Nuair a labhair Chas Jewett ag an ócáid ‘Standing Rock to Tyrone’ le déanaí, rinneadh nasc idir lucht agóide i ‘nGaeltacht dheireanach’ Thír Eoghain agus an agóid cháiliúil a rinne Meiriceánaigh Dhúchasacha ag Standing Rock in Dakota Thuaidh.
Bhí bean ‘Standing Rock’ ar chuairt mar chuid den agóid atá ar bun ag pobal an Chaisleáin Ghlais in éadan plean le mianach óir a fhorbairt sa cheantar. Bhí Gaeilge sa pharóiste seo, i lár an Speirín, le cuimhne na ndaoine.
Thug lucht an fheachtais abhus in éadan an mhianaigh óir tacaíocht do phobal Dúchasach Meiriceánach na Dakota agus iad ag iarraidh stop a chur le píblíne ola trí thailte s’acu agus ghabh Jewett a buíochas leo.
“Nuair a amharcaim isteach i súile s’agaibhse, feicim mo dhaoine muinteartha féin,” ar sise.
Labhair sí faoi mheath na teangan Lakota ina cheantar dúchais. Nuair a bhí sí óg, níor labhair daoine an teanga ar an bhaile mór, a dúirt sí.
“Bhí m’athair ar an duine ab óige de dheichniúr clainne. Faoin am gur rugadh eisean níor labhair a thuismitheoirí an teanga níos mó,” ar sise. Chuir sí síos fosta ar an drochíde a fuair Dúchasaigh Mheiriceá ina ceantar féin. “Le trí ghlúin, tógadh páistí s’againne óna dtuismitheoirí agus iad cúig bliana d’aois, agus cuireadh ar scoileanna cónaithe iad,” ar sise.
Nuair a chuaigh siad isteach sna scoileanna, gearradh a gcuid gruaige agus cuireadh isteach i bhfolcadáin díghalráin iad “mar, ar ndóigh, b’Indiaigh shalacha iad”.
“Ansin chuir siad ainm orthu nárbh ainm s’acu é, ach ainm ag an chine geal é, ainm Críostaí,” arsa Chas Jewett.
Baineadh a ndúchas díobh. Bhí na scoileanna chomh fada sin ar shiúl óna muintir nach mbeadh cuid acu ábalta fiú cuairt a thabhairt orthu aimsir na Nollag. Tugadh drochíde dóibh, agus rinneadh éigniú orthu go minic. “Tharla seo dár bpobal ar fad,” ar Jewett, a dúirt go ndearnadh éigniú uirthi féin den chéad uair agus í naoi mbliana d’aois.
“Tá sibh ag amharc orm anseo, agus an tráma sin ag cur as dom,” ar sise.
Bhí sé d’ádh uirthi, a dúirt sí, cuairt a thabhairt ar an Pholainn. Nuair a chuaigh sí trí gheataí Auschwitz “chonaic mé go díreach an rud go ndeachaigh mo shinsir tríd”.”
De bharr a d’fhulaing siad, tá tráma ag cur as don phobal Meiriceánach Dúchasach, a dúirt sí, a fhágann go mbíonn fadhbanna éagsúla ag cur as dóibh, a dúirt sí. “Níl a fhios againn an dóigh le grá a thabhairt,” ar sí.
Ar an tearmann mar a bhfuil cónaí uirthi féin, tá 90% de dhaoine dífhostaithe. Tá alcólachas agus foréigean forleathan, a dúirt sí.
Tá gluaiseacht ar bun ag Meiriceánaigh Dhúchasacha ina ceantar le hathshealbhú a dhéanamh ar a ndúchas agus a dtimpeallacht féin. “De réir nósanna s’againne, ní raibh duine ar bith imeallaithe, bhí fáilte roimh an uile dhuine, thug muid cúram don uile dhuine, sholáthraigh an talamh dúinn a raibh uainn,” ar sise.
Mar gheall ar an agóid ag Standing Rock, dúirt sí gur thug an feachtas sin an pobal le chéile. “Tá pobal s’agamsa go huile is go hiomlán le chéile, seo an rud a bhí de dhíth orm fad mo shaoil. Níor tharla sé riamh go rabhamar ar aon intinn mar a bhí ansin, go rabhamar ag seasamh le chéile.”
Feiceann sí an spiorad céanna ar an Chaisleán Glas, a dúirt sí, agus í “cinnte” go mbeidh “an bua” ag na feachtasóirí ansin.
Fág freagra ar 'Feachtasóir ó Standing Rock ar cuairt ar ‘Ghaeltacht dheireanach’ Thír Eoghain'