorpa i gcoitinne agus go bhfuil ról ar leith ag an tír seo ina forbairt agus ina caomhnú.