Eiseamláir iad pobal bundúchasach Standing Rock atá ag seasamh an fhóid

Eiseamláir iad pobal bundúchasach Standing Rock atá ag seasamh an fhóid D’éirigh le pobal bundúchasach Standing Rock aird a tharraingt ar a bhfeachtas i gcoinne píblíne ola. D’fhéadfadh feachtais eile mar é a bheith romhainn agus Donald Trump ag iarraidh a phleananna a chur i gcrích

Eiseamláir iad pobal bundúchasach Standing Rock atá ag seasamh an fhóid

Dé Domhnaigh seo caite, diúltaíodh cead don dream atá ag iarraidh píblíne chonspóideach a thógáil gar do thearmann bundúchasach Standing Rock sna Stáit Aontaithe – an Dakota Access Pipeline – an líne sin a thógáil gar d’áit a bhfuil bundúchasaigh curtha. Bua mór a bhí ansin do phobal Standing Rock atá ag cur i gcoinne na píblíne le míonna fada anuas i bhfeachtas fíochmhar atá ar an agóid bhundúchasach is mó a tharla sna Stáit Aontaithe le céad bliain anuas. Ach in ainneoin chinneadh an Domhnaigh ina bhfabhar, deir muintir an tearmainn nach bhfuil an cath thart agus nach dtréigfidh siad a gcampa agóide go dtí go n-imeoidh ollscartairí lucht na píblíne.

Tá cónaí i dtearmann Standing Rock ar threibh de chuid an phobail Lakota agus ar threibh de chuid an phobail Dakota – nó na ‘Sioux’, mar is fearr aithne ar an dá threibh i mBéarla. Tá comhlacht príobháideach darb ainm Energy Transfer Partners ag iarraidh píblíne 1,134 mhíle ar fhad a thógáil chun ola a sheachadadh ó iarthuaisceart North Dakota go taiscumair ollmhóra gar do bhaile Patoka, Illinois. Ach deir pobal thearmann Standing Rock go ndéanfadh an phíblíne sin dochar ollmhór dá n-oidhreacht chultúrtha agus dá soláthar uisce. Deir an treibh go bhfuil cuid dá sinsir curtha san áit a bhfuil an phíblíne le tógáil. Lena chois sin, tá siad buartha go mbeidh loch Oahe, ar a bhfuil an tearmann ar fad ag brath don soláthar uisce, i mbaol. Tá cuid den phíblíne le tógáil faoin loch.

An samhradh seo, thóg pobal Standing Rock agus a lucht tacaíochta campa puball gar do cheann de na láithreacha tógála. Tharla caismirtí gránna idir iad agus an lucht slándála príobháideach a fostaíodh chun na láithreacha tógála a chosaint. Gortaíodh léirsitheoirí agus úsáid á baint ag feidhmeannaigh shlándála as madraí agus sprae piobair. An tseachtain seo caite, bádh na scórtha léirsitheoirí go craiceann nuair a díríodh gunnaí móra uisce orthu. Bhí an teocht faoin reophointe, agus reodh na héadaí a bhí á gcaitheamh acu ar an bpointe boise.

Bhí ordú tugtha do na léirsitheoirí a gcampa a fhágáil faoin Domhnach seo caite, agus tháinig cinneadh Cór Innealtóireachta Arm na Stát Aontaithe gan cead a thabhairt an phíblíne a thógáil san áit ar beartaíodh í a thógáil aniar aduaidh ar mhuintir Standing Rock agus a lucht tacaíochta. Go deimhin, dúirt roinnt léirsitheoirí leis na meáin Dé Domhnaigh go bhfuil amhras orthu gur ‘cleas’ a bhí sa chinneadh, iarracht shlítheánta chun fáil réidh leo.

Lena chois sin, tá faitíos ar go leor go gcuirfear cinneadh fábharach an Domhnaigh ar ceal nuair a thiocfaidh Donald Trump i gcumhacht i Mí Eanáir. Tá scaireanna ag uachtarán nuathofa na Stát Aontaithe sa chomhlacht Energy Transfer Partners, atá ag iarraidh an phíblíne a thógáil.

Níos tromchúisí fós, thuairiscigh Reuters Dé Luain go bhfuil comhairle curtha ar Trump tearmainn na mbundúchasach sna Stáit Aontaithe a phríobháidiú, ionas go mbeidh sé níos éasca teacht i dtír ar an ola, ar an ngás agus ar an ngual iontu.

Is cosúil mar sin nach bhfuil an cogadh thart, ainneoin go bhfuil an bua faighte ag pobal Standing Rock i gcath tábhachtach.

Tá rud amháin cinnte, áfach. Le leathbhliain anuas, d’éirigh le muintir an tearmainn seo ar dhrochthailte North Dakota aird an domhain ar fad a tharraingt ar a gcás. Agus chuile sheans gur sampla é a bhfeachtas cumasach #NoDAPL den agóidíocht fhíochmhar a bheidh romhainn nuair a bheidh uachtarán nuathofa na Stát Aontaithe ag iarraidh an chuid is conspóidí dá phleananna a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Eiseamláir iad pobal bundúchasach Standing Rock atá ag seasamh an fhóid'