FAOI GHLAS : An rud is annamh is iontach – leabhar maith ficsean eolaíochta i nGaeilge

Moltar sa mhír seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo, Tinte na Farraige Duibhe aistriúchán le Eoin P. Ó Murchú ar úrscéal Gáidhlig

FAOI GHLAS : An rud is annamh is iontach – leabhar maith ficsean eolaíochta i nGaeilge

De na genraíocha próis ar fad a bhfuil fáil orthu sa Ghaeilge, agus atá iomadúil, b’fhéidir gurb í an ficsean eolaíochta is gainne ar fad. Is fíor gur foilsíodh Astronár le Piaras Béaslaí, ar féidir a áiteamh go mbaineann leis an genre sin, chomh fada siar le 1928, ach seachas dornán beag gearrscéalta thall is abhus ní heol dom aon saothar eile a bhain cáil nó gradam nó iomrá beag féin amach san earnáil seo. Fágann sin gur taobh le haistriúcháin atáimid formhór an ama.

Mar shampla, dhein Panu Petteri Hoglund aistriúchán ar chlasaic Asimov Foundation mar An Fhondúireacht, agus is fiú Seraphina le Rachel Hartmann ar chuir Scott Oser Gaeilge air le déanaí a lua chomh maith, fág gur mó den fhantaisíocht seachas den eolaíocht atá ann.

Ar an gcuma chéanna aistriúchán is ea Tinte na Farraige Duibhe (Leabhar Breac €15) ar úrscéal Gáidhlig Tim Armstrong Air Cuan Dubh Drilseach (Clár £9.99) a foilsíodh ar dtús sa bhliain 2013. Is de shuimiúlacht gur fairsinge iad na húrscéalta ficsean eolaíochta sa Gháidhlig (agus sa Mhanainnis) ná mar atá sa Ghaeilge. Tá’s agam go bhfuil teoiric éigin laistiar den fhíoras sin, ach n’fheadar go díreach cad í.

Bhí ceannach maith agus caint ard ar leabhar Armstrong in Albain, agus déarfá gur cheart go mbeadh a leithéid chéanna abhus anseo leis an leagan máistriúil seo ó Eoin P. Ó Murchú a chuir Gaeilge air. Níorbh fhéidir go raibh sé furasta a dhéanamh de cheal go leor den fhoclóir teicniúil, nó bréagtheicniúil, atá ar fáil go flúirseach i dteangacha eile. Ach déantar anseo go seolta is go nádúrtha é ar shlí go dtiteann friotal na fáistineachta go triopallach ó do theanga chomh nádúrtha le muc ar gach mala.

Ach cad tá sa scéal, fiafraíonn tú? Scéal eachtraíochta, scéal tóraíochta, scéal spiaireachta, scéal ceannairce, scéal grá (de shaghas), scéal fáistineach. Agus ó luaigh mé an nath ‘scéal fáistineach’, nárbh fhearr mar theideal ar an téarma idirnáisiúnta SF é ná an rud leamh litriúil atá anois againn?

Triúr, go háirithe, a ghluaiseann an scéal, mar atá, Sál, Ríosa agus A-Hiom. Duine acu seo is neach daonna é, duine eile ‘cibirniteach’, agus an tríú duine, bhuel, caithfear an scéal a léamh lena réiteach. Ach is leor a rá go bhfuil saghsanna éagsúla trasphóir agus idir eatarthúigh go flúirseach san insint idir leathchrogaill agus chroschineálaigh agus domhandaigh féin, rud a fhágann go bhféadfaimis a bheith ag féachaint ar an ‘ré iardhaonna’ amach anseo.

Deir carachtar amháin nach foláir dóibh a ‘bheith ag teicheadh go síoraí’, agus smut mór de thógáil an scéil is ea an méid sin. Óir, caitheann an triúr lárnach seo teicheadh ó phláinéad go pláinéad, ó Roghail a bhfearann dúchais, go Na Hasta agus Neasg agus Toradon, agus chun an domhainín bhig seo féin. Tá daoine ón gComhghuaillíocht Idir-Réaltach ina ndiaidh, go háirithe Sadb, nach ndeirtear linn conas a hainm a rá. Ní mór é a meas ar an mbulgóid seo againne mar go bhfuil ‘a sibhialtacht phrimitíbheach go maith i gcomórtas lenár gceann-na.’ An méid seo in ainneoin go dtuirlingíonn siad gar do San Francisco. (Ach cén fáth a dtuirlingíonn daoine anuas ón spás i gcónaí i Meiriceá, seachas in Kisunu, Kaku, Kyyy nó ar mhachairí méithe na Mí féin?).

Ní féidir le húdar gan beachtaíocht idirthíortha a dhéanamh nuair is é San Francisco láthair an phlé, agus ní go ró-mhaith a thagann as in ainneoin an cheoil rap a thugann ardú meanman dóibh agus don insint bhríomhar nuair atáimid ina ghá. Is sciliúil mar a éiríonn le hÓ Murchú an rap a ghaeilgiú, mar cé go bhfuil an rithim bhunaidh ann, chuirfeadh nath nó dhó duine dá threoir sa chumadóireacht seo.

Ar an gcuma chéanna tugann sé leis cuid d’insint chaolchúiseach an údair. Tá áit amháin ar phláinéad eile go labhartar Gaeilge sa leagan Gáidhlig. Sa leagan Gaeilge cuirtear Gáidhlig air sin! Cuireann sé Gaelainn na Mumhan (nó le bheith níos cirte, Gaelainn Chiarraí, nach ionann í) i mbéala A-Hiom ar cibiriteach é, agus mé fós ag taighdeadh liom im intinn cad is brí leis seo! Agus tá gliocais eile fairis sin ann. In San Francisco dóibh tugtar Béarla dúinn faoi chló na Gaeilge mar a dhéanadh Myles na gCopaleen: ‘Bhuelcom tú ár humball hóm’, nó go deimhin, tá rud éigin ‘fogan frící’.

Ach ní hé an greann folaigh ná an insint chaolchúiseach is cás linn ach gur píosa léitheoireachta é a thugann siar amach tú, nuair is iomaí sin brí atá le siar amach. Tá cúpla radharc ann a bhainfidh den talamh tú, go háirithe an ceann ina bhfuil ríomhaire atá ceangailte le hintinní agus le coirp daoine.

In ainneoin a bhfuil de chineálacha de neachanna anseo, is scéal daonna atá ann ar deireadh, óir mura mbeadh, ar éigean go mbeimis in ann é a thuiscint ná spraoi a bhaint as. Agus scéal é seo a bhfuil spraoi agus tuiscint agus go leor thairis sin ann go gúgallach.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS : An rud is annamh is iontach – leabhar maith ficsean eolaíochta i nGaeilge'

  • Cathal Póirtéir

    Níor chóir Dave Duggan, Pól Ó Cainnín nó Tomás Mac Síomóin a fhágáil as an áireamh agus fiscean eolaíocht faoi chaibidil – saothar atá i gcló i gcónaí.