Feachtas bunaithe chun Gaelcholáiste nua a bhunú i Maigh Eo

Deir lucht an fheachtais go bhfuil na céadta gasúr i Maigh Eo tar éis cúl a thabhairt leis an teanga mar nach raibh an rogha acu coinneáil leis an oideachas lán-Ghaeilge

Feachtas bunaithe chun Gaelcholáiste nua a bhunú i Maigh Eo

Tá feachtas ar bun chun iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i Maigh Eo agus deireadh a chur le páistí bunscoile sa chontae a bheith ag fágáil an ghaeloideachais toisc gan aon rogha eile a bheith acu.

Tá Maigh Eo ar cheann de na contaetha is measa ó thaobh líon agus céatadán na ndaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí gaelcholáiste.

Tá dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge i Maigh Eo i láthair na huaire, Coláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh agus Coláiste Chomáin i Ros Dumhach, ach níl oiread is Gaelcholáiste amháin lasmuigh den Ghaeltacht chun freastal ar dhaltaí gaelscoile an chontae.

Faoi láthair, tá breis is 650 dalta ag freastal ar cheithre bhunscoil lán-Ghaeilge i bhfoisceacht 30-40 nóiméad de Chaisleán an Bharraigh agus tá tús curtha le feachtas chun Gaelcholáiste nua a bhunú ar an mbaile chun rogha a thabhairt dóibh coinneáil leis an oideachas lán-Ghaeilge.

Spreagadh Emer Mayock agus Frainc Ó Clochartaigh, beirt a bhfuil páistí acu atá ag freastal ar Ghaelscoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh, tabhairt faoin bhfeachtas chun a chinntiú nach mbeadh “na céadta scoláirí” ag “fágáil ina ndiaidh an Ghaeilge” nuair a imíonn siad ón mbunscoil.

Tá scagadh á dhéanamh faoi láthair ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar ghearán a rinne Conradh na Gaeilge lena oifig faoi easpa scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

“Níl aon seans ag na páistí leanúint leis an tumoideachas anois mar níl aon ghaelcholáiste i gCaisleán an Bharraigh nó sa cheantar thart timpeall, fiú agus gaelscoileanna i gClár Chlainne Mhuiris, i mBéal an Átha agus i gCathair na Mart freisin,” arsa Mayock.

“Tá sé dochreidte ag an bpointe seo, 40 bliain i ndiaidh bhunú Ghaelscoil Raifteirí agus 32 bliain i ndiaidh an chéad dream teacht amach as an scoil nach bhfuil rogha ar bith ann [freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge] agus na céadta scoláirí imithe ón gcóras oideachais Lán-Ghaeilge dá bharr,” arsa Ó Clochartaigh.

Deir sé go mbíodh “saghas rogha” ag daltaí ó Chaisleán an Bharraigh freastal ar Choláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh ach gur beag éileamh a bhí ann sin a dhéanamh agus gur tháinig deireadh leis an nós blianta ó shin.

“Ó shin ar aghaidh, ní raibh aon rogha ag na scoláirí sin leanúint ar aghaidh leis an tumoideachas,” ar sé. “Is é mo thuairim agus tuairim Emer ná go bhfuil cur amú mór i gceist ansin agus deis caillte an Ghaeilge a neartú inár gceantar agus nach bhfuil muid ag dul in aon áit mar phobal Gaeilge go dtí go mbeidh an iarbhunscoil Ghaeilge seo bunaithe i gCaisleán an Bharraigh.”

Deir Ó Clochartaigh nach bhfuil sé “ceart ná cóir” nach bhfuil rogha acu siúd atá ag iarraidh freastal ar Ghaelcholáiste ina gceantar féin.

“Tá muid 100 bliain ó fuair muid ár neamhspleáchas agus fós níl cothrom na Féinne ar fáil do phobal na Gaeilge. Leanfaidh sé sin ar aghaidh mar atá go dtí go mbeidh daoine eagraithe agus sásta teacht amach le chéile agus tionchar a imirt chun an córas a athrú.”

Tá teagmháil déanta ag lucht an fheachtais nua leis An Foras Pátrúnachta chun tús a chur leis an iarracht Gaelcholáiste nua a bhunú agus deir Ó Clochartaigh go bhfuiltear ag súil le hiarratas oifigiúil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais roimh dheireadh na scoilbhliana seo.

