Faoiseamh fógartha do ghrúpaí teanga ó thuaidh agus éileamh déanta ar a leithéid do ghrúpaí ó dheas

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín d’eagraíochtaí pobail a thagann faoi scáth Scéim Pobal Gaeilge Fhoras na Gaeilge go mbeidh cead feasta acu cur isteach ar níos mó ná deontas amháin ón eagras trasteorann. Dúirt an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín ag cruinniú le deireanas gcuirfí deireadh leis an […]

SPG Stormont

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín d’eagraíochtaí pobail a thagann faoi scáth Scéim Pobal Gaeilge Fhoras na Gaeilge go mbeidh cead feasta acu cur isteach ar níos mó ná deontas amháin ón eagras trasteorann.

Dúirt an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín ag cruinniú le deireanas gcuirfí deireadh leis an gcosc atá ar ghrúpaí a fhaigheann maoiniú faoina Scéim Pobal Gaeilge cur isteach ar mhiondeontais eile. Dúirt an tAire freisin go gcuirfear leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do chostais oifige na ngrúpaí.

D’fhógair an tAire go mbeadh maoiniú ar fáil óna Roinn a chúiteodh leis na grúpaí agus an laghdú 20% ar an mbuiséid a rinne Foras na Gaeilge don chéad bhliain den scéim a mhairfidh ceithre bliana.

Bhuail ionadaithe ó ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste leis an Aire Ní Chuilín i Stormont le labhairt faoin infheistíocht atá á déanamh i seirbhísí Gaeilge sna ceantair atá faoina cúram.

Ba í an comhalta tionóil Rosie McCorley, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ó thuaidh, a d’eagraigh an cruinniú ag ar chuir grúpaí Gaeilge a n-imní faoi na ciorruithe in iúl.

De réir na Scéime nua a d’fhógair Foras na Gaeilge roimh an Nollaig, dhéanfaí laghdú ar mhaoiniú na ngrúpaí Gaeilge, rud a d’fhágfadh go ngearrfaí tuarastail na nOifigeach Forbartha atá fostaithe acu agus go mbeadh laghdú €4,000 in aghaidh na bliana ar an airgead a chuirfí ar fáil do chostais oifige na ngrúpaí.

Fógraíodh chomh maith go mbeadh cosc ar ghrúpaí a thagann faoi scáth na Scéime cur isteach ar mhiondeontais eile de chuid an Fhorais.

Chuir na grúpaí ‘fáilte mhór’ roimh an ‘tacaíocht leanúnach’ ón Aire Ní Chuilín agus dúirt urlabhraí dá gcuid go raibh siad ‘go mór faoi chomaoin aici’ as an airgead breise a chuir sí ar fáil do na hoifigigh fhorbartha.

“Iarraimid ar an Rialtas nua ó dheas agus orthu siúd le freagracht reachtúil as an teanga a chur chun cinn sa dá dhlínse, an tacaíocht chéanna a léiriú, ó thaobh maoiniú tuarastail de, dár gcomhghleacaithe ó dheas atá ag obair ag leibhéal pobail ar son na Gaeilge fud fad na tíre,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie

Dúirt sé freisin go gcaithfí breathnú ar thodhchaí na scéime ar mhaithe le caomhnú na teanga sna blianta amach romhainn.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhógra an Aire freisin agus d’iarr an eagraíocht ar Roinn na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil do na grúpaí ó dheas a thagann faoi scáth Scéim Pobal Gaeilge an Fhorais.

“Cuirimid fáilte mhór roimh ráiteas an Aire i leith an Scéim Phobail Gaeilge 2016-2020, is toradh é ar an stocaireacht leanúnach éifeachtach atá déanta ag grúpaí pobail Gaeilge fud fad na tíre le blianta beaga anuas.

“Béarfaidh an infheistíocht bhreise seo deiseanna do na grúpaí seo tabhairt faoi phleanáil cheart chun freastal a dhéanamh ar riachtanais phobal na Gaeilge. Is beart dearfach é seo ón roinn ó thuaidh a léirionn muinín san athbheochan pobalbhunaithe,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga an Chonartha.

Fág freagra ar 'Faoiseamh fógartha do ghrúpaí teanga ó thuaidh agus éileamh déanta ar a leithéid do ghrúpaí ó dheas'