Feabhas fhir ionaid na Gaillimhe, laochra Chúige Laighean, gaiscí Guardiola agus an cúl báire siúlach

Caitheann Tuairisc.ie súil ar a bhfuil le foghlaim ó scéalta móra spóirt an deireadh seachtaine

Cian Hanley Mhaigh Eo agus Johnny Heaney na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Maigh Eo cloíte ag neart an phainéil ag Gaillimh

Údar suntais é go raibh lámh ag triúr fear ionaid i gcúl cinniúnach na Gaillimhe in aghaidh Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh inné. Sheol Adrian Varley pas isteach i dtreo Ian Burke, thug seisean pas láimhe ar an bpointe do Sheán Kelly a thug an liathróid do Johnny Heaney a bháigh san eangach í.

Tá painéal láidir anois ag Gaillimh agus iad láidir go háirithe i measc na dtosaithe agus i lár páirce. Chomh maith le Varley, Burke agus Kelly, rinne Peter Cooke agus Eamonn Brannigan go maith nuair a tháinig siad chun páirce. Tá imreoirí amhail Michael Daly agus Kieran Molloy fós le filleadh chomh maith.

Ar an lámh eile, is beag tionchar a bhí ag fir ionaid Mhaigh Eo ar an imirt. D’aimsigh Cillian O’Connor cúpla cúilín tar éis dó teacht isteach ach níor fhág David Drake, James Durcan, Cian Hanley ná na hionadaithe aon rian ar an imirt.

Is cúis imní é sin do Stephen Rochford agus gá aige le painéal láidir más fúthu teacht slán ó na babhtaí cáilithe agus fanacht sa chraobh go dtí deireadh an tsamhraidh. Idir na cluichí cáilithe agus na ‘Super 8s’, chaithfeadh Mhaigh Eo seacht gcluiche a imirt i naoi seachtaine chun cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach.


Cúl báire Laoise, Graham Brody. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Deireadh seachtaine na gcúl báire a bhí ann

Deireadh seachtaine mór a bhí ann do roinnt cúl báire ar fud na tíre. San iomáint, thug Eoghan Cahill taispeántas den scoth sa Tulach Mhór Dé Sathairn agus é ag imirt a chéad chluiche craoibhe d’Uíbh Fhailí. Cé gur ghéill sé cúig chúl in aghaidh na Gaillimhe, shábháil sé poc éirice Joe Canning sa chéad leath agus rinne sé sábháil iontach eile sa dara leath chun Iománaí na Bliana 2018 a stopadh.

Sa pheil, bhí bua stairiúil ag Cill Mhantáin ar Uíbh Fhailí inné, an chéad chluiche atá buaite acu i gCraobh Laighean le cúig bliana anuas. Bhí an cúl báire Mark Johnson ar dhuine de na gaiscígh a bhí acu agus d’aimsigh sé seacht bpointe.

Ach seans gurb é an díol suntais ba mhó an taispeántas a thug Graham Brody, cúl báire Laoise, Dé Sathairn. Fuair foireann Brody an ceann is fearr ar Loch Garman i gCraobh Peile Laighean agus an chuma ar an scéal gur mhó am a chaith sé ag imirt gar do chúl na gCarmannach ná mar a chaith cuid mhaith eile d’imreoirí Laoise.

Ní tada nua é cúl báire a fheiceáil 20 nó fiú 40 slat amach óna chúl féin ach nuair a shroich Brody an líne daichead slat, choinnigh sé air ag imeacht. Chonacthas cúpla uair é sa líne lántosach agus gan duine ná deoraí ina thimpeall. Chuir a chur chuige neamhghnách mearbhall ar chosantóirí Loch Garman arís agus arís eile.

Mar a luaigh lucht anailíse The Sunday Game, seift chontúirteach é seo ach ó d’éirigh chomh maith sin le Brody Dé Sathairn, ná bíodh aon iontas ort má bhaineann roinnt foirne eile leas aisti i rith an tsamhraidh.