Deir sé go raibh siad “cineál neirbhíseach” sular chuireadar tús leis an bhfeachtas, ach go bhfuil an-chuid suime léirithe ag daoine ann go dtí seo. Is í an chéad chéim eile ag an bheirt cruinniú poiblí atá le reáchtáil sa Linenhall Arts Centre i gCaisleán an Bharraigh ar an 22 Feabhra. Tá siad ag súil go léireoidh an pobal agus polaiteoirí an chontae tacaíocht bhreise don fheachtas ag an gcruinniú sin.

Dúshlán mór atá le sárú ag an bhfeachtas, dar le Ó Clochartaigh, ná nach bhfuil aon chóras ar leith ag an Roinn Oideachais do phobail lasmuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.

“Caithfidh muid meon na Roinne a athrú. Sin an dúshlán is mó atá romhainn, sílim. Tógfaidh sé sin obair mhór, obair mhór ón bpobal, obair mhór ó pholaiteoirí agus obair mhór ó chuile duine atá in ann Gaeilge a labhairt agus a bhfuil suim acu inti.”

Deir Ó Clochartaigh go mba mhaith leo go n-osclófaí an scoil “amárach” ach go gcaithfear fanacht ar fhreagra na Roinne sula mbeifear in ann tuairim a thabhairt faoi sprioc a leagan síos do bhunú na scoile nua.

Chomh maith leis an bhfeachtas a dhíriú ar an Roinn, deir Mayock go gcaithfear “na daoine a thabhairt linn freisin”. Tá an bheirt dóchasach gur féidir sin a dhéanamh agus deir siad go bhfuil “athbheochan” ar bun sa chontae i dtaobh an chultúir agus na Gaeilge.

Ceoltóir aitheanta í Mayock agus deir sí go bhfuil an-bhaint ag pobal an cheoil i Maigh Eo leis an athrú meoin atá ag tarlú.

“Tá neart ceol traidisiúnta sa chontae agus daoine nua ag dul ag foghlaim i gcónaí. Ba mhaith linne agus le tuismitheoirí go mbeadh siad ag caint as Gaeilge freisin mar chuid de sin,” arsa Mayock. “Nuair a bhí mise óg, bhí mé ag déanamh ceoil ach ní raibh mórán daoine eile ach anois tá na mílte ann agus ba cheart go mbeadh muid ag caint sa teanga dhúchais freisin.

“Tá suim ag daoine sa teanga mar chuid den chultúr. Tá an nádúr, an ceol agus spórt an-láidir mar chuid de sin cheana féin ach níl an teanga.”

“I ndáiríre, is iad na ceoltóirí traidisiúnta i Maigh Eo atá chun tosaigh maidir leis na gceist seo,” a deir Ó Clochartaigh. “Is iadsan atá ag tabhairt na ceannaireachta dúinn maidir leis an athbheochan atá ar siúl anseo i dtaobh na teanga.”

Deir Mayock go mbeidh an iarbhunscoil lán-Ghaeilge lárnach sa phlean teanga atá le cur i bhfeidhm i gCaisleán an Bharraigh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus go bhfuil “spiorad an bhaile” ag neartú i dtaobh an chultúir an t-am go léir.

“Tá a fhios agam má bhíonn Gaelcholáiste i gCaisleán an Bharraigh go n-athróidh sé rudaí chun feabhais,” a deir sí.

Meastar go gcuirfidh Oifig an Choimisinéara Teanga tús go luath le fiosrúchán féachaint an sárú ar an dlí é a laghad iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge atá ann.

13 contae atá ann nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu agus 839 dalta gaelscoile a bhí i rang a Sé sna contaetha sin i Meitheamh na bliana 2020. D’fhág sin nach raibh deis ag 18% de dhaltaí gaelscoile an stáit dul ar aghaidh go dtí gaelcholáiste ina gcontae féin mar nach raibh a leithéid ann.

De réir  tuarascála a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ag deireadh na bliana seo caite, ní dheachaigh ach 35.7% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge, de réir na bhfigiúirí nua.

Fág freagra ar 'Feachtas bunaithe chun Gaelcholáiste nua a bhunú i Maigh Eo'