Feachtas le seoladh ag CnaG dírithe ar na Nua-Éireannaigh agus an Ghaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh fiúntas na Gaeilge a chur in iúl do phobail Nua-Éireannacha ar fud na tíre mar chuid d’fheachtas nua feasachta a sheolfar i Liatroim inniu

17/07/2015. Citizenship Ceremonies. Pictured people in the Convention Center today at the official ceremony to make them a new Irish Citizens. A total of 112 different nationalities of candidates attended todays ceremonies. Photo: Rolingnews.ie
Searmas Saorántachta san Ionad Tionóil i mBaile Atha Cliath i mí Iúil na bliana seo. Pic: Rollingnews.ie

Tá feachtas le seoladh inniu ag Conradh na Gaeilge dírithe ar Nua-Éireannaigh le fiúntas na teanga a chur in iúl dóibh. Is é seo an dara feachtas atá seolta ag an gConradh an tseachtain seo – díreoidh an ceann a seoladh inné ar ardú feasachta faoi bhuntáistí na Gaelscolaíochta.

Is ar phobail ‘Nua-Éireannacha’ a thabharfaidh an Conradh aghaidh leis an bhfeachtas Imeascadh trí Mheán na Gaeilge. Seolfar an feachtas ag 2 a chlog inniu in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhréifne i gCora Droma Rúisc i Co Liatroma.

Labhróidh Conradh na Gaeilge le linn an fheachtais le pobail na Nua-Éireannach faoi stair agus forás na teanga; áit na Gaeilge in Eoraip na linne seo, logainmneacha agus sloinnte Gaeilge, chomh maith leis na deiseanna fostaíochta a bhaineann le foghlaim na Gaeilge agus na buntáistí a bhaineann le hoideachas dátheangach do pháistí.

Míneofar freisin an tionchar a imríonn an Ghaeilge ar Bhéarla na hÉireann agus na bealaí ar féidir le Nua-Éireannaigh sa tír seo páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge trí fhéilte agus imeachtaí an Chonartha ar nós Sheachtain na Gaeilge agus an gréasán ciorcal comhrá Is Leor Beirt.

“Cé go ndéanann muid talamh slán de thionchar na Gaeilge ar an tsochaí anseo ar uairibh, tá an teanga fite fuaite le cultúr na tíre, agus is léir sin do dhaoine a thagann chun na tíre. Is le gach duine í an Ghaeilge agus ba chóir go mbeadh gach deis ar fáil do gach duine chun sult agus tairbhe a bhaint aisti.

“Go deimhin, is chun leas na teanga a théann sé chuile dhuine sa tír a bheith ag baint taitnimh aisti agus éirí gafa léi, idir phobail nua agus phobail sheanbhunaithe, agus tá Conradh na Gaeilge ar a seacht ndícheall ag iarraidh é sin a chur ina luí ar na Nua-Éireannaigh,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha.

Is é Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta Chonradh na Gaeilge, a sheolfaidh an feachtas i gContae Liatroma inniu. Dúirt sé gur ‘seoid luachmhar cultúir’ í an Ghaeilge ar féidir a roinnt le gach aon duine.

“Is cuid ríthábhachtach í an Ghaeilge do na pobail ilchultúrtha atá ag iarraidh dul i ngleic le tírdhreach cultúrtha na hÉireann, agus mar gheall air seo, dá mhéad a thuigeann siad faoin teanga, is ea is fearr agus is fusa a bheidh sé orthu meascadh le sochaí a bhfuil rian chomh mór sin fágtha ag an nGaeilge air, agus páirt a ghlacadh sa tsochaí chéanna,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Feachtas le seoladh ag CnaG dírithe ar na Nua-Éireannaigh agus an Ghaeilge'