Pat Gilroy agus Brian Cody. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Róluath fós breithiúnas a thabhairt ar iománaithe Átha Cliath

Tháinig taispeántas iománaithe Átha Cliath aniar aduaidh ar gach duine agus cé nár éirigh leo sa deireadh ba mhaith mar a sheas siad an fód in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Parnell inné. Bhí siad chun cinn agus an t-am caite ach tháinig na Cait slán a bhuíochas de chúl Liam Blanchfield in am cúitimh.

Ar an drochuair, cé gur thug imreoirí Pat Gilroy taispeántas maith uathu, ní féidir a rá agus gan feicthe againn ach aon chluiche amháin go bhfuil a gcuid fadhbanna uile leigheasta acu. Bhí seachtar ó Chill Chainnigh ag imirt ina gcéad chluiche craoibhe agus ba nuair a tháinig beirt seanfhondúirí isteach, Colin Fennelly agus Paul Murphy, a thosaigh Cill Chainnigh ag dul i bhfeabhas.

Mar sin, is deacair a rá an bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta ag Áth Cliath ón tsraith nó arbh é easpa taithí Chill Chainnigh a chuidigh leo. I bPáirc Loch Garman a bheidh siad Dé Domhnaigh seo chugainn agus seans go dtabharfaidh an cluiche sin léargas níos fearr dúinn ar cé chomh láidir nó cé chomh lag agus atá siad.


Foireann Laighean ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Craobh na hEorpa saothraithe go maith ag Cúige Laighean

Ní mhairfidh cluiche mór rugbaí an tSathairn rófhada i gcuimhne na ndaoine ach cuimhneofar go ceann i bhfad ar an bhfeachtas eisceachtúil a bhí ag Cúige Laighean i gCorn na gCuradh. Níl aon amhras ann ach gurb iad na Laighnigh an fhoireann is fearr san Eoraip i mbliana. Más cruthúnas air sin atá uait, níl ort ach féachaint siar ar na foirne a chloígh siad chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais i gcoinne Racing 92.

I mbabhta na ngrúpaí, bhuaigh siad faoi dhó ar Montpellier, a chríochnaigh ar bharr shraith Top14 na Fraince i mbliana, agus fuair siad an ceann is fearr faoi dhó freisin ar Exeter Chiefs, a chríochnaigh ar bharr na Príomhroinne i Sasana.

Sa chluiche ceathrú ceannais, sháraigh siad Saracens, seaimpíní Chorn na gCuradh le dhá bhliain anuas, agus sa bhabhta leathcheannais bhuail na Laighnigh greadadh ar Scarlets, seaimpíní an PRO12 anuraidh.

Is iad na Laighnigh an dara foireann riamh a bhuaigh Corn na gCuradh gan aon chluiche a chailleadh agus níl aon amhras ach go raibh an corn sin saothraithe go maith acu.


Bainisteoir Manchester City, Pep Guardiola

Gaisce eile déanta ag Guardiola agus Manchester City

Cé go bhfuil an ceiliúradh déanta agus an corn bronnta orthu cheana féin, rinne foireann Manchester City gaisce eile fós sa Phríomhroinn. Bhí bua ag teastáil uathu inné chun 100 pointe a bhaint amach, gaisce nach ndearna aon fhoireann eile i stair an chomórtais.

Bhí curiarrachtaí bainte amach ag City cheana féin i mbliana, as an méid is mó cluichí a bhuachan agus as an méid is mó cúl a scóráil, agus chuir City agus Pep Guardiola a n-ainm i leabhar na staire arís eile nuair a d’aimsigh Gabriel Jesus cúl an bhua dóibh agus an t-am caite in aghaidh Southampton inné.

Deir lucht cáinte City go bhfuil na céadta milliún caite acu chun na curiarrachtaí seo a bhaint amach, rud atá fíor, ach is cinnte go bhfuil foireann den scoth curtha le chéile ag Guardiola. Mura ndéanfaidh City féin gaisce iontach eile an bhliain seo chugainn, is beag seans go sárófar na curiarrachtaí seo go ceann tamall fada.

Fág freagra ar 'Feabhas fhir ionaid na Gaillimhe, laochra Chúige Laighean, gaiscí Guardiola agus an cúl báire siúlach'